ID FÓGRA 247820
Oibrí Tionscadail (Project Worker)
.
Clár Críochnú Scoile, Conamara Thiar Theas
An Clochar
An Cheathrú Rua
H91 W662
An Cheathrú Rua
H91 W662
.
PRÍOMHSHONRAÍ
Stádas:
Gníomhach
Leibhéal:
Leibhéil Eile Oideachais
Dáta Postáilte:
Luan Ean 19 2026
Spriocdháta le haghaidh Iarratas:
Luan Feabh 9 2026
Stádas an Phoist:
Eile
Líon na bhFolúntas:
1
.
SONRAÍ AN PHOIST
Teideal:
Oibrí Tionscadail (Project Worker)
Cur síos:
Tá An Clár Críochnú Scoile, Conamara Thiar Theas (CCS-CTT) maoinithe ag an Roinn Oideachais faoi an tSeirbhís Tacaíochta Oideachais TESS, clár a bhfuil sé mar aidhm aige tionchar dearfach bheith aige ar leibhéil choinneála agus ar líon na ndaltaí a néiríonn leo an Ardteistiméireacht nó a chomhionainn a bhaint amach i mbunscoileanna agus iarbhunscoileanna atá faoin gclár. Tá an Clár (CCS-CTT) ag fógairt na poist seo a leanas, agus fáiltíonn siad roimh iarratais ar cheann nó ar gach rogha atá thíos.
Post 1: Oibrí Tionscadail Lánaimseartha (35 uair sa tseachtain)
nó
Post 2 (A): Oibrí Tionscadail Páirtaimseartha (21 uair sa tseachtain)
Post 2 (B): Oibrí Tionscadail Páirtaimseartha (16 uair sa tseachtain)
An ról: Feidhmíonn an Clár Críochnú Scoile Conamara Thiar Theas i 11 scoil (3 scoil dhara leibhéal agus 8 mBunscoil) i gceantar Chonamara Thiar Theas. Beidh dualgas ar an Oibrí Tionscadail tacaíochtaí agus cláir ábhartha a fhorbairt le freastal ar na daoine óga atá rannpháirteach sa chlár, agus de réir plean coinneála aontaithe bliantúil An Choiste Bainistíochta. Beidh an té a cheapfar ag obair ar bhonn laethúil i gcomhar leis an gComhordaitheoir áitiúil agus príomhoidí na scoileanna, chun na tacaí agus na cláir a sholáthar
Tá sé inmhianaithe go mbeidís seo a leanas na hiarrthóirí:
• Cáilíocht san oideachas; in obair óige/pobail; obair/cúram shóisialta; oideachas allamuigh & fóillíocht nó i ndisciplín atá gaolmhar leo nó taithí dá mhacasamhail.
• Taithí phraiticiúil ag obair le daoine óga, i ngrúpa agus/nó go haonarach
• Taithí ar chláracha ábhartha a dhearadh, a éascú agus a mheas atá dírithe ar dhaoine óga (m.sh. gníomhaíochtaí forbairt shóisialta, iompar, mothúchánach, féinmhuiníne, ealaíne, dráma, ceol, spóirt, cultúrtha srl.)
• Tuiscint ar na míbhuntáistí sóisialta agus oideachasúil agus ar riachtanais daoine atá i mbaol luathfhágáil Scoile
• Scileanna ríomhaireachta
• Ceadúnas iomlán glan tiomána agus rochtain ar charr le linn uaireanta oibre.
Nóta: Tá na scoileanna uile sa cheantar páirteach sa Scéim Aitheantas Scoileanna Gaeltachta, scéim ina bhfuil critéir theangabhunaithe i bhfeidhm chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn.
Tréithe pearsanta:
• Scileanna maith idirphearsanta agus cumarsáide. Ábalta feidhmiú go muiníneach agus go héifeachtach as a stuaim féin nó mar pháirt d’fhoireann agus cumas caidreamh spreagúil a fhorbairt le daoine óga.
