ID FÓGRA 256528

Leas-Phríomhoide

.

Gaelscoil Lir

Lána Bhaile Uí Fhoirtcheirn
Teach Sagard
D24PFV5
.

PRÍOMHSHONRAÍ

Stádas:
Gníomhach
Leibhéal:
Bunscoil
Dáta Postáilte:
Máirt Meith 23 2026
Spriocdháta le haghaidh Iarratas:
Máirt Iúil 7 2026
Dáta Tosaithe:
Déar Lún 27 2026
Stádas an Phoist:
Buan
.
SONRAÍ SCOILE
Cineál Scoile:
Príomhshruth le Ranganna Speisialta
Struchtúr na Scoile:
Ingearach
Inscne:
Comhoideachas
Pátrúnacht na Scoile:
An Foras Patrúnachta
Rangú:
Gaelscoil
Líon Iomlán na mBall Foirne Múinteoireachta:
7
Rolla Reatha:
56
Scoil Droichead:
Gaelscoil
.

SONRAÍ AN PHOIST

Eolas Breise:
Is mian le Gaelscoil Lir Príomhoide Tánaisteach a cheapadh.

Is Gaelscoil ilchreidmheach í Gaelscoil Lir faoi phátrúnacht An Fhorais Phátrúnachta. Is scoil atá ag fás agus ag forbairt í, agus beimid ag bogadh isteach inár bhfoirgneamh scoile buan nua i Meán Fómhair 2026. Caibidil nua spreagúil é seo i saol na scoile, agus beidh deis ar leith ag an té a cheapfar tionchar suntasach a bheith aige/aici ar threo agus ar fhorbairt na scoile sna blianta amach romhainn. Beidh deis ar leith aige/aici páirt lárnach a ghlacadh i bhforbairt agus i bhfás Ghaelscoil Lir agus í ag dul ó neart go neart mar phobal foghlama lán-Ghaeilge.

Tá foireann ghairmiúil, tiomanta agus chomhoibríoch ag obair sa scoil agus tá cultúr dearfach, fáilteach agus tacúil againn ina mbíonn folláine, foghlaim agus rath gach dalta mar chroílár ár gcuid oibre.

Titeann dualgais agus freagrachtaí an phoist seo faoi na réimsí atá leagtha amach sa cháipéis Ag Breathnú ar an Scoil Againne 2022:

Réimse 1: Ceannaireacht ar fhoghlaim agus ar theagasc
Réimse 2: An eagraíocht a bhainistiú
Réimse 3: Ceannaireacht ar fhorbairt na scoile
Réimse 4: Acmhainn na ceannaireachta a fhorbairt
Ag obair go dlúth leis an bPríomhoide, leis an bhfoireann agus leis an bpobal scoile, beidh ról lárnach ag an bPríomhoide Tánaisteach i gceannaireacht agus i mbainistiú na scoile. Beidh deis aige/aici cur le fís na scoile, forbairt churaclaim agus polasaithe a threorú, tacú le forbairt ghairmiúil na foirne agus páirt ghníomhach a ghlacadh i múnlú na chéad chéimeanna eile d’fhorbairt Ghaelscoil Lir.

Má tá tú paiseanta faoin oideachas lán-Ghaeilge, faoin gceannaireacht chomhoibríoch agus faoi dheiseanna nua a chruthú do pháistí i scoil atá ag fás agus ag forbairt, bheimis an-sásta cloisteáil uait.

Cuirtear fáilte roimh iarratais ó mhúinteoirí a bhfuil fís acu don oideachas lán-Ghaeilge agus ar mian leo ról ceannaireachta a ghlacadh i scoil atá ag dul ó neart go neart agus í ag bogadh isteach ina foirgneamh buan nua.

Chun iarratas a dhéanamh ar an bpost seo, ní mór Foirm Iarratais do Phost an Phríomhoide agus an Phríomhoide Thánaistigh a sheoladh chuig iarratais@gslir.ie tráth nach déanaí ná 5.00 i.n. ar an spriocdháta atá luaite san fhógra
.

RIACHTANAIS IARRATAIS

.

Is féidir iarratais a chur isteach trí

  • Ríomhphost
.

CUIR IARRATAS ISTEACH AR AN bhFOLÚNTAS SEO

Uimhir Rolla:
20531T
Cuir Iarratas Chuig:
Lána Bhaile Uí Fhoirtcheirn
Teach Sagard
D24R80F
Contae:
Baile Átha Cliath
Ceantar Poist:
County Dublin
Ceisteanna Chuig:
Suíomh Gréasáin:

COMHROINN AN FÓGRA SEO