ID FÓGRA 258619
Teagascóir Socrúcháin Scoile
.
.
PRÍOMHSHONRAÍ
Stádas:
Gníomhach
Leibhéal:
Ard-/Breisoideachas
Dáta Postáilte:
Déar Iúil 9 2026
Spriocdháta le haghaidh Iarratas:
Déar Lún 20 2026
Dáta Tosaithe:
Déar DFómh 1 2026
Stádas an Phoist:
Páirtaimseartha
Líon na bhFolúntas:
10
.
SONRAÍ AN PHOIST
Teideal:
Teagascóir Socrúcháin Scoile
Cur síos:
Teagascóir Socrúcháin Scoile
CUR SÍOS GINEARÁLTA AR AN bPOST
Is pobal teagaisc, foghlama agus taighde í Institiúid Oideachais Marino (IOM) atá tiomanta do chuimsiú agus barr feabhais san oideachas a chur chun cinn. Tá baint fhada bhródúil againn le hoideachas, go háirithe oideachas tosaigh do mhúinteoirí (OTM), ag dul siar breis agus 100 bliain. Le deich mbliana anuas, táthar tar éis misean acadúil agus scóip IOM a athshamhlú chun tuiscint níos doimhne a fháil ar oideachas sa seomra ranga agus lasmuigh de, agus chun contanam oideachas múinteoirí agus oideachas cleachtóirí speisialtóirí oideachais sna luathbhlianta, ar leibhéil na bunscoile agus bhreisoideachais a chuimsiú.
Is mian le hInstitiúid Oideachais Marino (IOM) múinteoirí bunscoile a earcú do phainéal teagascóirí socrúcháin scoile ar bhonn sealadach páirtaimseartha don bhliain acadúil 2026/27. Fáiltítear roimh iarratais ó mhúinteoirí bunscoile atá cláraithe ar Bhealach 1 leis an gComhairle Mhúinteoireachta, agus ar spéis leo tacú le mic léinn, chomh maith le breathnóireacht agus meastóireacht a dhéanamh ar mhic léinn ar shocrúchán do na cláir seo a leanas:
• Baitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht), BOid.
• Baitsiléir san Oideachas (Bunmhúinteoireacht), B.Oid (B.Ed).
• Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht), MGO (PME).
• Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht), Conair lán-Ghaeilge.
Glacann múinteoirí faoi oiliúint in IOM socrúcháin mheasúnaithe éigeantacha i suíomhanna príomhshrutha Béarla agus Gaeilge. Cuirtear fáilte ar leith roimh iarratais ó iarrthóirí a bhfuil ar a gcumas maoirseacht a dhéanamh trí mheán na Gaeilge agus a bhfuil taithí acu ar theagasc i suíomhanna riachtanas speisialta.
Glacann múinteoirí faoi oiliúint in IOM a socrúcháin i scoileanna ar fud na tíre. Cuirtear fáilte roimh iarratais ó iarrthóirí atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, i nDún na nGall, i Sligeach, i Maigh Eo, i nGaillimh, sa Chlár, i Luimneach, i gCiarraí, i gCorca Dhuibhne, i Laois, in Uíbh Fhailí agus san Iarmhí.
Tá cúig thréimhse socrúcháin ann ó mhí na Samhna go mí an Mheithimh, maireann gach bloc socrúcháin trí/ceithre seachtaine, déantar socrúcháin mheasúnaithe le linn na dtréimhsí sin. Ba cheart go mbeadh iarratasóirí ar fáil ceithre lá sa tseachtain ar a laghad chun tabhairt faoi chuairteanna scoileanna (le linn uaireanta bunscoile). Reáchtálfar agallaimh de réir mar is gá agus beidh iarratais fós bailí go ceann 12 mhí.
CÁILÍOCHTAÍ & SCILEANNA RIACHTANACHA
(.i. iad siúd nach bhféadfadh iarrthóir an post a chomhlíonadh gan iad. Ní chuirfear iarratais ar ghearrliosta mura mbíonn sé léirithe go soiléir iontu go bhfuil na bunriachtanais ag iarrthóirí).
Chun a bheith san áireamh don phost mar Theagascóir Socrúcháin Scoile ar Chláir Oiliúna Tosaigh Múinteoirí (B.Ed., B.Oid.,PME, MGO), ní mór d’iarratasóirí an méid seo a leanas a léiriú:
o Cáilíocht mhúinteoireachta bhunscoile
o Clárúchán reatha Bhealach 1 leis an gComhairle Mhúinteoireachta
o Taithí 5 bliana ar a laghad ar chleachtas gairmiúil sa bhunoideachas
o Eolas den scoth ar churaclam an bhunleibhéil
o Cumas léirithe de bheith ag obair i dtimpeallacht ar líne
o Taithí ar thacú le cleachtas gairmiúil chomh maith le meantóireacht agus meastóireacht a dhéanamh air
o Scileanna idirphearsanta, cumarsáide agus eagrúcháin den scoth
o Inniúlacht sa Ghaeilge inmhianaithe (dóibh siúd ar mian leo oibriú ar na cláir BOid. agus MGO)
Inmhianaithe:
o Ceadúnas iomlán tiomána agus a bheith toilteanach taisteal
o Taithí ar obair mar chuid d’Fhoireann Tacaíochta Gairmiúla Droichead (PST)
o Taithí ar oideachas trí mheán na Gaeilge agus ar riachtanais speisialta
Ní mór d’iarrthóirí an clár/na cláir a bhfuil iarratas á dhéanamh acu air/orthu a chur in iúl go soiléir ina bhfoirm iarratais, agus conas a shásaíonn siad gach ceann de na scileanna agus an taithí réamhriachtanach atá leagtha amach don chlár
DUALGAIS AGUS FREAGRACHTAÍ:
Is gné lárnach de chláir OTM in IOM é Socrúchán Scoile. Déanann ár mic léinn cleachtadh agus forbraíonn siad scileanna breathnóireachta, pleanála, teagaisc, measúnaithe agus machnaimh le linn an ama seo. Tá ról tábhachtach ag an teagascóir socrúcháin scoile maidir le tacú lenár gcuid mac léinn a gcleachtas mar ghairmithe oideachais a fhorbairt agus iad a spreagadh le bheith ina gcleachtóirí neamhspleácha. Agus iad ag obair ina n-aonar agus mar chuid den fhoireann socrúcháin níos leithne, tá teagascóirí socrúcháin scoile freagrach as breathnóireacht, measúnú agus aiseolas a sholáthar do mhic léinn laistigh d’ionaid oideachais. Áirítear ar na dualgais sin ach gan a bheith teoranta dóibh:
• Breathnú ar mhic léinn ar shocrúchán scoile in ionaid oideachais (le linn uaireanta scoile)
• Aiseolas ó bhéal agus i scríbhinn a sholáthar do mhic léinn
• Mic léinn a mheas agus meantóireacht a dhéanamh orthu nuair a bhíonn socrúcháin scoile ar siúl acu
• Idirchaidreamh a dhéanamh leis na socruithe socrúcháin, príomhoidí, múinteoirí agus príomhpháirtithe leasmhara eile
• Oiliúint/FGL riachtanach a chur i gcrích a chuir Foireann Socrúcháin Scoile MIE ar fáil lena n-áirítear oiliúint ar Chosaint Leanaí agus Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí (RGCS)
• Scáthfhoghlaim socrúcháin scoile a chríochnú sula gcuirtear tús le maoirseacht socrúcháin
• Oibriú i dtimpeallacht ar líne agus úsáid a bhaint as córais TF agus ríomhfhoghlama IOM
• Idirchaidreamh a dhéanamh leis an Stiúrthóir Socrúcháin Scoile agus le riarthóirí maidir le héilimh chaiteachais, aighneachtaí a thuairisciú agus saincheisteanna lóistíochta
• Athbhreithniú ar dhoiciméid phleanála (ar líne nó ar an láthair)
• Tuarascálacha faoi ghráid a sheoladh isteach de réir riachtanais an chláir
Faisnéis a bhaineann le hInstitiúid Oideachais Marino (IOM): Tá tuilleadh faisnéise ar IOM agus a cláir ar fáil ar shuíomh gréasáin na hInstitiúide www.mie.ie
IARRATAS, PRÓISEAS ROGHNÚCHÁIN AGUS EOLAS GINEARÁLTA.
Is trí phainéal agallaimh ar a mbeidh triúr (3) ar a laghad a reáchtálfar an t-agallamh agus beidh na daoine is oiriúnaí agus is cáilithe chun iarratasóirí sa disciplín a mheas ón dáta bunaithe agus is é sin dáta an chéad agallaimh. Ní mór d’iarrthóirí fianaise dhoiciméadach shásúil a chur ar fáil ar oiliúint agus ar thaithí uile arna maíomh acu, más gá. Ní bheidh na hagallaimh ar siúl go dtí Meán Fómhair/Deireadh Fómhair 2026.
Beidh ar gach iarratasóir rathúil dul faoi ghrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána. Tabharfar treoir shainiúil maidir leis an bpróiseas sin ag an am iomchuí. Ní dhéanfar iarratasóirí nach gcomhlíonann riachtanais na hInstitiúide ina leith seo a bhreithniú.
IARRATAS A DHÉANAMH:
Comhlánaigh an fhoirm in Aguisín a hAon agus seol ar ais í le do CV mar ríomhphost chuig careers@mie.ie nó sa phost chuig:
An Oifig Acmhainní Daonna
Institiúid Oideachais Marino
Ascaill Uí Ghríofa
Baile Átha Cliath 9.
Ní mór foirmeacha iarratais comhlánaithe a bheith faighte faoi 5.00pm Dé hAoine, an 28 Lúnasa 2026. Ní ghlacfar le hiarratais atá mall.
Ní bheidh an Institiúid freagrach as costais ar bith, lena n-áirítear costais taistil, a bhféadfadh iarrthóirí iad a thabhú i ndáil lena n-iarrthóireacht.
Is fostóir comhdheiseanna í Institiúid Oideachais Marino.

RIACHTANAIS IARRATAIS
- Foirm iarratais
- Curriculum Vitae
.
Is féidir iarratais a chur isteach trí
.
Cuir Iarratas Chuig:
Contae:
Baile Átha Cliath
Ceantar Poist:
Dublin 9
Suíomh Gréasáin:
COMHROINN AN FÓGRA SEO