Ginearálta – Céard é Sub Seeker?
Is seirbhís í Sub Seeker atá ar fáil saor in aisce ar EducationPosts.ie chun earcaíocht ghearrthréimhseach ag bunscoileanna agus iarbhunscoileanna de chuid na Roinne Oideachais a éascú, go sonrach earcú múinteoirí atá cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta agus earcú aon mhúinteora a bhfuil uimhir chlárúcháin Chomhairle Múinteoireachta (Bealaí 1-5) aige/aici.
Príomhthréithe:
- Folúntais láithreacha ionadaíochta a mhaireann suas le deich lá
- Clárúchán uathoibríoch do scoileanna a rinne fógraíocht ar EducationPosts.ie san am atá caite
- Seirbhís ar fáil saor in aisce do gach scoil de chuid na RO – bunscoileanna agus iarbhunscoileanna
- Comhoiriúnacht le gléasanna móibíleacha
- Bailíochtú Uimhreacha Clárúcháin Comhairle Múinteoireachta
- Teacht ar phróifílí ionadaithe atá ar fáil – infhaighteacht, taithí agus cáilíochtaí, agus fad ón scoil
- Cur tairiscintí agus fáil freagraí tríd an tairseach – cruthú uathoibríoch ríomhphost
Iontrálacha Gaolmhara: