ID FÓGRA 262977

Leas-Phríomhoide

.

Gaelscoil Uí Earcáin

Bóthar Ghlas an Éin
Fionnghlas
Baile Átha Cliath 11
D11 VP44
.

PRÍOMHSHONRAÍ

Stádas:
Gníomhach
Leibhéal:
Bunscoil
Dáta Postáilte:
Luan DFómh 5 2026
Spriocdháta le haghaidh Iarratas:
Luan DFómh 19 2026
Dáta Tosaithe:
Luan Samh 9 2026
Stádas an Phoist:
Buan
.
SONRAÍ SCOILE
Cineál Scoile:
Príomhshruth
Struchtúr na Scoile:
Ingearach
Inscne:
Comhoideachas
Pátrúnacht na Scoile:
An Foras Patrúnachta
Rangú:
DEIS 1
Líon Iomlán na mBall Foirne Múinteoireachta:
23
Rolla Reatha:
247
Scoil Droichead:
Tá
Gaelscoil
.

SONRAÍ AN PHOIST

Eolas Breise:
Is mian le Gaelscoil Uí Earcáin Príomhoide Tánaisteach a cheapadh. Is post buan é seo mar a leagtar amach i gCiorclán 0044/2019.
Is Gaelscoil chomhoideachasúil í Gaelscoil Uí Earcáin. Tá foireann thiomanta agus gairmiúil ag obair sa scoil agus baineann daltaí na scoile luach as an timpeallacht dhearfach foghlama.
Titeann dualgais agus freagrachtaí an phoist seo faoi na réimsí a leagtar amach sa cháipéis Ag Breathnú ar an Scoil Againne 2022
● Réimse 1: Ceannaireacht ar fhoghlaim agus ar theagasc
● Réimse 2: An eagraíocht a bhainistiú
● Réimse 3: Ceannaireacht ar fhorbairt na scoile
● Réimse 4: Acmhainn na ceannaireachta a fhorbairt
Ag teacht leis na réimsí thuasluaite, agus ag obair go dlúth leis an bPríomhoide, bainfidh freagrachtaí an phoist seo le forbairt churaclaim uile-scoile, forbairt polasaithe, bainistíocht laethúil na scoile agus pleanáil straitéiseach d’fhorbairt na scoile.
Beidh na scileanna agus na hinniúlachtaí thíos ina mbuntáiste d’iarratasóirí:
● Tuiscint ar an bpróiseas féinmheastóireacht scoile agus forbairt polasaithe
● Saineolas ar cheannaireacht, bainistíocht agus riarachán scoile
● Ardscileanna cumarsáide agus idirphearsanta mar aon le cumas daoine a bhainistiú
● Tiomantas don cheannaireacht roinnte agus acmhainn na ceannaireachta a fhorbairt sa scoil
● Tuiscint ar DEIS agus riachtanais bhreise

Chun iarratas a dhéanamh ar an bpost seo, ní mór Foirm Iarratais ar phost an Phríomhoide agus an leas-Phríomhoide a sheoladh chuig iarratais@gsue.ie faoi 5 i.n. ar an spriocdháta.

.

RIACHTANAIS IARRATAIS

.

Is féidir iarratais a chur isteach trí

  • Ríomhphost
.

CUIR IARRATAS ISTEACH AR AN bhFOLÚNTAS SEO

Uimhir Rolla:
20220C
Cuir Iarratas Chuig:
An Cathaoirleach
Bóthar Ghlas an Éin
Fionnghlas
Baile Átha Cliath 11
D11 VP44
iarratais@gsue.ie
Contae:
Baile Átha Cliath
Ceantar Poist:
Dublin 11
Suíomh Gréasáin:

COMHROINN AN FÓGRA SEO