ID FÓGRA 168934

Leas-Phríomhoide

.

Scoil Naomh Gobnait

Dún Chaoin
Trá Lí
V92Ny00
.

PRÍOMHSHONRAÍ

Stádas:
Díghníomhaithe
Leibhéal:
Bunscoil
Dáta Postáilte:
Céad Beal 11 2022
Spriocdháta le haghaidh Iarratas:
Céad Meith 1 2022
Dáta Tosaithe:
Máirt Lún 30 2022
Stádas an Phoist:
Buan
.
SONRAÍ SCOILE
Cineál Scoile:
Príomhshruth
Struchtúr na Scoile:
Ingearach
Inscne:
Comhoideachas
Pátrúnacht na Scoile:
Caitliceach
Rangú:
Scoil sa Ghaeltacht
Líon Iomlán na mBall Foirne Múinteoireachta:
2
Rolla Reatha:
46
Scoil Droichead:
Níl
Gaelscoil
.

SONRAÍ AN PHOIST

Eolas Breise:
Tugann Bord Bainistíochta Scoil Naomh Gobnait cuireadh d’iarratasóirí ar phost mar Leas-phríomhoide. Is post buan é seo agus déanfar an ceapachán trí chomórtas oscailte. Oibreoidh an Príomhoide Ionaid leis an bPríomhoide agus leis an bhFoireann Bainistíochta Inscoile chun tacaíocht a thabhairt agus ceannaireacht éifeachtach a fhorbairt laistigh den scoil.
Baineann Róil agus Freagrachtaí Sonracha don phost seo leis na ceithre réimse Ceannaireachta agus Bainistíochta mar atá leagtha amach i gciorclán 0044/2019 mar seo a leanas:
1. Teagasc agus Foghlaim a threorú
2. An eagraíocht a abhainistiú
3. Forbairt Scoile a threorú
4. Inniúlacht Cheannairachta a Fhorbairt
Is Scoil Ghaeltachta, caitliceach, comhoideachais í Scoil Naomh Gobnait.
Bheadh ardchaighdeán Gaeilge labhartha agus scríofa riachtanach don bpost seo.

Tá taithí le ilranganna agus oideachas speisialta inmhianaithe.

Tá Cáilíocht aitheanta chun Oideachas Reiligiúnach a mhúineadh i scoil Chaitliceach ag teastáil.
Beidh faomhadh an cheapúcháin ag brath ar riachtanais reatha grinnfhiosrúcháin agus scagthástáil sláinte gairme.

Seol ceithre chóip de d’iarratas tríd an bpost chuig an Cathaoirleach nó is féidir na cáipéisí cuí a sheoladh i bhfoirm PDF amháin go dtí an seoladh ríomhphoist seo leasphriomhoidesng@gmail.com.

Tá sé riachtanach go mbeidh ar a laghad triúr iarrthóirí cáilithe istigh ar an bpost.
.

RIACHTANAIS IARRATAIS

.

Is féidir iarratais a chur isteach trí

  • Ríomhphost

  • Litir
.

CUIR IARRATAS ISTEACH AR AN bhFOLÚNTAS SEO

Uimhir Rolla:
16281A
Cuir Iarratas Chuig:
FAO: Post an Leas-Phríomhoide
An Cathaoirleach
Scoil Naomh Gobnait
Dún Chaoin
Trá Lí
Co. Chiarraí
V92 NY00



leasphriomhoidesng@gmail.com
Contae:
Ciarraí
066 9156411

COMHROINN AN FÓGRA SEO