ID FÓGRA 224438

Leas-Phríomhoide

.

Gaelscoil Chill Dara

An Bóthar Glas
An Currrach
R56PR22
.

PRÍOMHSHONRAÍ

Stádas:
Díghníomhaithe
Leibhéal:
Bunscoil
Dáta Postáilte:
Déar MFómh 5 2024 14:09:59
Spriocdháta le haghaidh Iarratas:
Aoine MFómh 20 2024
Dáta Tosaithe:
Luan Samh 4 2024
Stádas an Phoist:
Buan
.
SONRAÍ SCOILE
Cineál Scoile:
Príomhshruth
Struchtúr na Scoile:
Ingearach
Inscne:
Comhoideachas
Pátrúnacht na Scoile:
An Foras Patrúnachta
Rangú:
Gaelscoil
Líon Iomlán na mBall Foirne Múinteoireachta:
26
Rolla Reatha:
310
Scoil Droichead:
Gaelscoil
.

SONRAÍ AN PHOIST

Painéal Iarratasóirí:
Féadfar painéal inmheánach d’iarratasóirí oiriúnacha a bhunú chun folúntais a líonadh a d’fhéadfadh teacht chun cinn laistigh de thréimhse ama ar leith ón dáta a fhaomhfaidh an Bord an t-iarrthóir rathúil (ceithre mhí i gcás poist mhúinteora agus fad na scoilbhliana do phoist CRS).
Eolas Breise:
Is mian le Gaelscoil Chill Dara Príomhoide Tánaisteach a cheapadh. Is post buan é seo mar a leagtar amach i gCiorclán 0044/2019.

Is Gaelscoil chomhoideachasúil ar imeall an Churraigh í Gaelscoil Chill Dara. Tá tumoideachas i bhfeidhm tríd an scoil. Is Scoil Chaitliceach faoi Phatrúin an Fhorais í. Ní mór don t-iarrathóir rathúil leiriú go mbeidh siad in ann éiteas na scoile a stiúradh agus a neartú. Beidh sárscileanna cumarsáide, ceannaireachta, bainistíochta, teanga ag an té a cheapfar. Tá foireann thiomanta agus gairmiúil ag obair sa scoil agus baineann daltaí na scoile luach as an timpeallacht álainn dhearfach foghlama.

Is folúntas do Príomhoide Tánaisteach é seo agus post buan i gcáil mhúinteoireachta a líonfar trí chomórtas oscailte. Socraítear róil agus freagrachtaí riachtanacha phost an Príomhoide Tánaisteach faoi na réimsí a leagtar amach sa cháipéis Ag Breathnú ar an Scoil Againne 2022

Réimse 1: Ceannaireacht ar fhoghlaim agus ar theagasc
Réimse 2: An eagraíocht a bhainistiú
Réimse 3: Ceannaireacht ar fhorbairt na scoile
Réimse 4: Acmhainn na ceannaireachta a fhorbairt

Ag teacht leis na réimsí thuasluaite, agus ag obair go dlúth leis an bPríomhoide, bainfidh freagrachtaí an phoist seo le forbairt churaclaim uile-scoile, forbairt polasaithe, bainistíocht laethúil na scoile agus pleanáil straitéiseach d’fhorbairt na scoile. Beidh ard-chaighdeán Gaeilge labhartha agus scríofa, agus súim sa Ghaeilge a chur chun cinn i bpobal na scoile riachtanach.

Beidh na scileanna agus na hinniúlachtaí thíos ina mbuntáiste d’iarratasóirí:
Tuiscint ar an bpróiseas féinmheastóireacht scoile agus forbairt polasaithe.
Saineolas ar cheannaireacht, bainistíocht agus riarachán scoile.
Ardscileanna cumarsáide agus idirphearsanta mar aon le cumas daoine a bhainistiú.
Tiomantas don cheannaireacht roinnte agus acmhainn na ceannaireachta a fhorbairt sa scoil.

Chun iarratas a dhéanamh ar an bpost seo, ní mór Foirm Iarratais ar phost an Phríomhoide Tánaisteach a sheoladh chuig Cathaoirleach an Bhord Bainistíochta, Colm Ó Gógáin, Uasal ag post2024@gaelscoilchilldara.com faoi 5 i.n. ar an spriocdháta, 20 Meán Fómhair 2024.
.

RIACHTANAIS IARRATAIS

.

Is féidir iarratais a chur isteach trí

  • Ríomhphost
.

CUIR IARRATAS ISTEACH AR AN bhFOLÚNTAS SEO

Uimhir Rolla:
20023A
Cuir Iarratas Chuig:
Cathaoirleach an Bhord Bainistíochta, Colm Ó Gógáin
Contae:
Cill Dara

COMHROINN AN FÓGRA SEO