ADVERT ID 219241

Deputy Principal

.

Scoil Cholmain

Muigh-Inis
Carna
.

MAIN DETAILS

Status:
Active
Level:
Primary
Date Posted:
Mon Jun 24 2024 13:30:04
Application Closing Date:
Mon Jul 8 2024
Commencement Date:
Wed Aug 28 2024
Status of Post:
Permanent
.
SCHOOL DETAILS
School Type:
Mainstream
School Patronage:
Catholic
Classification:
DEIS Rural
Total No. of Teaching Staff:
3
Current Enrolment:
13
Droichead school:
Yes
.

POST DETAILS

Additional Information:
Is Scoil Ghaeltachta Tuaithe DEIS le beirt mhúinteoirí í Scoil Cholmáin Muigh-Inis le 2 mhúinteoir ranga, agus post eile comhdhéanta d’uaireanta oideachais speisialta, lá scaoileadh an Phríomhoide agus uaireanta Tacaíochta Gaeilge.
Is folúntas do Leas Phríomhoide é seo agus post buan i gcáil mhúinteoireachta a líonfar trí chomórtas oscailte.
Ní mór d’iarratasóirí teastas aitheanta a bheith acu chun reiligiún a mhúineadh ,tuiscint a bheith acu ar éiteas Bunscoil Chaitliceach agus a bheith tiomanta dó.
Socraítear róil agus freagrachtaí riachtanacha phost an Phríomhoide ag na 4 Fearainn Ceannaireachta agus Bainistíochta mar atá leagtha amach i gCaibidil 4 de Chiorclán ROS 0044/2019:
1. Teagasc agus Foghlaim a Threorú
2. An Eagraíocht a Bhainistiú
3. Forbairt Scoile a Threorú
4. Inniúlacht Ceannaireachta a Fhorbairt

Beidh an t-iarrthóir rathúil ina chuid ríthábhachtach d’fhoireann cheannaireachta agus bhainistíochta na scoile, agus is é freagracht iomlán an duine seo ná tacaíocht iomlán a thabhairt don Phríomhoide i gcomhbhainistíocht agus i bhfás agus i bhforbairt leanúnach na scoile.
De réir Imlitir 0044/2019, ba chóir a thabhairt faoi deara, de réir mar a thagann athrú leanúnach ar riachtanais na scoile agus mar thoradh ar athbhreithniú na dhualgaisí, go bhféadfadh athrú a bheith ar róil agus freagrachtaí na foirne ceannaireachta agus bainistíochta . De bharr freagrachtaí an róil freisin beidh ar an iarrthóir rathúil a bheith rannpháirteach sa ról ceannaireachta comhroinnte lasmuigh den ghnáth lá scoile agus den ghnáth scoilbhliain, ag amanna. Seachas dualgais shonracha riaracháin agus bhainistíochta a chomhlíonadh, tá ról ceannaireachta agus spreagtha comhroinnte ag an Leas bPríomhoide .
Le chéile, tá an Príomhoide agus an Leas Phríomhoide ar fhoireann bhainistíochta shinsearach na scoile agus oibreoidh siad le chéile chun aidhmeanna agus cuspóirí na scoile a chomhlíonadh.
Beidh ar an Leas bPríomhoide ionadaíocht a dhéanamh don Phríomhoide i ngach ábhar a bhaineann le cúrsaí eagrúcháin, riaracháin agus smachta laistigh den scoil le linn don phríomhoide a bheith as láthair. Sannfar ról an Leas-Dhuine Caidrimh Ainmnithe ar an Leas Phríomhoide freisin, mar chuid don Cosaint Leanaí.
Oibreoidh an Leas Phríomhoide i gcónaí i gcomhar leis an bPríomhoide agus faoi stiúir an Phríomhoide.

Ina theannta sin, tá na scileanna, an taithí agus an t-eolas seo a leanas inmhianaithe:

Eolas leathan ar churaclam na bunscoile, mar aon le raon leathan taithí teagaisc lena n-áirítear taithí ar ranganna ilghrád a mhúineadh agus ar theagasc i suíomh DEIS.
Tiomanta d'fhorbairt ghairmiúil leanúnach agus ábhartha.
Ard chaighdean Gaeilge labhartha agus scríofa. Suim sa teanga agus í a chur chun cinn i bpobal na scoile.
Sár-scileanna bainistíochta daoine agus idirphearsanta.
Cumas cruthaithe a bheith ag obair mar cheannaire foirne agus mar bhall foirne.
Eolas agus taithí ar phróiseas Droichead agus ar mheantóireacht agus ionduchtú baill foirne nua.
Taithí ar ualach oibre a chur in ord, a phleanáil agus a eagrú.
Tuiscint agus inniúlacht i TFC agus a húsáid do obair riaracháin agus obair a bhaineann le oideachais, mar aon le cur le chéile agus cur i bhfeidhm polasaí.
Taithí i bhforbairt, i gcur i bhfeidhm, i bhfeidhmiú agus i meastóireacht ar thionscnaimh agus ar thionscadail nuálacha scoilbhunaithe (m.sh. Scoileanna Glasa, Scoileanna Gníomhacha, Litearthacht agus tionscadail STEM srl).


Suim láidir i naisc agus gníomhaíochtaí dearfacha baile-scoile-pobail a chothú agus a chothabháil agus an tábhaicht leis an ceangail sin a thuiscint agus a neartú.
Toilteanas agus cumas cultúr láidir cúraim, folláine, foghlama agus cruthaitheachta a chur chun cinn i measc phobal na scoile.
Suim i gCeol, Dramíocht agus i gCultúr na hÉireann.
Suim inléirithe i gcur chun cinn éagsúlacht Gníomhaíochtaí Seach-churaclaim (m.sh. Ceol, Spórt, Drámaíocht, Na hEalaíona agus STEM) i measc na ndaltaí scoile.

Ba chóir go léireodh litir chlúdaigh an iarratais do oiriúnacht don phost.
Déan iarratas le do thoil ag baint úsáide as an leagan reatha den Fhoirm Iarratais Chaighdeánach do Phríomhoide Bunscoile/Leas-Phríomhoide.
Iarratais le cur isteach sa phost nó ag ríomhphost tráth nach déanaí ná 4pm ar an dáta deiridh 08/07/2024 agus marcáil an clúdach le do thoil "Iarratas Leas-Phríomhoide".

Beidh an ceapachán faoi réir, ach gan a bheith teoranta do:
Tagairtí Sásúla
Clárú na Comhairle Múinteoireachta reatha agus leanúnach
Riachtanais Ghrinnfhiosrúcháin Reatha
Scagadh Sláinte Ceirde

CUIMHNIGH, le do thoil, cóipeanna de do Theastas Aitheanta chun an Creideamh a Mhúineadh agus Clárú na Comhairle Múinteoireachta le d’fhoirm iarratais agus litir iarratais.

Cuir ‘Iarratas Leas-Phríomhoide’ ar an gclúdach le do thoil
.

APPLICATION REQUIREMENTS

.

Applications may be submitted by

  • Email

  • Post
.

APPLY TO THIS JOB VACANCY

Roll Number:
17770U
Apply To:
An Chathaorlach
Mícheal S Mac Donnacha
Scoil Cholmáín
Muigh-Inis
Carna
Co .a Gaillimhe
H91Y8K0
County:
Galway

SHARE THIS ADVERT