ID FÓGRA 255303

Leas-Phríomhoide

.

SN Eoin Pol II

Eoghanacht,
Inis Mór,
Oileáin Árann,
H91 W727
.

PRÍOMHSHONRAÍ

Stádas:
Gníomhach
Leibhéal:
Bunscoil
Dáta Postáilte:
Aoine Meith 12 2026
Spriocdháta le haghaidh Iarratas:
Máirt Meith 30 2026
Dáta Tosaithe:
Máirt MFómh 1 2026
Stádas an Phoist:
Buan
.
SONRAÍ SCOILE
Cineál Scoile:
Príomhshruth
Struchtúr na Scoile:
Ingearach
Inscne:
Comhoideachas
Pátrúnacht na Scoile:
Caitliceach
Rangú:
Scoil sa Ghaeltacht
Líon Iomlán na mBall Foirne Múinteoireachta:
3
Rolla Reatha:
14
Scoil Droichead:
.

SONRAÍ AN PHOIST

Eolas Breise:
Tugann Bord Bainistíochta Scoil Eoin Pól 11 cuireadh d'iarrthóirí cur isteach ar phost mar Leas-Phríomhoide. Is post buan é seo agus déanfar an ceapachán trí chomórtas oscailte. Comhlíonfar an ceapachán de réir théamaí imlitir 0044/2019.

Beidh roghnú an duine rathúil bunaithe ar cheithre inniúlacht atá ar aon dul leis an gCreat Cáilíochta um Cheannaireacht agus Bainistíocht:
• Teagasc agus Foghlaim a Threorú
• An eagraíocht a bhainistiú
• Forbairt scoile a threorú
• Inniúlacht cheannaireachta a fhorbairt

Ag teacht leis na réimsí thuasluaite, caithfidh an t-iarrthóir tiomantas agus spéis bheo a léiriú do chur chun cinn na Gaeilge agus an chultúir sa scoil.Tá ardchaighdeáin Ghaeilge idir labhartha agus scríofa riachtanach don phost. Glacfar le hiarratais i nGaeilge amháin.
Oibreoidh an leas-phríomhoide go dlúth leis an bpríomhoide. Bainfidh freagreachtaí an phoist seo le forbairt churaclaim uile-scoile, forbairt polasaithe, bainistíocht laethúil na scoile agus pleanáil straitéiseach d'fhorbairt na scoile.
Beidh saineolas ar cheannaireacht, bainistíocht agus riarachán scoile chomh maith le scileanna ceannaireachta cruthaithe ag teastáil ó na hiarrthóirí.
Is gá fianaise ar obair mar chuid d'fhoireann agus caidrimh dhearfacha a chothú le baill foirne, gníomhaireachtaí seachtracha, tuismitheoirí/caomhnóirí agus an pobal scoile níos leithne a léiriú.
Is scoil í lena mbaineann ethos Chaitliceach faoi phatrúntacht Easpag Thuama.Tá sí suite i gceantar Álainn, le cultúr agus oidhreacht shibhir agus foireann fháilteach thacúil.


.

RIACHTANAIS IARRATAIS

.

Is féidir iarratais a chur isteach trí

  • Litir
.

CUIR IARRATAS ISTEACH AR AN bhFOLÚNTAS SEO

Uimhir Rolla:
20210W
Cuir Iarratas Chuig:
An Cathaoirleach,
Scoil Eoin Pól 11,
Eoghanacht,
Inis Mór,
Oileáin Árann,
H91 W727
Contae:
Gaillimh
Ceisteanna Chuig:

COMHROINN AN FÓGRA SEO