Scoil – Conas cuireadh a chur chuig an mBord Roghnúcháin?
Fógra a chruthú: Agus fógra á chruthú, ar an leathanach Bord Agallaimh/Roghnúcháin, cuir isteach Seoladh Ríomhphoist, Céadainm agus Sloinne na ndaoine a bheidh ar an mBord Agallaimh/Roghnúcháin don phost.
Fógraí Atá Ann Cheana: Ar Mo Fhógraí, roghnaigh an fógra cuí faoin táb Gníomhach nó faoin táb In Éag. Roghnaigh Bord Roghnúcháin agus scríobh isteach Céadainm, Sloinne agus Seoladh Ríomhphoist na ndaoine a bheidh ar an mBord Agallaimh/Roghnúcháin i dtaca leis an bpost seo.
Gheobhaidh úsáideoirí ríomhphost uathúil ón gcóras ina mbeidh treoracha leagtha amach. Ní mór don úsáideoir fíordheimhniú a dhéanamh leis an seoladh ríomhphoist trína bhfuarthas an cuireadh. Gheobhaidh úsáideoirí ríomhphost nuair a bhainfear den Bhord Roghnúcháin iad freisin. Beidh rochtain ag baill den Bhord Roghnúcháin ar fhógra Tairsí ar feadh trí mhí amháin.
- Chun rochtain a fháil ar an bhfógra Tairsí, ní mór don bhall den Bhord Agallaimh/Roghnúcháin cliceáil ar an gcnaipe Eolas Fógra sa ríomhphost ‘Cuireadh: Bord Agallaimh maidir le…’.
Tagann athrú ar an gcolún Stádas ag brath ar ghníomhartha na mball den Bhord Roghnúcháin:
- Ceart go leor: Chliceáil an t-úsáideoir ar an nasc cuiridh, nó ghlac sé le cuireadh
- Ar feitheamh: Ní bhfuarthas freagra ar an gcuireadh fós
- Preabadh: Phreab an ríomhphost cuiridh. Féadfaidh sé go mbeidh teachtaireacht earráide ar fáil freisin.
- Mura bhfuil cuntas EducationPosts.ie ag an úsáideoir, iarrfar orthu pasfhocal a shocrú agus a n-ainm a dheimhniú an chéad uair a chliceálfaidh siad ar an nasc.
- Má tá cuntas EducationPosts.ie ag an úsáideoir cheana, beidh orthu logáil isteach sa chuntas sin agus dul ar aghaidh chun amharc ar an bhfógra.
Iontrálacha Gaolmhara: