ADVERT ID 254452

Principal Teacher

.

Scoil An Chlocháin

An Clochán
Trá Lí
V92 YP27
.

MAIN DETAILS

Status:
Active
Level:
Primary
Date Posted:
Sun Jun 7 2026
Application Closing Date:
Mon Jun 29 2026
Commencement Date:
Thu Oct 1 2026
Status of Post:
Permanent
.
SCHOOL DETAILS
School Type:
Mainstream
School Structure:
Vertical
Gender:
Co-Educational
School Patronage:
Catholic
Classification:
Scoil sa Ghaeltacht
Total No. of Teaching Staff:
4
Current Enrolment:
57
Droichead school:
No
Gaelscoil
.

POST DETAILS

Additional Information:
I Scoil Náisiúnta an Chlocháin, déanaimid ár ndícheall timpeallacht foghlama a chruthú ina gcuirtear spreagadh agus tacaíocht ar fáil do gach páiste, chun go bhforbróidh siad a gcumas iomlán agus uathúil mar dhaoine. Is scoil náisiúnta chomhoideachasúil Ghaeilge í Scoil Náisiúnta an Chlocháin, faoi phátrúnacht Easpaig Chiarraí. Faoi láthair, tá 57 páiste sa scoil, triúr múinteoirí ranga, múinteoir acmhainne amháin, cúntóir riachtanas speisialta (CRS) agus múinteoir tacaíochta Gaeilge.

Is mian linn ceannaire cumasach a fhostú chun tógáil ar oidhreacht na scoile. Beidh tiomantas d’ éiteas scoil Caitliceach ag an té a cheapfar. Beidh sárscileanna cumarsáide, ceannaireachta, bainistíochta, teanga agus teicneolaíochta ag an duine seo. Beidh fís láidir acu maidir leis an gcultúr gaelach, iad ag tógáil ar bhunchloch láidir.

Glacfaidh siad ceannaireacht ar chúrsaí curaclaim, ar riachtanais speisialta a fhorbairt agus ar atmaisfear ionchuimsitheach a chothú sa scoil.Beidh eolas acu ar churaclam na bunscoile agus ar raon leathan taithí teagaisc. Is fearr go mbeadh taithí acu i ranganna ilghrádacha.

Beidh taithí i bhforbairt, i bhfeidhmiú agus i measúnú tionscnaimh nuálaíocha scoile ag a té a cheapfar. Beidh eolas agus cumas acu ar chonas scoil a stiúradh agus a riaradh go rathúil. Beidh taithí ag an iarrathóir ar thascanna a chur in ord tosaíochta agus ar phleanáil. Beidh taithí acu roimhe seo i bhforbairt polasaithe.

Beidh roghnú an duine rathúil bunaithe ar cheithre inniúlacht atá ar aon dul leis an gCreat Cáilíochta um Cheannaireacht agus Bainistíocht:

• Teagasc agus Foghlaim a Threorú
• An Eagraíocht a Bhainistiú
• Forbairt Scoile a Threorú
• Inniúlacht Cheannaireachta a Fhorbairt

Tá 3 chóip den fhoirm iarrtais ag teastáil i gclúdach litreach agus “Post Phríomhoide Oide “ scríofa ar gach ceann.

• Litir Iarratais
• Foirm Iarratais Chaighdeánach ar Phost an Phríomhoide agus an Leas-Phríomhoide – as Gaeilge
• Moltóirí (ainm, ról, uimhir theagmhála)
• Clárú na Comhairle Múinteoireachta
• Teastas chun Oideachas Reiligiúnach a mhúineadh
.

APPLICATION REQUIREMENTS

.

Applications may be submitted by

  • Post
.

APPLY TO THIS JOB VACANCY

Roll Number:
14987H
Apply To:
Applications may be submitted by post only.
Apply To:

An Chathaoirleach,
Scoil Náisiúnta an Chlocháin,
An Clochán,
Trá, Lí, Co. Chiarraí.
V92YP27
County:
Kerry

SHARE THIS ADVERT