ID FÓGRA 165168

Príomhoide

.

Adhamhnain Naofa

An Luinnigh
Doiri Beaga
Leitir Ceanainn
F92 C963
.

PRÍOMHSHONRAÍ

Stádas:
Díghníomhaithe
Leibhéal:
Bunscoil
Dáta Postáilte:
Máirt Feabh 1 2022
Spriocdháta le haghaidh Iarratas:
Máirt Feabh 15 2022
Dáta Tosaithe:
Luan Aib 25 2022
Stádas an Phoist:
Buan
.
SONRAÍ SCOILE
Cineál Scoile:
Príomhshruth
Struchtúr na Scoile:
Ingearach
Inscne:
Comhoideachas
Pátrúnacht na Scoile:
Caitliceach
Rangú:
Scoil sa Ghaeltacht
Líon Iomlán na mBall Foirne Múinteoireachta:
12
Rolla Reatha:
131
Scoil Droichead:
Níl
Gaelscoil
.

SONRAÍ AN PHOIST

Eolas Breise:
POST PRÍOMHOIDE:
Scoil Adhamhnáin, An Luinneach, Gaoth Dobhair, Tír Chonaill
Is mian le Bord Bainistíochta Scoil Adhamhnáin, An Luinneach (Uimhir Rolla 17503u) a fhógairt go bhfuil Príomhoide le ceapadh, a rachaidh i mbun dualgais ón 25 Aibreán, 2022, nó nuair a chomhlíonann an iarratasóir rathúil fógra éigeantach.

Is Bunscoil Náisiúnta Gaeltachta, pháiste-lárnach, le héiteas Caitliceach faoi phátrúnacht Easpag Dheoise Ráth Bhotha, An Dr. Sár-Oirmhinneach Alan Mac Eochagáin C.Í, í Scoil Adhamhnáin. Beidh cáilíocht le Oideachas Reiligiúnach Caitliceach a mhúineadh i scoileanna Chaitliceacha in Éirinn riachtanach. Glacann foireann na Scoile go fonnmhar lena gcúram timpeallacht Chríostaí, Gaelach, Staidéartha, Sábháilte agus Taitneamhach a chothú agus a fhorbairt.

An íos líon iarratais le go rachaidh an comórtas ar aghaidh na triúr.

Beidh roghnú an iarratasóra rathúil bunaithe ar cheithre inniúlacht atá ar aon dul leis an gCreat Cáilíochta um Cheannaireacht agus Bainistíocht:
1.Teagasc agus Foghlaim a Threorú
2. An Eagraíocht a Bhainistiú
3. Forbairt Scoile a Threorú
4. Inniúlacht Cheannaireachta a Fhorbairt

Beidh duine fuinniúil, díograiseach, cineálta agus éifeachtach ag teastáil leis an scoil a reachtáil, ag tógáil ar an bhunchloch láidir atá leagtha síos go dáta. Ceannaire seasmhach, neamhspleách, spreagúil, le deá-bhreithiúnas a bheidh sa té a cheaptar. Duine atá tiomanta do fhorbairt iomlán na bpáistí, d'fhoghlaim agus d'fhorbairt na foirne agus na teaghlaigh a oibríonn leo.

Ní mór trí chóip den fhoirm iarratais comhlánaithe (ar pháipéar amháin) a sheoladh ar ais chuig;

An Cathaoirleach
“Iarratas Príomhoide”
Scoil Adhamhnáin,
An Luinneach,
Gaoth Dobhair,
Tír Chonaill
F92 C963
Scríobh go soiléir "Iarratas Príomhoide” ar an clúdach litreach agus tú ag déanamh iarratas le do thoil. Glacfar le hiarratais tríd An Post amháin, agus ní mór iad a bheith faighte tráth nach déanaí ná 1:00i.n. ar an 15 Feabhra, 2022
.

RIACHTANAIS IARRATAIS

.

Is féidir iarratais a chur isteach trí

  • Litir
.

CUIR IARRATAS ISTEACH AR AN bhFOLÚNTAS SEO

Uimhir Rolla:
17503U
Cuir Iarratas Chuig:
An Cathaoirleach
“Iarratas Príomhoide”
Scoil Adhamhnáin,
An Luinneach,
Gaoth Dobhair,
Tír Chonaill
F92 C963
Contae:
Dún na nGall
Ceisteanna Chuig:
0749531547
Suíomh Gréasáin:

COMHROINN AN FÓGRA SEO