ID FÓGRA 253930

Príomhoide

.

Scoil Mhuire

An Tuairín
Béalandaingin
Co na Gaillimhe
Béalandaingin
H91 AV61
.

PRÍOMHSHONRAÍ

Stádas:
Gníomhach
Leibhéal:
Bunscoil
Dáta Postáilte:
Máirt Meith 2 2026
Spriocdháta le haghaidh Iarratas:
Máirt Meith 16 2026
Dáta Tosaithe:
Déar Lún 27 2026
Stádas an Phoist:
Buan
.
SONRAÍ SCOILE
Cineál Scoile:
Príomhshruth
Struchtúr na Scoile:
Ingearach
Inscne:
Comhoideachas
Pátrúnacht na Scoile:
Caitliceach
Rangú:
DEIS Tuaithe
Líon Iomlán na mBall Foirne Múinteoireachta:
7
Rolla Reatha:
82
Scoil Droichead:
Níl
Gaelscoil
.

SONRAÍ AN PHOIST

Painéal Iarratasóirí:
Féadfar painéal inmheánach d’iarratasóirí oiriúnacha a bhunú chun folúntais a líonadh a d’fhéadfadh teacht chun cinn laistigh de thréimhse ama ar leith ón dáta a fhaomhfaidh an Bord an t-iarrthóir rathúil (ceithre mhí i gcás poist mhúinteora agus fad na scoilbhliana do phoist CRS).
Eolas Breise:
Tugann Bord Bainistíochta Scoil Mhuire, An Tuairín, cuireadh d’iarratasóirí cur isteach ar phost an Phríomhoide sa scoil. Is bost buan atá i gceist agus déanfar an ceapachán trí chomórtas oscailte. Comhlíonfar an ceapachán de réir théarmaí imlitir 0044/2019.
Deis iontach é seo i Scoil Ghaeltachta. Níor mhór go mbeadh ardchaighdeán na Gaeilge labhartha agus scríofa ag an duine seo. Tá sé seo riachtanach.
Teastaíonn duine solúbhtha agus cumasach le scileanna ceannaireachta éifeachtacha agus scileanna cumarsáide idirphearsanta.
Tá ról agus freagrachtaí sonracha an phost seo bunaithe ar cheithre réimse ceannaireachta agus bainsitíochta mar atá leagtha amach i gciorclán 0044/2019.
1. Teagasc agus foghlaim a threorú.
2. An eagraíocht a bhainistiú
3. Forbairt scoile a threorú
4. Inniúlacht cheannaireachta a fhorbairt.

Tá sé de dhualgas ar gach iarratasóir 5 bliana de thaithí aitheanta mar mhúinteoir a bheith acu agus níor mhór dhá bhliain den taithí sin a bheith i mbunscoil aitheanta in Éirinn.

Is Scoil Chaitliceach í Scoil Mhuire lena mbaineann éiteas Chaitliceach faoi phátrúntacht ArdEaspaig Thuama. Caithfear a bheith cáillithe chun reiligiúin a mhúineadh.
Glacfar le hiarratais i nGaeilge ámháin.
Caithfear trí chóip den iarratas agus cáipéisí cuí a sheoladh ar an bpost. Ní ghlacfar le aon iarratas ar líne .

.

RIACHTANAIS IARRATAIS

.

Is féidir iarratais a chur isteach trí

  • Litir
.

CUIR IARRATAS ISTEACH AR AN bhFOLÚNTAS SEO

Uimhir Rolla:
20564L
Cuir Iarratas Chuig:
Iarratas ar phost an Phríomhoide,
An Cathaoirleach,
Scoil Mhuire,
An Tuairín
Béalandaingin
Co na Gaillimhe
Béalandaingin
H91 AV61
Contae:
Gaillimh
Ceisteanna Chuig:

COMHROINN AN FÓGRA SEO