ADVERT ID 247836

Comhordaitheoir an Cháilíocht sa Ghaeilge SCG/OCG & Léachtóir san Oideachas le Saineolas i réimse na Gaeilge

.

Marino Institute of Education

Griffith Ave
Dublin 9
Dublin
D09 R232
.

MAIN DETAILS

Status:
Active
Level:
Higher & Further Education
Date Posted:
Thu Jan 15 2026
Application Closing Date:
Tue Feb 3 2026
Commencement Date:
Mon Mar 2 2026
Status of Post:
Permanent
Number of Vacancies:
1
.

POST DETAILS

Title:
Comhordaitheoir an Cháilíocht sa Ghaeilge SCG/OCG & Léachtóir san Oideachas le Saineolas i réimse na Gaeilge
Description:
Is mian le hInstitiúid Oideachais Marino (IOM) duine a cheapadh mar chomhordaitheoir an an Scrédú le haghaid Cáilíochta sa Ghaeilge (S.C.G. – Scrúduithe Inniúlachta) agus an tOiriúnúle haghaid Cáilíochta sa Ghaeilge (o.c.g. – Tréimhse Oiriúnaithe agus Measúnuithe) (0.6) agus Léachtóir san Oideachas le Saineolas i réimse na Gaeilge (0.4) ar bhonn buan lánaimseartha.
Tá duine á lorg ag IOM chun bheith ina bhall nuálach gníomhach den fhoireann teagaisc chun léachtaí Gaeilge a thabhairt agus chun an cháilíocht sa Ghaeilge a comhordú. Beidh dualgais ghinearálta i réimse an oideachais freisin ar an duine a cheapfar, m.sh. maoirseacht ar thaighde fochéime agus iarchéime.

Tá sé tábhachtach go mbeidh an duine a cheapfar tiomanta don oideachais ardchaighdeáin i dtimpeallacht atá mac léinn-lárnach. Is inmhianaithe spéis i dtimpeallacht ildisciplíneach. An duine a cheapfar, ní mór dóibh fianaise a léiriú ar thiomantas láidir do bharrfeabhas san oideachais, i dtaighde agus i ngníomhaíocht scolártha leanúnach.

Cáilíochtaí agus Scileanna Riachtanacha (i.e. na cáilíochtaí agus scileanna sin nach mbeadh an t-iarrthóir in ann an obair a dhéanamh gan iad. Ní chuirfear ar an ngearrliosta aon iarratais nach bhfuil sé léirithe orthu go bhfuil na riachtanais éigeantacha ag na hiarrthóirí):

Ní mór an méid seo a leanas a bheith ag an iarrthóir chun go mbreithneofar é don phost:

a) Cáilíocht iarchéime ábhartha ar leibhéal na máistreachta nó na dochtúireachta sa Ghaeilge nó san Oideachas nó fianaise ar dhul chun cinn i dtreo dochtúireacht a bhaineann le réimse na Gaeilge, na Múinteoireachta, na Foghlama nó an Taighde trí Mheán na Gaeilge.
b) Taithí fheidhmeach ábhartha i réimse an oideachais agus cumas léirithe cúrsaí ardchaighdeáin a sholáthar .
c) Fianaise ar thaighde nuálach/cleachtas i réimse an oideachais go háirithe i réimse na Gaeilge, téarmeolaíocht, nó ar an tumoideachais,
d) Eolas ar fhorbairtí comhaimseartha i réimse fairsing an oideachais agus i réimse níos sonraí na Múinteoireachta, na Foghlama agus an Taighde trí Mheán na Gaeilge agus an tslí a múineann múinteoirí an Ghaeilge ar fud chontanam an oideachais ó dhearcthaí teoiriciúla agus feidhmeacha araon.
e) Inniúlacht i réimse an oideachais ar líne, cuir i gcás ríomhfhillteáin, bealaí foghlama cumaisc, bealaí cianfhoghlama agus bealaí foghlama solúbtha.

Inmhianaithe

a) Cáilíocht Leibhéal 10 sa Ghaeilge, san oideachas nó i ndisciplín ábhartha
b) Ábhair foilsithe agus taithí maidir le cur i láthair comhdhála taighde

Inniúlacht sa Ghaeilge
Beidh scrúdú Gaeilge i scríbhinn agus ó bhéal mar chuid den phróiseas agallaimh.

Ní mór d’iarrthóirí a léiriú go soiléir ina n-iarratas conas a chomhlíonann siad gach ceann de na réamhriachtanais sin.

CUR SÍOS AR AN BPOST

An Caidreamh Tuairiscithe
Ceanglófar ar an duine a cheapfar na dualgais a bhaineann leis an bpost a chomhlíonadh, faoi stiúir ghinearálta Cheann na Roinne, dá dtuairisceoidh sé/sí, agus dá mbeidh sé/sí freagrach as comhlíonadh na ndualgas sin sa chéad dul síos. An duine a cheapfar, tabharfaidh sé tuairisc trí Cheann na Roinne d’Uachtarán na hInstitiúide agus/nó do cibé oifigeach eile de chuid IOM a ainmneoidh an tUachtarán ó am go chéile.

