Téarmaí agus Coinníollacha
Is le IPPN an cóipcheart don fhaisnéis ar an suíomh seo. Ní mór cead a lorg agus a fháil le húsáid a bhaint as aon chuid den ábhar atá ar an suíomh.
Agus cuardaitheoirí post agus fógróirí post, dá dtagrófar amach anseo mar 'Úsáideoirí', ag fáil rochtana ar an suíomh seo agus ag baint úsáide as, glacann siad le forálacha an chomhaontaithe seo. Baineann na téarmaí agus coinníollacha le húsáid na ngnéithe go léir a bhaineann le EducationPosts.ie.
COMHAONTÚ
Coimeádann EducationPosts.ie an ceart diúltú d'ord nó d'iarratas gnó a dhéanamh, glacadh le hord nó d'iarratas dá leithéid agus/nó ord nó iarratas dá leithéid a chur i ngníomh gan aon chúiseanna a thabhairt chuige sin.
Coimeádann EducationPosts.ie an ceart freisin orduithe in EducationPosts.ie a chealú ina n-iomláine nó i bpáirt dá rogha aonair agus dá lánrogha féin.
ATHRUITHE AGUS LEASUITHE
Coimeádann EducationPosts.ie go sainráite an ceart, dá rogha aonair agus dá lánrogha féin, aon chritéir agus faisnéis sna téarmaí agus coinníollacha seo agus aon fhaisnéis ar shuíomh gréasáin EducationPosts.ie a athrú agus/nó a leasú. Déanfaidh EducationPosts.ie a dhícheall réasúnta an tÚsáideoir a chur ar an eolas roimh ré faoi aon leasú.
Coimeádann EducationPosts.ie an ceart na praghsanna agus na rátaí atá luaite ar a shuíomh gréasáin a athrú agus a leasú. Déanfaidh EducationPosts.ie a dhícheall réasúnta an tÚsáideoir a chur ar an eolas roimh ré faoi aon leasú.
Glacann an tÚsáideoir de chúram air féin suíomh gréasáin EducationPosts.ie a sheiceáil go minic agus eolas a chur ar athruithe agus/nó leasuithe ar an bhfaisnéis a sholáthraítear ar an suíomh gréasáin.
NA SEIRBHÍSÍ
Déanfaidh EducationPosts.ie a dhícheall réasúnta chun a chinntiú go mbeidh seirbhís ar fáil gan chur isteach agus gan bhriseadh. Ní féidir le EducationPosts.ie infhaighteacht na seirbhíse a chinntiú i gcónaí.
Beidh EducationPosts.ie i dteideal a sheirbhísí d'Úsáideoirí a leasú, a fheabhsú, a fhorbairt nó a scor gan fógra.
Déanfaidh EducationPosts.ie a dhícheall réasúnta réamhfhógra a thabhairt don Úsáideoir faoi aon leasú ar a sheirbhísí, faoina gcur ar fionraí nó faoi dheireadh a chur leo, agus déanfaidh sé a dhícheall fad aon tréimhse fionraí a íoslaghdú oiread agus is féidir go praiticiúil.
Coimeádann EducationPosts.ie an ceart na seirbhísí a athrú nó deireadh a chur leo agus/nó na téarmaí agus coinníollacha seo a athrú ar mhaithe le soláthar na seirbhíse aon am.
ADMHÁLACHA AGUS CÚRAIMÍ ÚSÁIDEOIRÍ
Aithníonn agus tuigeann Úsáideoirí go bhfeidhmíonn EducationPosts.ie mar bhealach chun faisnéis agus ábhar a sholáthar.
Aithníonn Úsáideoirí nach EducationPosts.ie a bheidh freagrach as aon ábhar a chuirfear ann agus nach mbeidh sé faoi dhliteantas ina leith agus gurb an tÚsáideoir atá lánfhreagrach as an ábhar.
Déanfaidh Úsáideoirí de réir na reachtaíochta agus na rialachán is infheidhme ina ndlínse féin.
Tá sé mar fhreagracht ar Úsáideoirí a chinntiú go bhfuil siad eolach ar na dlíthe, na rialacháin agus na Cóid Iompair uile is infheidhme a gcaithfidh siad déanamh dá réir agus go gcomhlíonfaidh siad iad.
Ní fhéadfaidh Úsáideoirí an tseirbhís EducationPosts.ie a úsáid, ná ligean go feasach d'aon duine eile í a úsáid, chun aon chuspóra a tharraingeodh droch-chlú ar EducationPosts.ie ná chun aon chuspóra atá, dar le EducationPosts.ie, mícheart, mí-mhorálta nó neamh-inmhianaithe.
Ní ligfidh Úsáideoirí go ndéanfaí aon rud a mbeadh dochar do ghníomhaíochtaí bona fide EducationPosts.ie nó do leas nó dea-thoil EducationPosts.ie ná bac orthu mar thoradh leis, agus ní dhéanfaidh na hÚsáideoirí féin a leithéid de rud, agus ní dhéanfaidh Úsáideoirí faillí i ndáil le gníomhaíochtaí agus leas EducationPosts.ie agus dea-thoil ina leith.
I gcás sárú ar aon dlí, rialachán nó cód iompair infheidhme nó ar aon fhoráil de chuid na dtéarmaí agus coinníollacha seo, nó sa chás ina bhfaighidh EducationPosts.ie gearán faoi Úsáideoir, féadfaidh EducationPosts.ie dá rogha féin deireadh a chur le seirbhísí d'Úsáideoir gan aisíocaíocht a thabhairt agus gan dochar d'aon chearta eile a bheadh aige de réir an dlí nó de réir na dtéarmaí agus coinníollacha seo.
CLÁRÚCHÁN
AGUS SLÁNDÁIL
Chun clárú chun úsáid a bhaint as na seirbhísí, ní mór d'Úsáideoir an próiseas clárúcháin a chomhlánú agus faisnéis atá cothrom le dáta, iomlán agus cruinn a sholáthar d'EducationPosts.ie de réir mar a iarrfaidh EducationPosts.ie í. D'fhéadfadh deireadh leis an tseirbhís don Úsáideoir a bheith mar thoradh ar mhainneachtain faisnéis chruinn, iomlán a sholáthar ar a chlárú dó.
Ní mór d'Úsáideoirí Ainm Úsáideora agus pasfhocal a roghnú. Is iad na hÚsáideoirí féin atá freagrach as a nAinmneacha Úsáideora agus a bpasfhocail a choinneáil faoi rún agus glacann Úsáideoirí mar chúram orthu féin gan a nAinm Úsáideora ná a bpasfhocal a nochtadh do dhaoine eile.
Is é an tÚsáideoir atá lánfhreagrach as aon ghníomhaíocht agus as gach gníomhaíocht a thitfidh amach ar a chuntas féin agus beidh an tÚsáideoir faoi dhliteanas docht gach muirear a thabhófar ar a chuntas a íoc, is cuma cé acu an tÚsáideoir féin nó duine eile, údaraithe nó neamhúdaraithe, d'aon ghnó nó dá bhuíochas féin, a thabhóidh an muirear sin, agus is cuma an muirear a bheith mar thoradh ar víreas, haiceáil nó sárú slándála.
Aontaíonn an tÚsáideoir EducationPosts.ie a chur ar an eolas láithreach faoi aon úsáid neamhúdaraithe ar a chuntas nó faoi aon sárú slándála eile.
Aon duine a chuirfidh aon chód neamhúdaraithe, díobhálach nó mailíseach chuig an suíomh gréasáin seo, nó a dhéanfaidh iarracht déanamh amhlaidh, nó a dhéanfaidh iarracht rochtain neamhúdaraithe a fháil ar aon leathanach ar an suíomh gréasáin seo, beidh sé faoi dhliteanas coiriúil, agus sa chás ina ndéanfar aon damáiste do EducationPosts.ie nó ina mbeidh aon chaillteanas aige, éileofar damáistí sibhialta.
Sa chás inar mian le cuideachta duine/fostaí eile a chur in áit duine/fostaí atá ag baint úsáide as cuntas EducationPosts.ie agus ar mian leis an gcuideachta cosc a chur ar an duine/fostaí sin rochtain a fháil ar an gcuntas, cuirfidh sí an t-athrú in iúl do EducationPosts.ie i scríbhinn agus athróidh sí na sonraí go léir ar an gcuntas dá réir.
ÍOCAÍOCHT AGUS PRAGHSANNA
Féadfaidh Educationposts.ie a mhuirir a athrú ó am go ham agus gan réamhfhógra a thabhairt d'Úsáideoirí.
