ID FÓGRA 233134

Leas-Phríomhoide

.

Scoil Mhichíl Naofa

Dún Géagáin
Baile 'n Sceilg
V23 PN30
.

PRÍOMHSHONRAÍ

Stádas:
Gníomhach
Leibhéal:
Bunscoil
Dáta Postáilte:
Máirt Aib 29 2025 10:48:19
Spriocdháta le haghaidh Iarratas:
Céad Beal 21 2025
Dáta Tosaithe:
Luan MFómh 1 2025
Stádas an Phoist:
Buan
.
SONRAÍ SCOILE
Cineál Scoile:
Príomhshruth
Inscne:
Comhoideachas
Pátrúnacht na Scoile:
Caitliceach
Rangú:
Scoil sa Ghaeltacht
Líon Iomlán na mBall Foirne Múinteoireachta:
3
Rolla Reatha:
48
Scoil Droichead:
Níl
Gaelscoil
.

SONRAÍ AN PHOIST

Eolas Breise:
Cuireann Bord Bainistíochta Scoil Mhichíl Naofa fáilte roimh iarratasaí le haghaidh post an Leasphríomhoide. Beidh an post líonta trí chomórtas oscailte. Glacfar le hiarratais i nGaeilge amháin.

Is Scoil Ghaeltachta i leithinis Uíbh Ráthaigh i gCiarraí Theas í Scoil Mhichíl Naofa faoi phatrúntacht Easpag Chiarraí. Is scoil le héiteas Caitlicigh í an scoil seo agus Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta bainte amach i 2024.

Is mian linn duine cumasach, fuinniúil agus solúbtha a cheapadh mar leasphríomhoide. Ní mór go mbeidh sárscileanna ceannaireachta, cumarsáide agus bainistíochta foirne ag an duine a cheapfar. Oibreoidh an Leasphríomhoide in éineacht leis an bPríomhoide agus foireann uile na scoile chun a chinntiú go bhfuil atmaisféar dearfach foghlama agus timpeallacht Gaelach ann do dhaltaí na scoile.
Beidh an leasphríomhide ag tacú leis an bhfís láidir atá ag an scoil, maidir leis an nGaeilge agus leis an cultúr gaelach a chur chun cinn.

Beidh ardchaighdeáin Ghaelainne idir labhartha agus scríofa riachtanach don bpost.


Caithfear cáilíocht aitheanta in Oideachas Reiligiúnach a bheith ag an té a cheapfaí. Caithfear a bheith cláraithe go h-iomlán leis an gComhairle Múinteoireachta faoi bhealach 1 - Bunscoil.

Baineann ról agus freagrachtaí an phoist seo leis an ceithre réimsí ceannaireachta agus bainistíochta mar a shonraítear in Imlitir 0044/2019.
1. Teagasc agus Foghlaim a Threorú
2. An Eagraíocht a Bhainistiú
3. Forbairt Scoile a Threorú
4. Inniúlacht Cheannaireachta a Fhorbairt.
.

RIACHTANAIS IARRATAIS

.

Is féidir iarratais a chur isteach trí

  • Litir
.

CUIR IARRATAS ISTEACH AR AN bhFOLÚNTAS SEO

Uimhir Rolla:
19436S
Cuir Iarratas Chuig:
Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta
Scoil Mhichíl Naofa
Dún Géagáin
Baile 'n Sceilg
V23 PN30
Contae:
Ciarraí
Ceisteanna Chuig:

COMHROINN AN FÓGRA SEO