ADVERT ID 244248

Principal Teacher

.

Scoil Gharbhain

Scoil Gharbháin
Clais na Lachan,
Dún na Mainistreach,
Dún Garbhán,
X35NP84
.

MAIN DETAILS

Status:
Active
Level:
Primary
Date Posted:
Fri Sep 5 2025
Application Closing Date:
Mon Sep 22 2025
Commencement Date:
Mon Nov 3 2025
Status of Post:
Permanent
.
SCHOOL DETAILS
School Type:
Mainstream
School Structure:
Vertical
Gender:
Co-Educational
School Patronage:
Catholic
Classification:
Gaelscoil
Total No. of Teaching Staff:
22
Current Enrolment:
324
Droichead school:
Yes
Gaelscoil
.

POST DETAILS

Additional Information:
Is Gaelscoil Chaitliceach, páiste-lárnach í Scoil Gharbháin ina bhfuil sároideaeachas trí Ghaeilge á fháil ag daltaí na scoile. Tá an scoil seo fós ag fás agus ag forbairt.

Is mian linn ceannaire cumasach, fuinniúil a earcú chun tógáil ar oidhreacht cháiliúil na scoile. Beidh sárscileanna cumarsáide, ceannaireachta, bainistíochta, teanga agus teicneolaíochta ag an té a cheapfar. Beidh fís láidir acu maidir leis an gcultúr Gaelach agus iad ag tógáil ar bhunchloch láidir.

Beidh roghnú an duine rathúil bunaithe ar cheithre inniúlacht atá ar aon dul leis an gCreat Cáilíochta um Cheannaireacht agus Bainistíocht:

• Teagasc agus Foghlaim a threorú
• An Eagraíocht a bhainistiú
• Forbairt Scoile a threorú
• Inniúlacht Cheannaireachta a fhorbairt

Táimid tiomanta i Scoil Gharbháin do thimpeallacht chothaitheach agus chuimsitheach a sholáthar ina spreagtar gach leanbh chun a lánacmhainneacht a bhaint amach. Oibríonn ár bhfoireann dhíograiseach i gcomhar lena chéile chun oideachas iomlánaíoch a sholáthar trí mheán na Gaeilge a chothaíonn sármhaitheas acadúil, fás pearsanta agus mothú láidir pobail.

Tá na scileanna, an taithí agus an t-eolas seo a leanas inmhianaithe:
Tuiscint agus tiomantas d'éiteas Scoile Caitlicí.
Eolas domhain ar Churaclam na Bunscoile do scoileanna lán-Ghaeilge agus raon leathan taithí múinteoireachta laistigh de bhunscoil lán-Ghaeilge.
Taithí múinteoireachta i suíomh lán-Ghaeilge, tuiscint mhaith ar conas a sheabhaítear teanga agus eolas ar chláir agus tionscnaimh a bhaineann leis an suíomh lán Ghaeilge.
Leibhéal den scoth tuisceana agus eolais ar cheannaireacht, bainistíocht agus riarachán scoile i suíomh bunscoile.
Tiomantas do cheannaireacht chomhroinnte agus toilteanas cúramaí a roinnt agus daoine eile a chumasú.
Fianaise ar chumas oibriú i gcomhar le gach ball foirne, leis an mBord Bainistíochta, le Tuismitheoirí/Caomhnóirí agus le pobal níos leithne na scoile.
Scileanna cumarsáide den scoth.
Ardleibhéal tuisceana agus eolais ar riachtanais speisialta, ar ionchuimsitheacht agus ar éagsúlacht san oideachas.
Taithí ar fhorbairt, ar chur i bhfeidhm, ar oibriú agus ar mheasúnú tionscnamh agus tionscadal nuálacha scoile.
Taithí agus eolas ar bheartais agus nósanna imeachta scoile uile a chur in ord tosaíochta, a chur i bhfeidhm agus a leabú.
Tiomantas agus fianaise ar fhorbairt ghairmiúil leanúnach agus ábhartha.
Toilteanas agus cumas oibriú i gcomhpháirtíocht le gníomhaireachtaí seachtracha.

Is é an t-íoslíon iarratas atá de dhíth chun go rachaidh an comórtas ar aghaidh ná triúr.

Glacfar le hiarratais tríd an post amháin go dtí 4pm ar an spriocdháta. Cuir "Iarratas Poist" ar an gclúdach led'thoil.
.

APPLICATION REQUIREMENTS

.

Applications may be submitted by

  • Post
.

APPLY TO THIS JOB VACANCY

Roll Number:
19814B
Apply To:
Cathaoirleach an Bhoird Agallaimh,
Scoil Gharbháin
Clais na Lachan,
Dún na Mainistreach,
Dún Garbhán,
X35NP84
County:
Waterford

SHARE THIS ADVERT