D’fhéadfadh an caidreamh tuairiscithe a bheith faoi réir athbhreithniú tréimhsiúil, i gcomhréir le riachtanais na seirbhíse agus forbairtí san Institiúid.

Dualgais agus Freagrachtaí
Áirítear an méid seo a leanas ar na freagrachtaí ar an leibhéal fochéime agus an leibhéal iarchéime:

• Feidhmiú mar Comhordaitheoir SCG/OCG, chun maoirseacht a dhéanamh ar gach gné de riaradh na Cáilíochta sa Ghaeilge in Institiúid Oideachais Marino
• A bheith mar phointe teagmhála don Uachtarán ar cheisteanna ón gComhairle Mhúinteoireachta, ón Roinn Oideachais agus Óige agus ó údaráis eile maidir le bainistiú na Cáilíochta sa Ghaeilge
• Bainisteoireacht a dhéanamh ar Oifig na gCáilíochtaí Gaeilge in Institiúid Oideachais Marino
• Freagracht a ghlacadh as gach gné de chlárú agus d’fhíorú iarrthóirí ionchasacha don Cháilíocht sa Gaeilge
• Cáilíochtaí a mheas agus breith a thabhairt ar chásanna ina ndéantar iarratas ar dhíolúine
• Maoirseacht a dhéanamh ar gach cuid de ghnéithe phraiticiúla scoile: eolas ábhartha cruinn a chur ar fáil d’iarrthóirí agus do mhaoirseoirí; cuairteanna scoile a riaradh agus cumarsáid thráthúil a dhéanamh le hiarrthóirí, le maoirseoirí agus le pearsanra na scoile
• Páipéir scrúdaithe a chur ar fáil san Earrach agus san Fhómhar don SCG agus don OCG araon: cóipeagarthóireacht na bpáipéar a shocrú, taifeadadh na scrúduithe cluastuisceana a eagrú, priontáil agus cóipeáil na bpáipéar scrúdaithe a shocrú
• Freagracht dheiridh a ghlacadh as scrúduithe uile na Cáilíochta sa Ghaeilge a reáchtáil agus a bhainistiú don Earrach agus don Fhómhar agus eolas cuí a chur ar fáil d’iarrthóirí go tráthúil agus torthaí a eisiúint de réir an fhéilire
• Tuairisc a ullmhú trí huaire sa bhliain do bhaill de Choiste Stiúrtha na Cáilíochta sa Ghaeilge (SCG-OCG)agus tuairisc bhliantúil a sholáthar don Uachtarán agus do Bhord Rialaithe Institiúid Oideachais Marino.
• Freagracht a ghlacadh as suíomh gréasáin fíor-chruinn a choinneáil do An Cháilíocht sa Ghaeilge (www.ilrweb.ie)
• Teagmháil rialta a dhéanamh le soláthraithe Cúrsaí Gaeltachta aitheanta (SCG-OCG) chun eolas cruinn a chur ar fáil agus chun déileáil le ceisteanna de réir mar a thagann siad chun cinn
• Torthaí a dheimhniú agus a fhíorú don Chomhairle Mhúinteoireachta maidir le hiarrthóirí a bhfuil na riachtanais uile don Cháilíocht sa Ghaeilge bainte amach acu
• Teastais a eisiúint chuig iarrthóirí nuair a bhíonn gach gné den Cháilíocht sa Ghaeilge comhlíonta acu.

I measc na ndualgas tá léachtóireacht ar na cláir fochéime (Baitsiléir san Oideachas, Baitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht), Baitsiléir Eolaíochta i Léann an Oideachais, Baitsiléir Eolaíochta san Oideachas Luath-Óige), na cláir iarchéime (lena n-áirítear na cláir mháistreachta agus an Mháistir Ghairmiúil san Oideachas agus Mháistir Ghairmiúil san Oideachas conair lán-Ghaeilge), agus páirt a ghlacadh i gcláir pháirtaimseartha agus eile a chur ar fáil. An duine a cheapfar, cuirfidh siad le ceapadh cúrsaí agus polasaithe ar an leibhéal fochéime agus an leibhéal iarchéime araon.

Is ceart a thabhairt faoi deara nach mór don duine a cheapfar obair bhuíne a dhéanamh i ngach réimse oibre/roinn san Institiúid. Cé go bhfuil na dualgais a bhaineann leis an bpost sainmhínithe go ginearálta faoi na ceannteidil atá liostaithe, ní liosta uileghabhálach é. Ceanglófar ar an duine a cheapfar feidhmiú ar bhealach solúbtha comhghleacúil. Coimeádann IOM an ceart dualgais nua a shannadh agus/nó baill foirne a athshannadh do réimsí eile den Institiúid, mar fhreagairt do riachtanais na seirbhíse.

