Scoil – An féidir liom athruithe a chur ar thairiscint Sub Seeker?
Tairiscint ar glacadh léi a scriosadh
Chun post ionadaíochta a scriosadh ina iomláine, roghnaigh ‘Scrios’ agus lean na treoracha. Más amhlaidh go bhfuil an folúntas líonta cheana, cuirfear scéala faoin athrú chuig gach múinteoir a ghlac le tairiscint. Más amhlaidh nach bhfuil an folúntas líonta ina iomláine, cuirfear scéala chuig gach múinteoir ar tairgeadh post dó/di agus nár dhiúltaigh dó. Tabhair do d’aire, is féidir le múinteoir glacadh tairisceana a tharraingt siar suas go meán oíche an lá roimh chéad lá na tréimhse oibre. Cuirfear scéala chugat trí ríomhphost ina leithéid de chás. Tá sé riachtanach tairiscint a scriosadh tríd an gcóras chun go mbeidh múinteoir in ann obair eile a aimsiú.
Dátaí a athrú
Roghnaigh Leasaigh Dátaí chun dátaí a bhaint den fholúntas. Cuirfear scéala faoi na hathruithe chuig múinteoirí trí ríomhphost.
Líon na bhfolúntas atá á thairiscint a athrú
Má tá níos mó ná folúntas amháin tairgthe agat agus más gá duit líon na bhfolúntas tairgthe a laghdú, roghnaigh Bain agus lean na treoracha. Má tá folúntas líonta cheana, cuirfear scéala chuig an múinteoir ionadaíochta trí ríomhphost.
Iontrálacha Gaolmhara: