ADVERT ID 255908

Deputy Principal

.

Scoil Ultan Naofa

Baile Ghib
An Uaimh
C15 PD95
.

MAIN DETAILS

Status:
Active
Level:
Primary
Date Posted:
Thu Jun 18 2026
Application Closing Date:
Thu Jul 2 2026
Commencement Date:
Tue Sep 1 2026
Status of Post:
Permanent
.
SCHOOL DETAILS
School Type:
Mainstream
School Structure:
Vertical
Gender:
Co-Educational
School Patronage:
Catholic
Classification:
Scoil sa Ghaeltacht
Total No. of Teaching Staff:
4
Current Enrolment:
80
Droichead school:
Yes
Gaelscoil
.

POST DETAILS

Panel of Applicants:
An internal panel of suitable applicants may be set up to fill vacancies which may occur within a specific time period (four months for teacher posts and the duration of the school year for SNA posts) from the date on which the Board approves the successful candidate.
Additional Information:
Cuireann Bord Bainistíochta Scoil Ultain Naofa 17203I, Baile Ghib, fáilte roimh iarratais le haghaidh post an Leas-Phríomhoide. Is post lán-aimseartha é a bheidh líonta trí chomórtas oscailte. Is scoil Ghaeltachta í Scoil Ultain Naofa i nGaeltacht Bhaile Ghib. Scoil faoi phátrúnacht Easpag na Mí, Dr. Tom Deenihan atá i gceist.
De réir Ciorclán 0044/2019: Cé go bhfuil an Príomhoide freagrach i ndeireadh na dála don Bhord Bainistíochta/BOO, de réir mar is cuí, as bainistíocht agus ceannaireacht na scoile, tá post ríthábhachtach ag an bPríomhoide Tánaisteach i bhfoireann na ceannaireachta sinsearaí i scoil. Éilíonn ceannaireacht roinnte oscailteacht agus toilteanas ó Phríomhoidí agus Príomhoidí Tánaisteacha an cheannaireacht agus freagrachtaí bainistíochta a roinnt agus a dháileadh ar shlí a spreagann comhpháirtíocht agus a thacaíonn léi. Comhoibríonn an Príomhoide Tánaisteach leis an bPríomhoide agus ról an Phríomhoide á chomhlíonadh aige/aici agus feidhmíonn sé/sí mar Phríomhoide nuair a bhíonn an Príomhoide as láthair. Ní eascraíonn aon chearta uathfheidhmeacha i dtaca le teacht i gcomharbacht mar Phríomhoide as bheith ag feidhmiú mar Phríomhoide.
De réir Ciorclán 0044/2019, ba chóir a thabhairt faoi deara, ós rud é go mbíonn riachtanais na scoile ag athrú go leanúnach, go bhféadfadh sé go ndéanfaí róil agus freagrachtaí an Leas-Phríomhoide a athshannadh mar thoradh ar athbhreithniú rialta laistigh den bhfoireann cheannaireachta agus bhainistíochta. Tá an ról agus na freagrachtaí a bhaineann leis an bpost seo leagtha amach sna ceithre réimse um Cheannaireacht agus Bhainistíocht mar a shonraítear i gCiorclán 0044/2019:
• Teagasc agus Foghlaim a Threorú
• An eagraíocht a bhainistiú
• Forbairt Scoile a Threorú
• Inniúlacht cheannaireachta a fhorbairt
Ag teacht leis na réimsí thuasluaite, ní mór go mbeidh sárscileanna ceannaireachta, cumarsáide agus bainistíochta foirne ag an duine a cheapfar. Tá ardchaighdeán Gaeilge, idir labhartha agus scríofa, riachtanach don phost. Glacfar le hiarratais i nGaeilge amháin.
Oibreoidh an Leas-Phríomhoide go dlúth leis an bPríomhoide. Bainfidh freagrachtaí an phoist seo le forbairt churaclaim uile-scoile, le forbairt polasaithe, le bainistíocht laethúil na scoile agus le pleanáil straitéiseach d'fhorbairt na scoile amach anseo. Beidh saineolas ar cheannaireacht, ar bhainistíocht agus ar riarachán scoile, chomh maith le scileanna ceannaireachta cruthaithe, ag teastáil.
Is gá teastas cáilíochta chun an Reiligiún a mhúineadh a sheoladh in éineacht leis an iarratas. Caithfidh an t-iarratasóir a bheith cláraithe leis an gComhairle Múinteoireachta agus a thaispeáint go leanfaidh siad le Forbairt Ghairmiúil Leanúnach.
Ní mór don iarratasóir na critéir incháilitheachta a chomhlíonadh: lán-chláraithe faoi Bhealach 1 (Bunscoil) leis an gComhairle Mhúinteoireachta, agus 5 bliana caite i mbun seirbhís mhúinteoireachta aitheanta, 2 bhliain den mhéid seo i mbunscoil aitheanta i bPoblacht na hÉireann.
.

APPLICATION REQUIREMENTS

.

Applications may be submitted by

  • Email
.

APPLY TO THIS JOB VACANCY

Roll Number:
17203I
Apply To:
Baile Ghib
An Uaimh
C15 PD95
County:
Meath

SHARE THIS ADVERT