IARRATAS A DHÉANAMH, AN PRÓISEAS ROGHNÚCHÁIN AGUS EOLAS GINEARÁLTA EILE.

An Modh Roghnúcháin le haghaidh Molta
Déanfar iarrthóirí a chur ar ghearrliosta a bheidh bunaithe ar cháilíochtaí, oiriúnacht agus ar thaithí oibre ábhartha an iarrthóra mar atá curtha síos orthu san iarratas. Is faoin iarrthóir atá sé deimhin a dhéanamh de go gcuirfear aon eolas ábhartha san áireamh ina iarratas agus go léirítear go soiléir an tslí a gcomhlíonann sé critéir shonraithe an iarrthóra.

Is é painéal agallaimh a chuirfear an t-agallamh ar an iarrthóir, ar painéal é ar a mbeidh 3 daoine ar a laghad agus a bheidh comhdhéanta de na daoine is oiriúnaí agus is cáilithe chun iarrthóirí sa disciplín a mheas. Is é an Bord Rialaithe a dhéanann gach ceapachán chun poist in IOM. Moltaí an phainéil agallaimh maidir leis na hiarrthóirí a n-éiríonn leo a cheapadh i bpoist, cuirfear faoi bhráid Bhord Rialaithe IOM iad ionas go bhféadfaidh an Bord iad a bhreithniú agus cinntí a dhéanamh i dtaca leo.

I gcás nach ndéanann an painéal agallaimh aon mholadh maidir le ceapachán buan, coimeádann an Institiúid an ceart iarrthóir iomchuí, a shainaithneofar tríd an bpróiseas roghnúcháin, a cheapadh sa phost ar théarma seasta.
D’fhéadfaí painéal a chur le chéile as a gceapfar daoine sa phost seo go buan nó ar conarthaí ar théarma seasta, fad is a mhaireann an painéal. Scoirfidh an painéal de bheith ann 12 mhí tar éis an lá a bhunófar é, is é sin dáta an agallaimh dheiridh.

Ní mór d’iarrthóirí fianaise dhoiciméadach shásúil a chur ar fáil i dtaca le haon oiliúint agus taithí a mhaítear ina n-iarratas, má iarrtar sin orthu.

Grinnfhiosrú an Gharda Síochána
D’fhéadfadh sé go n-iarrfaí ar gach iarrthóir a n-éiríonn leis dul faoi ghrinnfhiosrú an Gharda Síochána. Cuirfear treoir shonrach maidir leis an bpróiseas sin ar fail ag tráth iomchuí. Aon iarrthóir nach gcomhlíonann ceanglais na hInstitiúide maidir leis an ábhar seo, cuirfear as an áireamh iad.

Tréimhse Phromhaidh
Braitheann an ceapachán ar thréimhse phromhaidh 6 mhí ar fhad a chur i gcrích go sásúil. D’fhéadfaí an tréimhse phromhaidh a shíneadh faoi rogha na hInstitiúide ach in aon chás ní mhairfidh sí níos mó ná 11 mhí. Sínfear an tréimhse phromhaidh mar gheall ar neamhláithreachtaí lena linn. Déanfar monatóireacht ar fheidhmíocht agus ar iompar le linn na tréimhse promhaidh trí phróiseas de chruinnithe measúnaithe. Beidh foirceannadh fostaíochta le linn na tréimhse promhaidh faoi rogha na hInstitiúide. Beidh leagan ciorraithe den nós imeachta smachta infheidhme maidir le fostaithe ar promhadh.

Tuarastal
Is é an scála tuarastal bliantúil reatha ná:

Léachtóir Cúnta €59,337 go €96,058 (Scála 9 bpointe)
Léachtóir €63,942 go €101,747 (Scála 9 bpointe)

Iarratais a dhéanamh

Déan iarratas trí litir chumhdaigh agus CV (ní chuirtear foirmeacha iarratais speisialta ar fáil) a sheoladh, ar ríomhphost más féidir é, chuig careers@mie.ie nó tríd an bpost chuig:

Oifig na nAcmhainní Daonna
Institiúid Oideachais Marino
Ascaill Uí Ghríofa
Baile Átha Cliath 9.

Ní mór iarratais chomhlánaithe a bheith faighte faoi 4.00 i.n., Dé Luain an 3ú Feabhra 2026. Ní ghlacfar le hiarratais i ndiaidh na sprice sin.

Ní bheidh an Institiúid freagrach as aon chostas, costais taistil san áireamh, a bheidh le híoc ag iarrthóirí i dtaca lena n-iarrthóireacht.

Is fostóir comhionannais deiseanna í Institiúid Oideachais Marino.
.

APPLICATION REQUIREMENTS

  • Curriculum Vitae
  • Covering Letter
.

Applications may be submitted by

  • Email

  • Post
.

APPLY TO THIS JOB VACANCY

Apply To:
Griffith Ave
Dublin 9
Dublin
D09 R232
County:
Dublin
Postal District:
Dublin 9
Enquiries To:

SHARE THIS ADVERT