ID FÓGRA 168854

Leas-Phríomhoide

.

Scoil Lorcain

Scoil Lorcáin
Cearnog Eaton
An Charraig Dhubh
A94F596
.

PRÍOMHSHONRAÍ

Stádas:
Díghníomhaithe
Leibhéal:
Bunscoil
Dáta Postáilte:
Céad Beal 11 2022
Spriocdháta le haghaidh Iarratas:
Céad Beal 18 2022
Dáta Tosaithe:
Céad Lún 31 2022
Stádas an Phoist:
Buan
.
SONRAÍ SCOILE
Cineál Scoile:
Príomhshruth
Struchtúr na Scoile:
Ingearach
Inscne:
Comhoideachas
Pátrúnacht na Scoile:
Caitliceach
Rangú:
Gaelscoil
Líon Iomlán na mBall Foirne Múinteoireachta:
23
Rolla Reatha:
487
Scoil Droichead:
Gaelscoil
.

SONRAÍ AN PHOIST

Eolas Breise:
Is scoil lán-Ghaelach i Scoil Lorcáin. Is gá caighdéan ard Gaeilge a bheith ag an iarrthóir.

Dualgaisí
An eagraíocht a bhainistiú
Comhoibriú leis an bPríomhoide mar chuid d’ardbhainistíocht na scoile, páirt a ghlacadh i gcomhairliú agus cinntí. Sainsprid Ghaelach na scoile a chothú.
A bheith ar fáil dhá lá roimh thús na scoilbhliana chun tacú leis an athoscailt.
Cabhrú ar maidin le bainistiú na bpáistí nuair a scaoiltear isteach go luath iad ar maidin nó ag am clóis nuair a bhíonn sé ag cur báistí.
Tacaíocht don Phríomhoide nuair a bhíonn múinteoir ranga as lathair agus socruithe á ndéanamh don rang.
Tacú le foireann na scoile agus cabhrú le déileáil le dúshláin.
Maoirseacht Iarscoile Dé Luain

Tástáil Chaighdeánach
Bainistiú ar Thástáil Chaighdeánach - eagrú, amchlár, ceartú, bailiú sonraí, ionchur na dtorthaí ar chinntí maidir le OS, cumarsáid le tuismitheoirí nuair is cuí

Teagasc agus Foghlaim a threorú
Oideachas Speisialta,
Bainistiú OS sa scoil , amchláracha, roghnú daltaí, cláracha tacaíochta, cumarsáid le tuismitheoirí,
Múinteoir Ranga agus MOS a stiúradh maidir le Pleananna Oideachais Aonair a chur le chéile agus a choimeád chun dáta.
Bainistiú ar Thuairiscí Siceolaíochta is rl agus cruinnithe leis na gairmiúlaigh, a chinntiú go bhfuil tuairiscí curtha suas ar Aladdin.
Teangmháil leis an Siceolaí scoile/ NEPS , cásanna agus tuairiscí a phlé , measúnaithe a eagrú, comhordú idir tuismitheoirí agus múinteoirí ranga.
Bainistiú ar chruinnithe Múinteoirí Ranga/ MOS/ CRS/ tuistí.Bainistiú ar chruinnithe agus cumarsáid le tuismitheoirí dhaltaí le riachtanais speisialta .
Forbairt Scoile a threorú
Litearthacht Bhéarla
Cur chuige/ straitéis na scoile maidir leis an Litearthacht/ Curaclam Teanga na Bunscoile Béarla a chur síos agus a mhaoirsiú, m.sh. Amchlár, téacsleabhair agus áiseanna eile múinteoireachta
Bainistiú a dhéanamh ar ghné Litearthachta Béarla a bheith mar chuid den Phlean Feabhsúchán Scoile gach bliain.
Cur chuige na scoile maidir le measúnú litearthachta sa Bhéarla, mar chuid den bhFillteán Measúnaithe/measúnú an mhúinteora a bhainistiú.
Inseirbhís maidir leis an Litearthachta (Béarla) a stiúradh.

Inniúlacht cheannaireachta a fhorbairt
Baill foirne na scoile a spreagadh chun ceannaireacht a ghlacadh agus a fhorbairt.
Freastal ar fhorbairt ghairmiúil leanúnach a bhaineann leis an ról.
.

RIACHTANAIS IARRATAIS

  • Litir Iarratais

  • Réiteoirí (ainm, ról, uimhir theagmhála.)

  • CV (Ceanglóir Neamhcheangailte/Sleamhnán)
.

Is féidir iarratais a chur isteach trí

  • Ríomhphost
.

CUIR IARRATAS ISTEACH AR AN bhFOLÚNTAS SEO

Uimhir Rolla:
18451J
Cuir Iarratas Chuig:
An Cathaoirleach
agallaimhscoillorcain@gmail.com
Contae:
Baile Átha Cliath
Ceantar Poist:
County Dublin
01 2808906
Suíomh Gréasáin:

COMHROINN AN FÓGRA SEO