• Toilteanas dul i mbun foghlaim agus forbairt ghairmiúil leanúnach le scileanna a fhorbairt, agus cláir nua a éascú nuair atá an oiliúint déanta.
• Eagraithe agus tiomanta agus ábalta glacadh le treoir.
• Ábalta oibriú go discréideach agus rúndacht a chinntiú i ngach réimse den obair.
Luach Saothair agus Sochair:
• Tá an scála pá ar chomhréir le cáilíochtaí agus taithí agus é bunaithe ar Scála Tuarastail Oibrí Óige (€38,769 - €57,011) mar atá ordaithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna/Bord Seirbhísí Óige Chathair Bhaile Átha Cliath (CDYSB), de réir Ciorclán 0052/2025.
• Tá an scéim ranníoca reachtúla 'Mo Chiste don Todhchaí' i bhfeidhm, faoi réir incháilitheachta de réir NAERSA.
• Tá an post bunaithe ar 52 seachtain sa bhliain le saoire bhliantiúil de 26 lá, le laethanta saoire poiblí agus pribhléide sa bhreis air sin agus tá Scéim Pá breoiteachta i bhfeidhm. Cuirtear gach saoire reachtúil eile ar fáil i gcomhréir leis an reachtaíocht ábhartha.
• Beidh an post bunaithe ar na huaireanta thuasluaite agus rátaí pro rata i bhfeidhm le haghaidh aon uaireanta páirtaimseartha atá i gceist.
An Próiseas Iarratais:
Tá foirm iarratais ceangailte leis an bhfógra seo. Is féidir iarratais a dhéanadh ar cheann amháin de na poist atá fógraithe nó gach ceann, ach é sin a shonrú sa bhosca cuí ar an bhfoirm iarratais.
• Fostóir comhionannas deiseanna é an An Clár Críochnú Scoile, Conamara Thiar Theas (CCS-CTT) ina chleachtais fostaíochta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil cúlraí éagsúla acu.
• Gearrliostú: Sa chás go mbeadh an líon iarrthóirí chomh hard agus nach mbeadh sé praiticiúil agallamh a chur ar gach iarrthóir, féadfaidh an Bord Agallaimh próiséas gearrliostúcháin a shocrú chun an líon daoine a roghnú i gcóir agallaimh, bunaithe ar na hiarratais is oiriúnaí don phost. Sa chás sin, ní dhéanfar teagmháil ach le hiarrthóirí ar an ngearrliosta
• D'fhéadfadh go mbainfidh úsáid as an ngearrliosta seo freisin chun folúntais eile a d’fhéadfadh teacht chun cinn ar feadh 12 mhí ó dháta an agallaimh a líonadh.
• De réir Acht An Biúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (Leanaí agus Daoine Leochaileacha) 2012, beidh Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána ina riachtanas don iarrthóir rathúil.
Le hiarratas a dhéanamh, seol litir iarratais agus an fhoirm iarratais atá ceangailte, comhlíonta go hiomlán chuig: ccsfoluntais@hotmail.com
Dáta deireadh d’iarratais: Dé Luain 9 Feabhra, 2026.
Ní ghlacfar le hiarratais dhéanacha

RIACHTANAIS IARRATAIS
- Litir Iarratais
- Réiteoirí (ainm, ról, uimhir theagmhála.)
- Foirm iarratais
.
Is féidir iarratais a chur isteach trí
- Ríomhphost
- Litir
.
Cuir Iarratas Chuig:
An Clár Críochnú Scoile, Conamara Thiar Theas,
An Clochar,
An Cheathrú Rua,
Gaillimh
Teil: 091-595826
Ríomphost: ccsfoluntais@hotmail.com
An Clochar,
An Cheathrú Rua,
Gaillimh
Teil: 091-595826
Ríomphost: ccsfoluntais@hotmail.com
Contae:
Gaillimh
Ceisteanna Chuig:
ccsfoluntais@hotmail.com or 091-595826
Tuilleadh Eolais:
Foirm iarratais:
COMHROINN AN FÓGRA SEO