ID FÓGRA 208109

Leas-Phríomhoide

.

Gaelscoil Chluainin

19/20 Sráid an Chaisleain
Cluainín Uí Ruairc
Manorhamilton
F91 PP62
.

PRÍOMHSHONRAÍ

Stádas:
Díghníomhaithe
Leibhéal:
Bunscoil
Dáta Postáilte:
Déar Feabh 8 2024 12:26:54
Spriocdháta le haghaidh Iarratas:
Aoine Márta 1 2024
Dáta Tosaithe:
Aoine Márta 15 2024
Stádas an Phoist:
Buan
.
SONRAÍ SCOILE
Cineál Scoile:
Príomhshruth
Struchtúr na Scoile:
Ingearach
Inscne:
Comhoideachas
Pátrúnacht na Scoile:
An Foras Patrúnachta
Rangú:
Gaelscoil
Líon Iomlán na mBall Foirne Múinteoireachta:
4
Rolla Reatha:
59
Scoil Droichead:
Gaelscoil
.

SONRAÍ AN PHOIST

Eolas Breise:
Is mian le Gaelscoil Chluainín Príomhoide Tánaisteach a cheapadh. Is post buan é
seo mar a leagtar amach i gCiorclán 0044/2019.
Is Gaelscoil chomhoideachasúil í Gaelscoil Chluainín. Tá foireann thiomanta agus
gairmiúil ag obair sa scoil agus baineann daltaí na scoile luach as an timpeallacht
dhearfach foghlama.
Titeann dualgais agus freagrachtaí an phoist seo faoi na réimsí a leagtar amach sa
cháipéis Ag Breathnú ar an Scoil Againne 2022.
● Réimse 1: Ceannaireacht ar fhoghlaim agus ar theagasc
● Réimse 2: An eagraíocht a bhainistiú
● Réimse 3: Ceannaireacht ar fhorbairt na scoile
● Réimse 4: Acmhainn na ceannaireachta a fhorbairt
Ag teacht leis na réimsí thuasluaite, agus ag obair go dlúth leis an bPríomhoide,
bainfidh freagrachtaí an phoist seo le forbairt churaclaim uile-scoile, forbairt
polasaithe, bainistíocht laethúil na scoile agus pleanáil straitéiseach d’fhorbairt na
scoile.
Beidh na scileanna agus na hinniúlachtaí thíos ina mbuntáiste d’iarratasóirí:
● Tuiscint ar an bpróiseas féinmheastóireacht scoile agus forbairt polasaithe
● Saineolas ar cheannaireacht, bainistíocht agus riarachán scoile
● Ardscileanna cumarsáide agus idirphearsanta mar aon le cumas daoine a
bhainistiú
● Tiomantas don cheannaireacht roinnte agus acmhainn na ceannaireachta a
fhorbairt sa scoil
Chun iarratas a dhéanamh ar an bpost seo, ní mór Foirm Iarratais ar phost an
Phríomhoide agus an leas-Phríomhoide a sheoladh chuig An Cathaoirleach,
Gaelscoil Chluainín, Cluainín Uí Ruairc, Co. Liatroma F91P662 faoi 5 i.n. ar an
spriocdháta.
.

RIACHTANAIS IARRATAIS

.

Is féidir iarratais a chur isteach trí

  • Litir
.

CUIR IARRATAS ISTEACH AR AN bhFOLÚNTAS SEO

Uimhir Rolla:
20260O
Cuir Iarratas Chuig:
An Cathaoirleach,
Gaelscoil Chluainín,
Cluainín Uí Ruairc,
Co. Liatroma
F91P662
Contae:
Liatroim
Ceisteanna Chuig:
071-9856046

COMHROINN AN FÓGRA SEO