ADVERT ID 253617

Bainisteoir Scrúduithe agus Measúnaithe - Seirbhís Aistriúcháin

.

Public Jobs

Chapter House, 26/30 1, Abbey Street Upper, Dublin 1
Dublin
.

MAIN DETAILS

Status:
Active
Level:
Other Education
Date Posted:
Wed May 27 2026
Application Closing Date:
Thu Jun 11 2026
Status of Post:
Other
Number of Vacancies:
1
.

POST DETAILS

Title:
Bainisteoir Scrúduithe agus Measúnaithe - Seirbhís Aistriúcháin
Description:
Bainisteoir Scrúduithe agus Measúnaithe - Seirbhís Aistriúcháin

Tá dualgas ar Choimisiún na Scrúduithe Stáit (CnaSS) scrúduithe Teastais an Stáit a reáchtáil. Tá an Coimisiún freagrach as na scrúduithe a fhorbairt, a mheas, a chreidiúnú agus a dheimhniú, lena n-áirítear scrúduithe na hArdteistiméireachta, scrúduithe na hArdteistiméireachta Feidhmí agus scrúduithe na Sraithe Sóisearaí.

Tá folúntas i Rannóg na Scrúduithe agus an Mheasúnaithe den Choimisiún anois do Bhainisteoir Scrúduithe agus Measúnaithe (BSM) sa tSeirbhís Aistriúcháin. Is deis í seo do dhuine díograiseach a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu agus atá tiomanta seirbhís dhátheangach ardchaighdeáin a chinntiú.

Ag tuairisciú do Cheannasaí Cúnta Rannóg na Scrúduithe agus an Mheasúnaithe, beidh an té a cheapfar iomlán freagrach as Seirbhís Aistriúcháin Choimisiún na Scrúduithe Stáit a bhainistiú agus a fhorbairt, maoirseacht a dhéanamh ar obair na Seirbhíse Aistriúcháin agus comhairle a thabhairt do CnaSS faoi gach rud a bhaineann leis an tSeirbhís Aistriúcháin.

Cé go bhfuil ceanncheathrú an Choimisiúin lonnaithe i mBaile Áth Luain, Contae na hIarmhí, bíonn na Bainisteoirí Scrúdaithe agus Measúnaithe lonnaithe ar fud na tíre.

Tá sonraí uile an phoist, lena n-áirítear riachtanais cháilitheachta ar leith, ar fáil ar www.publicjobs.ie

Is é 3i.n. ar an Déardaoin 11 Meitheamh 2026 an dáta deireanach ar a nglacfar le hiarratais chomhlíonta.

Táimid tiomanta do dheiseanna comhionannais agus cuirimid fáilte roimh iarratais faoi na naoi bhforas san Acht um Chomhionannas Fostaíochta.
.

APPLICATION REQUIREMENTS

.

Applications may be submitted by

.

APPLY TO THIS JOB VACANCY

Apply To:
Chapter House, 26/30 1, Abbey Street Upper, Dublin 1
Dublin
County:
Dublin
Postal District:
Dublin 1
Enquiries To:
Further Information:

SHARE THIS ADVERT