Ginearálta – Céard é an Tairseach Iarratais Ar Líne?

Leis an Tairseach Iarratais Ar Líne is féidir le Fógróirí an próiseas earcaíochta ar líne a bhainistiú trí EducationPosts.ie. Cuireann Cuardaitheoirí Post isteach ar phoist go díreach trína gcuntas féin ar Fhoirm Iarratais Chaighdeánach nó trí Fhoirm Iarratais Shaincheaptha chomhlánaithe curtha ar fáil ag an scoil a uaslódáil.

 

Tá feidhmeanna breise ar fáil ar fhógraí áirithe agus ní mór d’fhógróirí clárú chun iad a úsáid. Tríd an tairseach is féidir le Fógróirí iarratais a fháil ar líne, cruinnithe gearrliostaithe leis an mBord Roghnúcháin a sceidealú ar líne, agus agallaimh le hiarratasóirí a sceidealú. Cuirtear ríomhphoist leis an eolas is deireanaí chuig na páirtithe uile, agus bíonn rian iniúchóireachta ar fáil mar thaifead ar na céimeanna a thugtar. Faoi láthair, tá na feidhmeanna nua roghnacha ar fáil i gcás fógraí le haghaidh Leas-Phríomhoidí, Príomhoidí agus Múinteoirí ag leibhéal na bunscoile, agus le haghaidh Leas-Phríomhoidí, Príomhoidí agus Múinteoirí ag leibhéal na hiarbhunscoile. 


Iontrálacha Gaolmhara: