ID FÓGRA 231707

Leas-Phríomhoide

.

Gaelscoil Chill Mhantain

An Casadh Meidhrech
Ráth Naoi
A67DK07
.

PRÍOMHSHONRAÍ

Stádas:
Gníomhach
Leibhéal:
Bunscoil
Dáta Postáilte:
Aoine Aib 4 2025 12:02:55
Spriocdháta le haghaidh Iarratas:
Aoine Beal 2 2025
Dáta Tosaithe:
Luan MFómh 1 2025
Stádas an Phoist:
Buan
.
SONRAÍ SCOILE
Cineál Scoile:
Príomhshruth
Struchtúr na Scoile:
Ingearach
Inscne:
Comhoideachas
Pátrúnacht na Scoile:
An Foras Patrúnachta
Rangú:
Gaelscoil
Líon Iomlán na mBall Foirne Múinteoireachta:
15
Rolla Reatha:
251
Scoil Droichead:
Gaelscoil
.

SONRAÍ AN PHOIST

Eolas Breise:
Cuireann Bord Bainístíochta Gaelscoil Chill Mhantáin fáilte roimh iarrataisí le haghaidh post an Leasphríomhoide. Is post lán-aimseartha é a bheidh líonta trí chomórtas oscailte. Is Gaelscoil idirchreidmheach í Ghaelscoil Chill Mhantáín atá faoi phátrúntacht an Fhorais Pátrúnachta.
Le bheith intofa don phost, caithfear:
- A bheith cláraithe go h-iomlán leis an gComhairle Múinteoireachta faoi bealach 1 – bunscoil
- Taithí cúig bliana múinteoireachta, ar a laghad, a bheith curtha isteach, le dhá bhliain dóibh siúd i mbunscoil aitheanta lastigh de Phoblacht na hÉireann.
- Leibhéal ard Gaeilge a bheith ag an iarratasóir

Is é íoslíon iarratas atá de dhíth leis an gcomórtas dul ar aghaidh ná triúir.

Tá ról an-thábhachtach ag an Leasphríomhoide ar fhoireann bainistíochta na scoile. Comhoibreoidh an Leasphríomhoide leis an bPríomhoide i gcomhlánú ról an Phríomhoide agus seasfaidh an Leasphríomhoide isteach in áit an Phríomhoide i gcás asláithreacht an Phríomhoide. Oibreoidh an Leasphríomhoide in éineacht leis an bPríomhoide agus foireann uile na scoile chun a chinntiú go bhfuil atmasféar dearfach foghlama agus timpeallacht gaelach ann do dhaltaí uile na scoile.

Beidh roghnú an duine rathúil bunaithe ar cheithre inniúlacht atá ar aon dul leis an gCreat Cáilíochtaí um Cheannaireacht agus Bainistíocht:

1. Teagasc agus foghlaim a threorú
2. An eagraíocht a bhainistiú
3. Forbairt scoile a threorú
4. Inniúlacht cheannaireachta a fhorbairt
Glacfar le h-iarrataisí ar ríomhphost amháin go dtí 4:00in ar an spriocdháta.

Le do thoill seol iarratas chuig cathaoirleach na scoile ag iarrataisipostgcm@gmail.com
.

RIACHTANAIS IARRATAIS

.

Is féidir iarratais a chur isteach trí

  • Ríomhphost
.

CUIR IARRATAS ISTEACH AR AN bhFOLÚNTAS SEO

Uimhir Rolla:
20045K
Cuir Iarratas Chuig:
Seol iarratas chuig cathaoirleach na scoile ag iarrataisipostgcm@gmail.com
Contae:
Cill Mhantáin
Suíomh Gréasáin:

COMHROINN AN FÓGRA SEO