ID FÓGRA 193444

Príomhoide

.

Gaelscoil Bheanntrai

Seisceann
Beanntraí
P75 VE44
.

PRÍOMHSHONRAÍ

Stádas:
Díghníomhaithe
Leibhéal:
Bunscoil
Dáta Postáilte:
Céad Beal 24 2023 13:54:16
Spriocdháta le haghaidh Iarratas:
Aoine Meith 9 2023
Dáta Tosaithe:
Luan Lún 28 2023
Stádas an Phoist:
Buan
.
SONRAÍ SCOILE
Cineál Scoile:
Príomhshruth
Inscne:
Comhoideachas
Pátrúnacht na Scoile:
Caitliceach
Rangú:
Gaelscoil
Líon Iomlán na mBall Foirne Múinteoireachta:
9
Rolla Reatha:
132
Scoil Droichead:
Gaelscoil
.

SONRAÍ AN PHOIST

Eolas Breise:
Is scoil comh-oideachasúil lán Ghaelach í Ghaelscoil Bheanntraí, atá faoi phatrúntacht Easpag Chorcaí agus Róis. Tá 145 páiste ar rolla. Tá seisear Múinteoir ranga, Múinteoir amháin sa rang Uathachais , beirt Múinteoir SET agus beirt CRS sa scoil.
Tá Naíonra príobháideach lonnaithe sa scoil.
Beidh roghnú an iarratasóra rathúil bunaithe ar cheithre inniúlacht atá ar aon dul leis an gCreat Cailíochta Um Cheannaireacht agus Bainistíocht.
1. Ceannaireacht ar Fhoghlaim agus ar Theagasc
2. An Eagraíocht a Bhainistiú
3. Ceannaireacht ar Fhorbairt na scoile
4. Acmhainn na Ceannaireachta a Fhorbairt
Is gá teastas chun Reiligiúin a mhúineadh i scoil Chaitliceach agus teastas clárúcháin do Chomhairle na Múinteoirí a bheith ag aon iarrathóir.
Tá sé inmhianaithe go mbeadh ag aon iarrathóir:.
• Gaeilge líofa.
• Taithí ar ghach grád a mhúineadh agus ar ranganna ilghrádacha a mhúineadh.
• Eolas doimhin ar an gCuraclam agus ar conas é a chur i bhfeidhm go héifeachtach sa scoil.
• Fianaise go bhfuil taithí agat ar dhaoine a bhainistiú agus gur féidir leat oibriú mar bhall foirne.
• Scileanna láidir cumarsáide ag an nduine.
• Taithí ar fhorbairt, cur i bhfeidhm agus meastóireacht ar thionscnaimh nuálach ar bhonn scoile.
• Fianaise ar fhorbairt ghairimiúil leanúnach atá ábhartha.
• Taithí ar pholasaithe a fhorbairt.
• Bainistiú a dhéanamh ar achmhainní airgeadais agus fisiciúil na scoile go héifeachtach.
• Cultúr na hEalaíne, Spóirt, Ceoil agus Drámaíochta na scoile a chaomhnú agus a fhorbairt.
Le do iarratas, bíodh litir ag déanamh achoimre ar an bhfís atá agat do Ghaelscoil Bheanntraí agus na spriocanna gur mhaith leat a bhaint amach don scoil.
Cuir do iarratas isteach le Fhoirm Iarratais Chaighdeánach do Phríomhoide/Leas Phríomhoide amháin. Is comórtas oscailte í seo. Caithfear trí iarratais a fháil chun agallaimh a reachtáil.
Seol trí chóip do d’iarratas sa phost chuig Camille Ní Dhoirinne, (Cathaoirleach Bord Bainistíochta Gaelscoil Bheanntraí) ag Trá, Beanntraí, Co. Chorcaí P75 WP23
.

RIACHTANAIS IARRATAIS

.

Is féidir iarratais a chur isteach trí

  • Litir
.

CUIR IARRATAS ISTEACH AR AN bhFOLÚNTAS SEO

Uimhir Rolla:
20001N
Cuir Iarratas Chuig:
Camille Ní Dhoirinne
Trá
Beanntraí
Co Chorcaí
P75 WP23
Contae:
Corcaigh
Ceisteanna Chuig:

COMHROINN AN FÓGRA SEO