ID FÓGRA 209112

Leas-Phríomhoide

.

Gaelscoil na Mara

Baile Uisce,
Domhnach Bat,
K36WT02
.

PRÍOMHSHONRAÍ

Stádas:
Díghníomhaithe
Leibhéal:
Bunscoil
Dáta Postáilte:
Máirt Márta 19 2024
Spriocdháta le haghaidh Iarratas:
Céad Aib 10 2024
Dáta Tosaithe:
Luan Aib 29 2024
Stádas an Phoist:
Buan
.
SONRAÍ SCOILE
Cineál Scoile:
Príomhshruth le Ranganna Speisialta
Struchtúr na Scoile:
Ingearach
Inscne:
Comhoideachas
Pátrúnacht na Scoile:
An Foras Patrúnachta
Rangú:
Gaelscoil
Líon Iomlán na mBall Foirne Múinteoireachta:
6
Rolla Reatha:
104
Scoil Droichead:
Gaelscoil
.

SONRAÍ AN PHOIST

Eolas Breise:
Is mian le Gaelscoil na Mara Príomhoide Tánaisteach a cheapadh. Is post buan é seo mar a leagtar amach i gCiorclán 0044/2019.
Is Gaelscoil chomhoideachasúil, ilchreidmeach í Gaelscoil na Mara. Tá foireann thiomanta agus gairmiúil ag obair sa scoil agus baineann daltaí na scoile luach as an timpeallacht dhearfach foghlama.

Titeann dualgais agus freagrachtaí an phoist seo faoi na réimsí a leagtar amach sa cháipéis Ag Breathnú ar an Scoil Againne 2022
Réimse 1: Ceannaireacht ar fhoghlaim agus ar theagasc
Réimse 2: An eagraíocht a bhainistiú
Réimse 3: Ceannaireacht ar fhorbairt na scoile
Réimse 4: Acmhainn na ceannaireachta a fhorbairt

Ag teacht leis na réimsí thuasluaite, agus ag obair go dlúth leis an bPríomhoide, bainfidh freagrachtaí an phoist seo le forbairt churaclaim uile-scoile, forbairt polasaithe, bainistíocht laethúil na scoile agus pleanáil straitéiseach d’fhorbairt na scoile.
Beidh na scileanna agus na hinniúlachtaí thíos ina mbuntáiste d’iarratasóirí:
Tuiscint ar an bpróiseas féinmheastóireacht scoile agus forbairt polasaithe
Saineolas ar cheannaireacht, bainistíocht agus riarachán scoile
Ardscileanna cumarsáide agus idirphearsanta mar aon le cumas daoine a bhainistiú
Tiomantas don cheannaireacht roinnte agus acmhainn na ceannaireachta a fhorbairt sa scoil
Chun iarratas a dhéanamh ar an bpost seo, ní mór Foirm Iarratais ar phost an Phríomhoide agus an leas-Phríomhoide a sheoladh chuig poistgsnamara@gmail.com faoi 5 i.n. ar an spriocdháta.
.

RIACHTANAIS IARRATAIS

.

Is féidir iarratais a chur isteach trí

  • Ríomhphost
.

CUIR IARRATAS ISTEACH AR AN bhFOLÚNTAS SEO

Uimhir Rolla:
20530R
Cuir Iarratas Chuig:
poistgsnamara@gmail.com
Contae:
Baile Átha Cliath
Ceantar Poist:
County Dublin
Ceisteanna Chuig:

COMHROINN AN FÓGRA SEO