Is trí PayPal agus Stripe agus trí ríomhaistriú airgid le sonrasc amháin a ghlacann EducationPosts.ie le híocaíocht.
Post amháin = muirear amháin.
Athraíonn an costas in aghaidh na postála poist de réir phraghasphointe an fhógróra poist.
A luaithe a bheidh fógra curtha isteach le haghaidh a ghníomhachtaithe agus a bheidh an íocaíocht próiseáilte, ní féidir leasuithe breise a dhéanamh ar ábhar an fhógra tar éis na tréimhse feithimh 30 nóiméad (más infheidhme). Tá sé d'fhreagracht ar an bhfógróir poist a chinntiú go bhfuil an t-ábhar a chuirtear ar fáil cruinn sula gcuirtear an fógra isteach le haghaidh a cheadaithe.
BARÁNTAÍ AGUS OIBLEAGÁIDÍ ÚSÁIDEOIRÍ
Barántaíonn an tÚsáideoir:
Go mbeidh a chuid postálacha poist ag teacht le gach dlí, rialachán, riachtanas agus cód iompair ba infheidhme ina dhlínse féin;
Go gcuirfidh sé a shonraí teagmhála agus dintiúirí aitheantais féin ina chuid postálacha poist d'fhonn a chinntiú gur air féin a dhíreofar gearáin agus ní ar oibreoir an tsuímh;
Nach ndéanfaidh sé aon ghníomh calaoiseach i ndáil leis an tseirbhís a thairgeann EducationPosts.ie.
RIALACHA BREISE MAIDIR LE FÓGRAÍ A UASLÓDÁIL
Tuigeann Úsáideoirí nach bhfuil aon fhreagracht ar sholáthraithe seirbhísí an tsuímh ghréasáin seo maidir le cruinneas ná ionracas an eolais atá sna folúntais oideachais atá curtha in airde ar an suíomh seo. Ar an gcuma chéanna, glacann Úsáideoirí leis nach bhfuil aon fhreagracht ar IPPN ná ar EducationPosts.ie maidir le haon ghníomh ná iarmhairtí gníomhartha a eascróidh as fostú foirne tríd an meán fógraíochta seo.
RIALACHA BREISE MAIDIR LE FOLÚNTAIS A CHUARDACH
Cuirtear in iúl do gach duine atá ag lorg fostaíochta trí fhaisnéis atá curtha ar an suíomh gréasáin seo nach bhfuil an lucht bainistíochta freagrach as cruinneas na faisnéise atá curtha ar fáil ag fostóirí. I ngach cás tá sé mar fhreagracht ar an iarratasóir ionracas na faisnéise atá i bhfógraí a chinntiú. Níl aon fhreagracht ar IPPN ná EducationPosts.ie as conarthaí fostaíochta ná as aon iarmhairtí a thiocfaidh as fostaíocht a eascróidh as folúntais fógartha ar an suíomh gréasáin seo.
Is ag IPPN atá an cóipcheart maidir leis an bhfaisnéis san fhógra fógraíochta seo agus tá an fhaisnéis ceadúnaithe ag IPPN chun gur cuardaitheoirí post amháin a bhainfidh úsáid aisti. Ní ceadmhach an fhaisnéis atá ann seo a íoslódáil, a chóipeáil ná a úsáid chun aon chuspóirí eile, lena n-áirítear athchruthú ar shuíomhanna gréasáin earcaíochta agus fógraíochta eile, gan cead soiléir i scríbhinn a bheith faighte roimh ré ó IPPN.
SÁRÚ
Sa chás ina ndéanfaidh Úsáideoir aon cheann de na téarmaí agus coinníollacha a shárú, beidh EducationPosts.ie i dteideal:
-
A chomhaontú leis an Úsáideoir a chealú
-
Soláthar seirbhísí don Úsáideoir a chur ar fionraí nó deireadh a chur leis
-
Cunta(i)s an Úsáideora a chur ar fionraí, a dhíchumasú nó deireadh a chur leis/leo
-
Cás dlí a thabhairt maidir le feidhmíocht shonrach ag an Úsáideoir, nó
-
Damáistí a éileamh
Sa chás ina gcuirfear cuntas Úsáideora ar fionraí nó ina gcuirfear deireadh leis mar gheall ar shárú ar na téarmaí agus coinníollacha seo, coimeádann EducationPosts.ie an ceart gach cuntas eile cláraithe ag an Úsáideoir sin nó ar a shon a chur ar fionraí nó deireadh a chur leo freisin, agus, chomh maith leis sin, aon chuntas cláraithe ag aon duine eile a chreideann EducationPosts.ie, dá rogha féin, a bheith ceangailte leis an Úsáideoir atá i gceist a chur ar fionraí nó deireadh a chur leis.
TRÉIMHSE DLITEANAIS, BARANTAÍ AGUS SLÁNAÍOCHTAÍ
Sonraítear i bhforálacha na coda seo dliteanas iomlán EducationPosts.ie agus IPPN ag eascairt as conradh nó ar shlí eile, agus mairfidh sí i ndiaidh go gcuirfear deireadh leis an gcomhaontú seo ar cibé cúis. LEIS SEO, SLÁNAÍONN AN tÚSÁIDEOIR EducationPosts.ie agus IPPN AR AON AGUS AR GACH DAMÁISTE, DLITEANTAS, FÍNEÁIL AGUS RIOSCA A THIOCFAIDH AS SÁRÚ NA dTÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA SEO AGUS COINNÍONN AN tÚSÁIDEOIR EducationPosts.ie agus IPPN NEAMHDHÍOBHÁLACH I LEITH NA NITHE SIN. NÍ BHEIDH EducationPosts.ie ná IPPN FREAGRACH AS AON DAMÁISTE, CAILLTEANAS NÁ DLITEANAS DE CHINEÁL AR BITH A EASCRÓIDH AS ÚSÁID AN tSUÍMH GHRÉASÁIN NÓ NA SEIRBHÍSE NÁ AS NEAMHCHUMAS MAIDIR LENA nÚSÁID. LENA CHOIS SIN, NÍ DHÉANANN EducationPosts.ie ná IPPN AON UIRÍOLL NÁ BARÁNTAÍ, INTUIGTHE NÁ EILE GO BHFUIL, I MEASC NITHE EILE, AN tÁBHAR AGUS AN TEICNEOLAÍOCHT ATÁ AR FÁIL AR AN SUÍOMH GRÉASÁIN SAOR Ó EARRÁIDÍ AGUS EASNAIMH NÓ GO mBEIDH AN tSEIRBHÍS 100% GAN CHUR ISTEACH AGUS SAOR Ó EARRÁIDÍ.
Is ar bhonn “mar a fhaightear é” a sholáthraítear suíomh gréasáin EducationPosts.ie agus níl sé curtha le chéile ná níl sé á chur ar fáil é chun riachtanais aonair an Úsáideora a chomhlíonadh. Sula ndéanfaidh sé an comhaontú seo le EducationPosts.ie agus IPPN, tá sé mar fhreagracht ar an Úsáideoir féin a chinntiú go bhfuil sé sásta go gcomhlíonfaidh an tseirbhís atá ar fáil ón suíomh gréasáin agus tríd a riachtanais aonair féin agus go mbeidh sé comhoiriúnach le crua-earraí agus/nó bogearraí an Úsáideora.
Is é an tÚsáideoir atá freagrach go hiomlán agus go heisiach as aon riosca agus as gach riosca a bheidh mar thoradh ar úsáid na seirbhíse.
Aontaíonn Úsáideoirí EducationPosts.ie agus IPPN a choinneáil neamhdhíobhálach agus EducationPosts.ie agus IPPN a shlánú go hiomlán ar aon éileamh ag aon tríú páirtí, nó ag úsáideoirí deiridh, mar thoradh ar aon chliseadh córais, cliseadh seachadta, truailliú seirbhíse, cur isteach ar sheirbhís, deireadh le seirbhís, sárú príobháideachais nó sárú ar shlándáil sonraí.
Slánaíonn an tÚsáideoir EducationPosts.ie agus IPPN ar gach damáiste, dámhachtain, pionós nó costas dlí a éileoidh nó a fhorchuirfidh aon pháirtí mar thoradh ar aon ghníomh, coimisiún nó easnamh ag Úsáideoir ar sárú é ar aon reachtaíocht, rialachán, cód iompair nó cód cleachtais soláthraí líonra nó ar sárú é ar pholasaithe inghlactha úsáide, agus coimeádann an tÚsáideoir EducationPosts.ie agus IPPN neamhdhíobhálach maidir leis na nithe sin.
