ID FÓGRA 231874

Leas-Phríomhoide

.

Gaelscoil Na Rithe

Bóthar Dhroim Rí
Domhnach Seachnaill
A85 D266
.

PRÍOMHSHONRAÍ

Stádas:
Gníomhach
Leibhéal:
Bunscoil
Dáta Postáilte:
Máirt Aib 8 2025 15:16:25
Spriocdháta le haghaidh Iarratas:
Céad Aib 30 2025
Dáta Tosaithe:
Luan MFómh 1 2025
Stádas an Phoist:
Buan
.
SONRAÍ SCOILE
Cineál Scoile:
Príomhshruth
Struchtúr na Scoile:
Ingearach
Inscne:
Comhoideachas
Pátrúnacht na Scoile:
Caitliceach
Rangú:
Gaelscoil
Líon Iomlán na mBall Foirne Múinteoireachta:
13
Rolla Reatha:
223
Scoil Droichead:
Gaelscoil
.

SONRAÍ AN PHOIST

Eolas Breise:
Cuireann Bord Bainístíochta Gaelscoil na Ríthe fáilte roimh iarrataisí le haghaidh post an Leasphríomhoide. Is post lán-aimseartha é a bheidh líonta trí chomórtas oscailte. Is Gaelscoil í Ghaelscoil na Ríthe atá faoi phátrúntacht Deoise na Mí agus beidh an t-iarrthóir rathúil ag tacú le héiteas na scoile. Le bheith intofa don phost, caithfear:

- A bheith cláraithe go h-iomlán leis an gComhairle Múinteoireachta faoi bealach 1 bunscoil.
- Taithí cúig bliana múinteoireachta, ar a laghad, a bheith curtha isteach, le dhá bhliain dóibh siúd i mbunscoil aitheanta lastigh de Phoblacht na hÉireann.
- Leibhéal ard Gaeilge a bheith ag an iarratasóir.

Tá ról an-thábhachtach ag an Leasphríomhoide ar fhoireann bainistíochta na scoile. Comhoibreoidh an Leasphríomhoide leis an bPríomhoide i gcomhlánú ról an Phríomhoide agus seasfaidh an Leasphríomhoide isteach in áit an Phríomhoide i gcás asláithreacht an Phríomhoide.

Oibreoidh an Leasphríomhoide in éineacht leis an bPríomhoide agus foireann uile na scoile chun a chinntiú go bhfuil atmasféar dearfach foghlama agus timpeallacht gaelach ann do dhaltaí uile na scoile.

Ní mór go mbeidh sárscileanna ceannaireachta, cumarsáide, eagraíochta agus bainistíochta ama ag an te a cheapfar.

Beidh roghnú an duine rathúil bunaithe ar cheithre inniúlacht atá ar aon dul leis an gCreat Cáilíochtaí um Cheannaireacht agus Bainistíocht, mar atá leagtha síos i gCiorclán 0044/2019:

1. Teagasc agus foghlaim a threorú
2. An eagraíocht a bhainistiú
3. Forbairt scoile a threorú
4. Inniúlacht cheannaireachta a fhorbairt

Glacfar le le hiarratais i nGaeilge amháin agus ar ríomhphost amháin go dtí 4:00in ar an spriocdháta. Le do thoill seol iarratas chuig cathaoirleach na scoile ag postanna@gaelscoilnarithe.ie
.

RIACHTANAIS IARRATAIS

.

Is féidir iarratais a chur isteach trí

  • Ríomhphost
.

CUIR IARRATAS ISTEACH AR AN bhFOLÚNTAS SEO

Uimhir Rolla:
19867W
Cuir Iarratas Chuig:
postanna@gaelscoilnarithe.ie

Contae:
An Mhí
Ceisteanna Chuig:

COMHROINN AN FÓGRA SEO