ADVERT ID 247971

Deputy Principal

.

Gaelscoil Na gCloch Liath

Gaelscoil na gCloch Liath
Bealach Laighean (Blacklion)
Na Clocha Liatha
Greystones
A63 AN22
.

MAIN DETAILS

Status:
Active
Level:
Primary
Date Posted:
Thu Jan 22 2026
Application Closing Date:
Thu Feb 5 2026
Commencement Date:
Mon Mar 2 2026
Status of Post:
Permanent
.
SCHOOL DETAILS
School Type:
Mainstream
School Structure:
Vertical
Gender:
Co-Educational
School Patronage:
An Foras Patrunachta
Classification:
Gaelscoil
Total No. of Teaching Staff:
14
Current Enrolment:
280
Droichead school:
Yes
Gaelscoil
.

POST DETAILS

Panel of Applicants:
An internal panel of suitable applicants may be set up to fill vacancies which may occur within a specific time period (four months for teacher posts and the duration of the school year for SNA posts) from the date on which the Board approves the successful candidate.
Additional Information:
Tá iarratais á lorg ag Bord Bainistíochta Ghaelscoil na gCloch Liath do ról an Phríomhoide Tánaísteach. Tugann an post ceannaireachta seo an deis teagasc agus foghlaim a threorú, cultúr scoile uilechuimsitheach agus gaelach a chothú, agus cur le pobal scoile ilghnéitheach rathúil. Is deis iontach é do cheannaire oideachais a bhfuil taithí aige/aici tionchar buan a imirt. Déanfar an ceapachán faoi théarmaí Imlitir 0044/2019. Gaelscoil idirchreidmheach faoin bhForas Phátrúntachta í Gaelscoil na gCloch Liath. Is í an Ghaeilge gnáth-theanga cumarsáide na scoile.

Titeann dualgais agus freagrachtaí an phoist seo faoin gceithre réimse den teagasc agus den fhoghlaim;
• Réimse 1: Ceannaireacht ar fhoghlaim agus ar theagasc
• Réimse 2: An eagraíocht a bhainistiú
• Réimse 3: Ceannaireacht ar fhorbairt na scoile
• Réimse 4: Acmhainn na ceannaireachta a fhorbairt
Ag teacht leis na réimsí thuasluaite, agus ag obair go dlúth leis an bPríomhoide, bainfidh freagrachtaí an phoist seo le forbairt churaclaim uile-scoile, forbairt riachtanais speisialta, forbairt polasaithe, bainistíocht laethúil na scoile agus pleanáil straitéiseach d’fhorbairt na scoile.
Beidh na scileanna agus na hinniúlachtaí thíos ina mbuntáiste d’iarratasóirí:
• Tuiscint ar an bpróiseas féinmheastóireacht scoile agus forbairt polasaithe
• Saineolas ar cheannaireacht, bainistíocht agus riarachán scoile
• Tuiscint ar chomhordú agus ar eagrú oideachas speisialta ar bhonn uile-scoile
• Tiomantas don cheannaireacht roinnte agus acmhainn na ceannaireachta a fhorbairt sa scoil
• Tá sé riachtanach go mbeadh an cumas ann caidrimh dhearfacha a thógáil ar fud phobal na scoile.
Oibreoidh an Leas-Phríomhoide, mar bhall den fhoireann bainistíochta, i gcomhar leis an bPríomhoide, chun aghaidh a thabhairt ar gach réimse bainistíochta tosaíochta agus chun ceannaireacht chomhsheasmhach a chinntiú sa scoil. Comhoibríonn an Príomhoide Tánaisteach leis an bPríomhoide chun ról an Phríomhoide a chomhlíonadh agus gníomhaíonn nó ionadaíonn sé/sí mar Phríomhoide má bhíonn an Príomhoide as láthair.

Ba chóir d’iarratasóirí iarratas a dhéanamh trí ríomhphost chuig poist@gscl.ie roimh 5.00 i.n. ar an 5 Feabhra 2026.
.

APPLICATION REQUIREMENTS

.

Applications may be submitted by

  • Email
.

APPLY TO THIS JOB VACANCY

Roll Number:
20301C
Apply To:
An Cathaoirleach
Gaelscoil na gCloch Liath
Bealach Laighean (Blacklion)
Na Clocha Liatha
Greystones
A63 AN22
poist@gscl.ie
County:
Wicklow
Enquiries To:

SHARE THIS ADVERT