Ráiteas Príobháideachais
RÉAMHRÁ
Is é Líonra Príomhoidí Bunscoile na hÉireann (IPPN) an comhlacht gairmiúil aitheanta oifigiúil do mhúinteoirí agus do cheannairí bunscoile in Éirinn. Is é suíomh gréasáin gaolmhar IPPN, EducationPosts.ie, an príomhshuíomh fógraíochta le haghaidh folúntais oideachais i scoileanna na hÉireann. Soláthraíonn IPPN ardán d’eagraíochtaí oideachais chun ualach riaracháin na scoile agus costais earcaíochta a laghdú trína thairseach ar líne, atá ar EducationPosts.ie.
Is í an scoil a chláraigh leis an tairseach earcaíochta ar líne ar EducationPosts.ie chun folúntas poist a chur in airde, i.e. an Fógróir Poist, an rialaitheoir sonraí faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR) agus faoin Acht um Chosaint Sonraí 2018 maidir le haon sonraí pearsanta a bhailítear mar chuid den fholúntas.
Mar sholáthraí na tairsí earcaíochta, is próiseálaí sonraí é IPPN faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR) agus faoin Acht um Chosaint Sonraí 2018.
Tagraíonn aon tagairt do “muid”, “ár” nó “againn”, srl. san Fhógra seo do IPPN mar phróiseálaí sonraí.
- Conas a láimhseálaimid agus a úsáidimid do shonraí pearsanta
- Na tríú páirtithe a gcomhroinnimid do shonraí pearsanta leo; agus
- Do chearta maidir le do shonraí pearsanta.
- Chun deiseanna fostaíochta oideachais i scoileanna a riar
- Chun ligean do Fhógróirí Poist comhfhreagras ríomhphoist a bhaineann le folúntas poist a rianú agus a logáil, lena n-áirítear amanna agallaimh a rianú. Ní dhéantar rianú ná logáil ar idirghníomhaíochtaí ríomhphoist, amhail cliceálacha agus amharcanna, ar an tairseach.
- Chun ligean do Fhógróirí Poist teagmháil a dhéanamh leat trí ríomhphost nó ar an nguthán chun agallamh a eagrú le haghaidh róil ar chuir tú iarratas isteach air.
NA SONRAÍ PEARSANTA A BHÍONN Á bPRÓISEÁIL AGAINN
- Ainm iomlán
- Oideachas agus Cáilíochtaí
- Dintiúir Mhúinteoireachta
- CVanna, Litreacha Cumhdaigh agus ceangaltáin eile a chomhroinneann an t-iarratasóir mar chuid d’iarratas poist
- Seoladh Ríomhphoist
- Uimhir Ghutháin
- Seoladh Poist
- Uimhir Chomhairle Múinteoireachta
- Eolas faoin reiligiún
- Eitneacht
- Eolas sláinte
Tá an Rialaitheoir freagrach as eolas a thabhairt maidir le próiseáil sonraí catagóire speisialta agus tá ceanglas air faisnéis mhionsonraithe a tabhairt ar na cuspóirí agus ar an mbunús dlíthiúil atá le bailiú na faisnéise sin san fhoirm iarratais don fholúntas poist. Molaimid do gach cuardaitheoir poist gach folúntas poist a léamh go cúramach sula gcomhlíonfaidh siad foirm iarratais chun a chinntiú go bhfuil siad compordach an fhaisnéis atá á hiarraidh a sholáthar.
- Le do thoiliú
Próiseálaimid do shonraí catagóire speisialta de réir na mbonn dlíthiúil a leanas in Airteagal 9:
- Le do thoiliú sainráite
Féadfar go mbeidh boinn dhlíthiúla bhreise ag an scoil a bhfuil tú ag cur iarratas isteach ar phost inti le haghaidh do shonraí pearsanta a phróiseáil; is iad na boinn thuasluaite, áfach, na boinn a mbíonn IPPN ag brath orthu mar phróiseálaí sonraí.
Comhroinnimid do shonraí pearsanta leis na tríú páirtithe seo a leanas:
- Soláthraithe néil
- Ionadaithe dlíthiúla
- Soláthraithe córas TF
- An Bord Roghnúcháin i gcás gearrliostaithe le haghaidh folúntas poist ar leith. Is chun críocha gearrliostaithe agus agallaimh amháin a bheidh rochtain ag an mBord Roghúcháin ar do chuid faisnéise. Ní bheidh rochtain ag an mBord Roghnúcháin ar do chuid faisnéise ach ar feadh 3 mhí amháin.
Coinnímid do chuid sonraí chomh fada agus is gá chun críocha próiseála agus ar feadh an achair sin amháin. Féadfaidh sé go mbeadh orainn do shonraí a choinneáil ar feadh tréimhse níos faide freisin mar gheall ar oibleagáidí dlíthiúla.
Cineál Sonraí | Tréimhse Choinneála |
Sonraí Earcaíochta | 18 mí tar éis dheireadh an ghnáthaimh iarratais |
Sonraí Próifíle Úsáideora | 3 bliana ón dáta ar logáil an t-úsáideoir isteach ina chuntas den uair dheireanach, i.e. mura logálann úsáideoir tairsí isteach ina chuntas in imeacht 3 bliana, scriosfar a shonraí próifíle agus an t-ábhar go léir a bhaineann leis go slán. |
Sonraí an Bhoird Roghnúcháin | 3 mhí |
- An ceart ar thoiliú a tharraingt siar sa chás inar sin is bonn leis an bpróiseáil
- An ceart ar rochtain
- An ceart ar a bheith curtha ar an eolas
- An ceart ar scriosadh
- An ceart ar srian a chur ar phróiseáil
- An ceart ar iniomparthacht sonraí
- An ceart ar chur i gcoinne próiseála
- Cearta a bhaineann le cinnteoireacht uathoibrithe agus próifíliú
- An ceart ar ghearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí
Más mian leat aon cheann de na cearta thuas a fheidhmiú nó má tá ceisteanna agat faoin gcaoi a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta, déan teagmháil lenár nOifigeach Cosanta Sonraí ag dpo@ippn.ie
Más mian leat gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí maidir le próiseáil do shonraí pearsanta againn, is féidir leat é sin a dhéanamh tríd an nasc seo a leanas https://www.dataprotection.ie/en/contact/how-contact-us