ID FÓGRA 252911

Príomhoide

.

Gaelscoil na gCeithre Máistrí

Páirc an tSrutháin
Baile Dhún na nGall
F94 T863
.

PRÍOMHSHONRAÍ

Stádas:
Gníomhach
Leibhéal:
Bunscoil
Dáta Postáilte:
Máirt Beal 19 2026
Spriocdháta le haghaidh Iarratas:
Máirt Meith 2 2026
Dáta Tosaithe:
Máirt MFómh 1 2026
Stádas an Phoist:
Buan
.
SONRAÍ SCOILE
Cineál Scoile:
Príomhshruth
Struchtúr na Scoile:
Ingearach
Inscne:
Comhoideachas
Pátrúnacht na Scoile:
An Foras Patrúnachta
Rangú:
Gaelscoil
Líon Iomlán na mBall Foirne Múinteoireachta:
6
Rolla Reatha:
71
Scoil Droichead:
Gaelscoil
.

SONRAÍ AN PHOIST

Eolas Breise:
Is scoil de chuid An Foras Pátrúnachta í Gaelscoil na gCeithre Máistrí. Tá éiteas idirchreidmheach ag an scoil agus tá sároideachas trí Ghaeilge á fháil ag daltaí na scoile. Bhog an scoil isteach ina foirgneamh buan úr le déanaí, rud a chruthaíonn deiseanna fáis di.

Is mian linn ceannaire cumasach a earcú chun tógáil ar oidhreacht cháiliúil na scoile. Beidh sárscileanna cumarsáide, ceannaireachta, bainistíochta, teanga agus teicneolaíochta ag an té a cheapfar. Beidh fís láidir acu maidir leis an gcultúr gaelach, iad ag tógáil ar bhunchloch láidir. Glacfaidh siad ceannaireacht ar chúrsaí curaclaim, ar riachtanais speisialta a fhorbairt agus ar an scoil a fhás.

Beidh roghnú an duine rathúil bunaithe ar cheithre inniúlacht atá ar aon dul leis an gCreat Cáilíochta um Cheannaireacht agus Bainistíocht:
• Teagasc agus Foghlaim a Threorú
• An eagraíocht a bhainistiú
• Forbairt scoile a threorú
• Inniúlacht cheannaireachta a fhorbairt

Is é an íoslíon iarratas atá de dhíth chun go rachaidh an comórtas ar aghaidh ná triúr.
Glacfar le hiarratais ar ríomhphost amháin go dtí 4pm ar an spriocdháta.
.

RIACHTANAIS IARRATAIS

.

Is féidir iarratais a chur isteach trí

  • Ríomhphost
.

CUIR IARRATAS ISTEACH AR AN bhFOLÚNTAS SEO

Uimhir Rolla:
20096E
Cuir Iarratas Chuig:
Cathaoirleach an Bhoird Agallaimh, ar rphost amháin go: pogsna4m@foras.ie
Contae:
Dún na nGall
Ceisteanna Chuig:
Suíomh Gréasáin:

COMHROINN AN FÓGRA SEO