ID FÓGRA 186686

Leas-Phríomhoide

.

Gaelscoil Laighean

Bóthar Chnoc Ainbhil
Cnoc Mhuirfean
Baile Átha Cliath 14
Baile Átha Cliath
D14RF67
.

PRÍOMHSHONRAÍ

Stádas:
Díghníomhaithe
Leibhéal:
Bunscoil
Dáta Postáilte:
Déar Márta 9 2023 09:33:17
Spriocdháta le haghaidh Iarratas:
Déar Márta 23 2023
Dáta Tosaithe:
Máirt Aib 4 2023
Stádas an Phoist:
Buan
.
SONRAÍ SCOILE
Cineál Scoile:
Príomhshruth
Struchtúr na Scoile:
Ingearach
Inscne:
Comhoideachas
Pátrúnacht na Scoile:
An Foras Patrúnachta
Rangú:
Gaelscoil
Líon Iomlán na mBall Foirne Múinteoireachta:
4
Rolla Reatha:
72
Scoil Droichead:
Gaelscoil
.

SONRAÍ AN PHOIST

Eolas Breise:

Is mian le Bord Bainistíochta Ghaelscoil Laigheann folúntas don phost mar Príomhoide Tánaisteach sa scoil a fhógairt. Feidhmeoidh an té a cheapfar mar bhall lárnach d’fhoireann ceannasaíochta agus bainistíochta na scoile. Déanfar athbhreithniú ar dhualgais an Phríomhoide Tánaisteach go rialta agus féadfar iad a athrú ag brath ar riachtanais reatha na scoile atá ag forbairt. Seo a leanas na dualgais reatha a leagfar ar an té a cheapfar:
Dualgais Riaracháin
▪ Cúraimí an Phríomhoide a ghlacadh i gcás as láithreachta
▪ Comhoibriú le riarachán do chruinnithe foirne, do laethanta pleanála, do thuairiscí scoile, d’fhéilire na bliana agus d’ócáidí scoile
▪ Freastal ar chruinnithe rialta leis an bhfoireann in-bhainistíochta
▪ Feidhmiú mar Ionadaí Sábháilteachta na Foirne
▪ Tinreamh scoile a thaifead go cruinn agus tuairisciú don Bhord Bainistíochta agus do Thusla ina leith
▪ Féitheoireacht Chlóis a eagrú agus a bhainistiú
▪ Freagracht a ghlacadh ar acmhainní scoile: riachtanais a aithint, ordú, agus cúram
▪ Imeachtaí scoile a eagrú – Seachtain na Gaeilge, Lá Oscailte srl.
Dualgais Thréadacha
▪ Tacú leis an bhfoireann in-bhainistíochta chun sainmheon dearfach foghlamtha a chur chun cinn ar fud na scoile
▪ Caomhnú Páistí sa scoil a chinntiú agus feidhmiú mar leas-DCA (Duine Caidrimh Ainmnithe)
▪ Bheith mar bhall den Fhoireann Theagmhais Chriticiúil
▪ Eolas a scaipeadh i measc bhaill foirne maidir le riachtanais sláinte na ndaltaí
▪ Tacú le cur i bhfeidhm an Chóid Smachta ar fud na scoile
▪ Tacú le baill foirne nua chun na scoile agus le hionadaithe
▪ Pacáistí eolais na scoile do bhall foirne agus do thuismitheoirí a chur ar fáil
▪ Bainistíocht ar an Seomra Foirne: eolas , taispeántais agus acmhainní
Dualgais Churaclaim
▪ Freagracht a ghlacadh as gnéithe curaclaim ag freagairt do riachtanais reatha na scoile
▪ Tabhairt faoi mheasúnú agus athbhreithniú ar an bPlean Scoile
▪ Féinmheastóireacht Scoile a threorú agus a eagrú
▪ Leabharliostaí ranga a eagrú
▪ Bainistíocht ar scéim cíosa leabhair na scoile

Más mian leat iarratas a dhéanamh ar an bpost mar Phríomhoide Tánaisteach, ba chóir iarratas scríofa (foirm iarratais agus litir iarratais a léiríonn inniúlacht don phost) a chur chuig an gCathaoirleach ag iarrataisgslaighean@gmail.com roimh 5.00 i.n. Déardaoin, 23 Márta

.

RIACHTANAIS IARRATAIS

.

Is féidir iarratais a chur isteach trí

  • Ríomhphost
.

CUIR IARRATAS ISTEACH AR AN bhFOLÚNTAS SEO

Uimhir Rolla:
20518E
Cuir Iarratas Chuig:
iarrataisgslaighean@gmail.com



Contae:
Baile Átha Cliath
Ceantar Poist:
County Dublin

COMHROINN AN FÓGRA SEO