Scoil - Conas fógra a chruthú ar an tairseach?

1. Tosaigh ar d’fhógra a chruthú mar a dhéanfá de ghnáth trí chliceáil ar an gcnaipe Fógraigh ar an mbarra uirlisí, nó roghnaigh Cruthaigh Fógra ar Dheais an Fhógróra.  

 

2. Roghnaigh an Scoil nó an Eagraíocht chuí ón roghchlár anuas. Roghnaigh Lean ar aghaidh. Roghnaigh leibhéal do d’fhógra, léigh an téacs agus roghnaigh Tá an séanadh léite agam agus glacaim leis.

 

3. Roghnaigh an Chatagóir Folúntais agus an Stádas Poist cuí. Beidh dhá mhodh fógraíochta ar fáil má tá an post oiriúnach chuige sin: Fógra Amháin nó an Tairseach Iarratais Ar Líne. Roghnaigh Tairseach Iarratais Ar Líne, léigh na sonraí agus roghnaigh Lean ar aghaidh.

 

4. Scríobh an Ról atá agat féin sa scoil isteach sa bhosca cuí agus roghnaigh Cruthaigh Comhaontú Próiseála Sonraí. Osclófar fuinneog ina mbeidh an Comhaontú Próiseála Sonraí le feiceáil. Chun rochtain a fháil ar an tairseach, ní mór duit an doiciméad iomlán a léamh agus tic a chur sa bhosca chun glacadh leis an gcomhaontú. Tá na freagrachtaí atá ort agus an Tairseach in úsáid agat leagtha amach sa doiciméad seo agus beidh sé le feiceáil faoin táb Dlíthiúil ar do Dheais nuair a bheidh sé sínithe. Roghnaigh Toilím leis an gcomhaontú thuas.

 

5. Cuir tic sa dara bosca ar an leathanach chun toiliú leis na polasaithe. Léigh na cáipéisí Beartas Príobháideachais agus Téarmaí agus Coinníollacha. Roghnaigh Lean ar aghaidh.

 

6. Roghnaigh na sonraí cuí maidir leis an Spriocdháta le haghaidh Iarratas, an Dáta Tosaithe agus Líon na bhFolúntas, agus cuir isteach an t-eolas eile de réir mar is cuí. Beidh an íostréimhse fógraíochta le feiceáil ar an bhféilire.

 

7. Faoi Fhoirm Iarratais, roghnaigh an Fhoirm Iarratais Chaighdeánach nó an Fhoirm Iarratais Shaincheaptha ón roghchlár anuas.

  • Más í an Fhoirm Iarratais Chaighdeánach a bheidh in úsáid agat le haghaidh Poist do Mhúinteoirí, Príomhoidí Bunscoile nó Leas-Phríomhoidí bunscoile, is é sin atá le roghnú agat.
  • Ag leibhéal na hiarbhunscoile, ní mór don Fhógróir Foirm Iarratais Shaincheaptha a chur ar fáil. Ar chúinsí slándála, ní mór an fhoirm a chur ar fáil mar PDF. Chun Foirm Iarratais Shaincheaptha a uaslódáil, roghnaigh Brábhsáil agus uaslódáil an doiciméad cuí ó do ghléas.
  • Nóta: Má roghnaíonn an fógróir Foirm Iarratais Shaincheaptha a uaslódáil, ní mór don Iarratasóir an fhoirm sin a íoslódáil, a chomhlánú le huirlis phróiseálaithe focal tríú páirtí amhail Microsoft Office, agus a uaslódáil trí chliceáil ar an gcnaipe Uaslódáil.

8. Roghnaigh an rogha chuí maidir le Litir Chumhdaigh agus comhlánaigh na rannáin atá fágtha san fhógra, más gá. Roghnaigh Lean ar aghaidh

 

9. Léigh an leathanach Réamhamhairc go cúramach lena dheimhniú go bhfuil sonraí an fhógra ceart. Tá sé ríthábhachtach a chinntiú go bhfuil na sonraí uile i d’fhógra ceart sula dtéann tú ar aghaidh. Más gá athruithe a dhéanamh, roghnaigh Leasaigh Fógra. Má tá an fógra ceart, roghnaigh Lean ar aghaidh.

 

10. Faoin táb Bord Agallaimh/Roghnúcháin scríobh isteach Céadainm, Sloinne agus Seoladh Ríomhphoist na ndaoine ar an mBord Roghnúcháin ag an bpointe seo má tá siad ar eolas agat. Gheobhaidh na daoine seo ríomhphost ón suíomh gréasáin ina mbeidh treoracha le leanúint. Is dá rogha féin a líonfaidh na daoine an tábla ag an bpointe seo. Roghnaigh Lean ar aghaidh lena chomhlánú níos moille.

 

11. Tá d’fhógra sábháilte anois agus táthar ag fanacht le híocaíocht. Más gá do thríú páirtí an fógra a fhaomhadh, íoslódáil cóip den fhógra tríd an deilbhín corcra a chliceáil ag barr an fhógra. Cuir an doiciméad le ríomhphost chuig na páirtithe cuí chun gur féidir leo é a athbhreithniú.

 

12. Roghnaigh Gabh chuig an gCuntar Amach chun d’fhógra a cheannach agus íoc as mar a dhéanfá de ghnáth le creidmheasanna nó cárta íocaíochta.

 

13. Nuair a bheidh fógra curtha isteach agus an íocaíocht próiseáilte, rachaidh an fógra ar an suíomh go huathoibríoch i ndiaidh 30 nóiméad de réir an Dáta Gníomhachtaithe Iarrtha ar an bhfógra. Bíonn an dáta a bheidh an fógra le feiceáil ar an suíomh le fáil faoin gcolún ‘Infheicthe Ó’ ar an Deais. Is féidir leat amharc ar an bhfógra faoin Táb Ar Feitheamh nó faoin táb Gníomhach ar an deais. Ní bheidh an t-eolas faoin táb Iarratasóirí le feiceáil ina iomláine go dtí an dáta agus an t-am atá an cruinniú gearrliostaithe sceidealaithe ar an tairseach. Lá amháin i ndiaidh an spriocdháta an lá is luaithe is féidir an cruinniú gearrliostaithe a sceidealú.

 

14. Nuair a bheidh an fógra beo, gheobhaidh tú ríomhphost ina mbeidh eolas breise faoi theagmháil a dhéanamh le hiarratasóirí, faoi chruinniú gearrliostaithe a sceidealú agus faoi chuireadh chun agallaimh a chur chuig iarratasóirí.

  • Nóta: Faoi láthair féidir fógraí a cruthaíodh leis an tairseach iarratais ar líne a athfhógairt.

Iontrálacha Gaolmhara: