Scoil – Conas múinteoir ionadaíochta a chuardach do mo scoil?

Logáil isteach ar EducationPosts.ie agus gabh chuig Deais an Fhógróra. Tá bealach isteach in Sub Seeker le fáil ar thaobh na láimhe deise ar an scáileán. Roghnaigh Aimsigh Ionadaí. Cuir isteach an contae/na contaetha, leibhéal na scoile, an líon folúntas, na hábhair agus na dátaí ar a mbeidh ionadaí ag teastáil.  


Beidh liosta ionadaithe in Éirinn atá ar fáil agus a bhfuil an taithí chuí acu le feiceáil sna torthaí. Chun amharc ar phróifíl úsáideora ar leith, cliceáil ar an ainm nó aon áit sa bhosca próifíle. 


Chun cuidiú le scoileanna ionadaithe oiriúnacha a aimsiú, is féidir le múinteoirí ionadaíochta an taithí is déanaí atá faighte acu a chur isteach faoin táb Taithí. Is féidir aon eolas ábhartha breise a bheadh cuidiúil do cheannairí scoile a chur isteach faoin táb Eolas Ábhartha Eile.


TABHAIR DO D’AIRE: Bíonn laethanta saoire poiblí agus laethanta druidte éigeantacha scoile le feiceáil i mboscaí bána. Ní féidir le múinteoirí na dátaí sin a roghnú agus a n-infhaighteacht á cur in iúl acu, agus ní féidir le scoileanna iad a roghnú agus tairiscintí oibre á seoladh acu.

 


Iontrálacha Gaolmhara: