ADVERT ID 128892

Oifigeach Forbartha

.

Glór na nGael

Ráth Chairn
Baile Átha Buí
C15 Y7CY
.

MAIN DETAILS

Status:
Deactivated
Level:
Other Education
Date Posted:
Tue Oct 15 2019 21:36:05
Application Closing Date:
Mon Oct 28 2019
Commencement Date:
Mon Dec 2 2019
Status of Post:
Other
Number of Vacancies:
2
.

POST DETAILS

Title:
Oifigeach Forbartha
Description:
Próifíl na bPost

Poist fhorbartha atá i gceist leis na poist seo.

Beidh orthu siúd a cheapfar do chuile ról tabhairt faoi;
● Seirbhísí Ghlór na nGael sna 3 príomhréimse: Pobal, Teaghlaigh le Gaeilge & Gnó / Fiontraíocht a fhorbairt sna contaetha a leanas go príomha:
o OF 1: Tiobráid Árann, Laois & Uíbh Fhailí
o OF 2: An Iarmhí, Ros Comáin, An Longfort & An Cabhán*

● Tacú le clárú, forbairt agus buanú na teanga i gclubanna CLG trí Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Donnchadha**, líonraí Teanga Tí***, scéim tacaíochta teaghlaigh Gaeilge Ghlór na nGael, coistí Ghlór na nGael, coistí nua agus neamhfhorbartha (Céimeanna****) san áireamh trí thimireacht agus tacaíocht a sholáthar.

● Tacú le comhthionscadail idireagraíochta de réir mar is cuí.

● Seirbhísí a bheadh úsáideach do mhórphobal na Gaeilge & na Gaeltachta a fhorbairt.

*Bíonn Glór na nGael ag feidhmiú ar bhonn uile-oileánda agus bíonn cúraim uile-oileánda ag gach fostaí dá réir sin. D’fhéadfaí cúraim na gcontaetha thuasluaite athrú de réir riachtanais ghnó na heagraíochta. Beidh solúbthacht áirithe maidir le lonnaíocht an phoist ach beidh gá a bheith i láthair in oifigí Ghlór ó am go ham.

**Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha
Is scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus de chuid an Chumainn Lúthchleas Gael í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha le haghaidh clubanna CLG ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn.

Tá formhór na gclubanna ag cur na Gaeilge chun cinn ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Is é cuspóir na fondúireachta seo ná na hiarrachtaí sin a fhorbairt ar bhonn tomhaiste agus pleanáilte.

Cuireann Glór na nGael cuidiú ar fáil d’Oifigeach Gaeilge an Chlub i bhfoirm comhairle agus tacaíochta le tógáil ar an obair mhaith atá á déanamh sa chlub cheana féin.

Is féidir deontas a lorg ón bhFondúireacht chun cuidiú leis na pleananna sin a chur i gcrích agus bronnfar bonn ar na clubanna as méid áirithe a bhaint amach ar son na teanga.


***Teanga Tí
Tá Glór na nGael agus Gaeloideachas Teo. ag forbairt ghréasáin de theaghlaigh Ghaeilge i scoilphobail scoileanna lánGhaeilge agus Gaeltachta. Beidh imeachtaí na scéime ag feidhmiú lasmuigh de gheataí agus de ghnáth uaireanta na scoile.

Is é sprioc na scéime ná spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh pháistí naíonáin shinsir na Gaeilge a labhairt níos minice sa bhaile. Is scéim uileghabhálach í a fhreastalóidh ar riachtanais teanga teaghlaigh difriúla.

Is féidir go mbeadh Gaeilge measartha ag tuismitheoirí agus iad ag iarraidh feabhas a chur lena gcumas nó iad ar bheagán Gaeilge ach gur mian leo caighdeán níos airde a bhaint amach. Beidh ciste tacaíochta mar chuid den scéim. Tacaíonn an maoiniú seo le heagrú imeachtaí do na teaghlaigh rannpháirteacha.
Breis eolais faoi Theanga Tí ar fáil anseo.

****Céimeanna
Is é cuspóir na scéime seo ‘Céimeanna’ ná cur chuige tomhaiste, straitéiseach agus éifeachtach i dtaobh cur chun cinn na teanga de a chothú i measc coistí pobail.

Is mian linn cuidiú le grúpaí úra agus grúpaí beaga chun bheith in ann a mianta féin maidir leis an Ghaeilge sa phobal a chomhlíonadh. Tríd an scéim seo, cuirfidh foireann Ghlór na nGael comhairle ar ghrúpaí Gaeilge le go mbeidh siad in ann forbairt chun freastal ar riachtanais phobal Gaeilge faoi bhláth. Moltar go gcuirfidh coistí an liosta de 20 gníomh i gcrích taobh istigh de thréimhse 2 bhliain. Tacóidh Glór na nGael le hiarrachtaí na ngrúpaí seo trí comhairle agus tacaíocht a chur ar fáil ag gach céim den phróiseas agus tá deontas de €500 in aghaidh na bliana ar fáil chomh maith chun caitheamh ar fhorbairt ghairmiúil an ghrúpa.



Cur síos ar an té a cheapfar

● Céim ábhartha nó a chomhionann de thaithí
● Tá éirithe go maith leis nó léi go dtí seo i réimsí Gaeilge, CLG, teaghlaigh le Gaeilge, forbartha pobail, na gaelscolaíochta, agus/nó gnó/fiontraíocht (le Gaeilge).
● Ardscileanna cumarsáide idir labhartha agus scríofa, i nGaeilge (ag leibhéal B2 TEG) agus i mBéarla.
● Ardscileanna idirphearsanta
● Gníomhach á c(h)oinneáil féin eolach ar chúrsaí Gaeilge, CLG, agus forbartha pobail.
● Ar a c(h)umas obair as lámha a chéile le baill foirne agus le hoibrithe deonacha
● Spéis ar leith san fhoghlaim ar feadh an tsaoil.
● Ceadúnas iomlán, fáil ar ghluaisteán le hárachas úsáid ghnó.


Grád: Oifigeach Feidhmiúcháin
Scála Tuarastail: De réir pá scála an Oifigigh Feidhmiúcháin (EO), Ciorclán 20/2018, Aguisín 2A: €29,609 - €49,960.

Téarma: Conradh 3 bliana

Tá an post seo maoinithe ag an Roinn Cultúir Oidhreachta agus Gaeltachta, faoi Scéim Tacaíochta Gaeilge.


Painéal
Cuirfear painéal d’iarrthóir infhostaithe ag leibhéal Oifigeach Feidhmiúcháin le chéile mar chuid den phróiseas earcaíochta seo. Feidhmeoidh an painéal ar feadh tréimhse bliana ó fhógairt spás ar an bpainéal leis an iarrthóir.

Spriocdháta:
Is gá CV as Gaeilge agus litir chumhdaigh as Gaeilge a chur chuig sean@glornangael.ie faoin Luan, 28 Deireadh Fómhair 2019 ag 5.00i.n.

Beidh na hagallaimh don ról seo ar siúl i Ráth Chairn go luath tar éis an spriocdháta thuas luaite.

Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí (RGCS)
Ar mhaithe lenár ndualgais a chomhlíonadh faoi RGCS tá sé riachtanach dúinn cúis dleathach a bheith againn do chuid sonraí pearsanta mar a bhaineann sé le d’iarratas a phróiseáil agus a stóráil.

Is cóir don iarrthóir a thuiscint go bhfuil leas dlisteanach ag Glór na nGael faoi reachtaíocht fostaíochta na sonraí seo a choimeád ar feadh tréimhse bliana.

Scriosfar na sonraí pearsanta seo nuair a théann an tréimhse ama sin in éag nó i gcás iarrthóir rathúil, tar éis bliana ó dháta críche na fostaíochta leis an eagraíocht.
.

APPLICATION REQUIREMENTS

  • Letter of Application

  • Referees (name, role, contact no.)

  • CV (Unbound/Slide Binder)
.

Applications may be submitted by

  • Email

  • Post
.

APPLY TO THIS JOB VACANCY

Apply To:
Ráth Chairn
Baile Átha Buí
C15 Y7CY
County:
Meath
Enquiries To:
0469430974
Further Information:

SHARE THIS ADVERT