Coimeádann an tÚsáideoir EducationPosts.ie agus IPPN neamhdhíobhálach maidir le haon éileamh, gníomh nó damáiste ag aon pháirtí mar thoradh ar úsáid chalaoiseach nó neamhúdaraithe Ainm Úsáideora nó pasfhocal an Úsáideora nó mar thoradh ar chailleadh Ainm Úsáideora nó pasfhocail an Úsáideora.
Mar achoimre, agus ní in ionad na bpointí thuas, ní bheidh EducationPosts.ie agus IPPN faoi dhliteanas maidir le haon damáistí ar chor ar bith, lena n-áirítear na nithe seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh: damáistí díreacha, indíreacha, speisialta, iarmhartacha, pionósacha nó teagmhasacha, nó damáistí as cailleadh úsáide, brabús, sonraí nó sócmhainní doláimhsithe eile, nó costas soláthair earraí agus seirbhísí ionadaíocha, a thiocfaidh as nó a bhainfidh le húsáid, neamhchumas úsáide nó úsáid neamhúdaraithe na seirbhísí, cibé ceann a n-éiríonn na damáistí sin astu, conradh, míghníomh, reachtaíocht, cothromas, an dlí nó ar shlí eile.
CEARTA MAOINE
Is maoin IPPN é an t-ábhar, na trádmharcanna agus na sonraí uile ar an suíomh gréasáin seo, nó tá ceadúnas ag IPPN dóibh, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do, bogearraí, bunachair sonraí, téacs, grafaicí, deilbhíní, hipearnascanna, faisnéis phríobháideach agus dearaí agus mar sin tá siad cosanta ar shárú i reachtaíocht agus i gconarthaí náisiúnta agus idirnáisiúnta. Faoi réir na gceart a thugtar don Úsáideoir anseo, tá gach ceart eile maidir le gach maoin intleachtúil ar an suíomh seo coimeádta go sainráite.
Ní féidir le hÚsáideoirí ábhar ó shuíomh gréasáin EducationPosts.ie a úsáid ná a shaothrú chun aon chuspóir tráchtála ná neamhphríobháideach gan cead a fháil roimh ré i scríbhinn ó IPPN.
NASCADH AGUS FRÁMÚ
Tá sé toirmiscthe go sainráite d’aon duine, gnó, aonán nó suíomh gréasáin aon leathanach ar an suíomh gréasáin seo, an leathanach baile san áireamh, a fhrámú, ar aon bhealach ar chor ar bith, gan cead a fháil roimh ré i scríbhinn ó IPPN.
AN DLÍ IS INFHEIDHME
Is de réir dhlíthe Phoblacht na hÉireann a rialófar, a fhorléireofar agus a mhíneofar na téarmaí agus coinníollacha seo. Is i bPoblacht na hÉireann a dhéantar an suíomh gréasáin EducationPosts.ie a rialú agus a oibriú, agus mar sin is é dlí na hÉireann a rialaíonn úsáid nó neamhchumas úsáide an tsuímh ghréasáin.
SUÍOMHANNA NASCTHA
Ní dhéanann EducationPosts.ie athbhreithniú ná monatóireacht ar aon suíomh gréasáin atá nasctha leis an suíomh agus níl sé freagrach as an ábhar ar aon chuid de na suíomhanna nasctha sin. Is ar phriacal an fhógróra poist amháin a chuirtear nascanna i bpostálacha poist le suíomhanna eile. Níl EducationPosts.ie freagrach as an bhfaisnéis, as na táirgí ná as na seirbhísí a bhfaighfear ar shuíomhanna eile atá nasctha leis agus ní bheidh sé faoi dhliteanas maidir le haon damáistí a éireoidh as rochtain ar na suíomhanna sin.
AN COMHAONTÚ IOMLÁN
Tá an comhaontú iomlán idir EducationPosts.ie agus an tÚsáideoir comhdhéanta de na téarmaí agus coinníollacha seo i gcomhar leis an gComhaontú Próiseála Sonraí agus an Ráiteas Príobháideachais.
TARSCAOILEADH
Ní hionann ar aon dóigh gan EducationPosts.ie agus IPPN ceart nó foráil sna téarmaí agus coinníollacha seo a chleachtadh nó a fhorfheidhmiú agus tarscaoileadh na gceart ná na forálacha sin.