ADVERT ID 246817

Léachtóir Cúnta/Léachtóir san Oideachas le taithí ar Shocrúchán Scoile (trí Ghaeilge) agus le cruinneas sa Ghaeilge (Ranganna Teagaisc Gaeilge)

.

Marino Institute of Education

Griffith Ave
Dublin 9
Dublin
D09 R232
.

MAIN DETAILS

Status:
Active
Level:
Higher & Further Education
Date Posted:
Wed Nov 19 2025
Application Closing Date:
Wed Dec 3 2025
Status of Post:
Specific Purpose
Number of Vacancies:
1
.

POST DETAILS

Title:
Léachtóir Cúnta/Léachtóir san Oideachas le taithí ar Shocrúchán Scoile (trí Ghaeilge) agus le cruinneas sa Ghaeilge (Ranganna Teagaisc Gaeilge)
Description:
LÉACHTÓIR CÚNTA/LÉACHTÓIR
SAN OIDEACHAS LE TAITHÍ AR SHOCRÚCHÁN SCOILE (TRÍ GHAEILGE) &
LE CRUINNEAS SA GHAEILGE (RTG)

PRÓIFÍL AN IARRTHÓRA AGUS RAON AN PHOIST

Is mian le hInstitiúid Oideachais Marino (IOM) Léachtóir Cúnta/Léachtóir san Oideachas le taithí ar Shocrúchán Scoile (trí Ghaeilge) agus le cruinneas sa Ghaeilge (Ranganna Teagaisc Gaeilge).
Tá duine á lorg ag IOM chun bheith ina bhall nuálach gníomhach den fhoireann teagaisc agus chun modúil a theagasc lena ngabhann dualgais a bhaineann go sonrach le Socrúchán Scoile agus Ranganna Teagaisc sa Ghaeilge. Beidh dualgais ghinearálta i réimse na Gaeilge agus an oideachais freisin ar an duine a cheapfar, mar shampla, scrúduithe cainte, riarachán, maoirseacht ar mhic léinn atá ar shocrúchán agus maoirseacht ar thaighde fochéime.

Tá sé tábhachtach go mbeidh an duine a cheapfar tiomanta don mhúinteoireacht ardchaighdeáin agus don fhoghlaim ardchaighdeáin i dtimpeallacht atá mac léinn-lárnach.

Cáilíochtaí agus Scileanna Riachtanacha (i.e. na cáilíochtaí agus na scileanna sin nach mbeadh an t-iarrthóir in ann an obair a dhéanamh gan iad. Ní chuirfear ar an ngearrliosta aon iarratais nach bhfuil sé léirithe iontu go soiléir go bhfuil na riachtanais éigeantacha ag na hiarrthóirí):
Ní mór an méid seo a leanas a bheith ag an iarrthóir chun go mbreithneofar é/í don phost:

a) Cáilíocht ábhartha iarchéime ag leibhéal na máistreachta nó na dochtúireachta san Oideachas nó a bheith in ann fianaise a léiriú ar dhul chun cinn maidir le dochtúireacht a chríochnú.
b) Líofacht sa Ghaeilge
c) Fianaise ar thaighde nuálach/chleachtas a bhaineann leis an nGaeilge, le bheith ag múineadh trí mheán na Gaeilge agus leis an gcultúr Gaelach go háirithe i réimse an oideachais bhunscoile
d) Eolas ar fhorbairtí comhaimseartha i réimse fairsing an oideachais, i réimse na Gaeilge, i réimse Mhúineadh Trí Mheán na Gaeilge agus Socrúcháin scoile
e) Cáilíocht sa mhúinteoireacht, a chuireann ar chumas an iarrthóra clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta.

Inniúlacht sa Ghaeilge
Tá sé riachtanach go mbeidh ardscileanna cumarsáide sa Ghaeilge sa labhairt agus sa scríobh ag an duine a cheapfar sa phost chomh maith le hardchruinneas.
Inmhianaithe
a) Taithí fheidhmeach ábhartha i réimse an oideachais le hinniúlacht léirithe chun cúrsaí d’ardchaighdeán a chur ar fáil ag leibhéal na fochéime agus leibhéal na hiarchéime.
b) Inniúlacht i réimse an oideachais ar líne, cuir i gcás ríomhfhillteáin, bealaí foghlama cumaisc, bealaí cianfhoghlama agus bealaí foghlama solúbtha.


Ní mór d’iarrthóirí a léiriú go soiléir ina n-iarratas conas a chomhlíonann siad gach ceann de na réamhriachtanais sin.


CUR SÍOS AR AN BPOST

An Caidreamh Tuairiscithe
Ceanglófar ar an duine a cheapfar na dualgais a bhaineann leis an bpost a chomhlíonadh, faoi stiúir ghinearálta Cheann na Roinne, dá dtuairisceoidh sé/sí, agus dá mbeidh sé/sí freagrach as comhlíonadh na ndualgas sin sa chéad dul síos. An duine a cheapfar, tabharfaidh sé/sí tuairisc trí Cheann na Roinne d’Uachtarán na hInstitiúide agus/nó do cibé oifigeach eile de chuid IOM a ainmneoidh an tUachtarán ó am go chéile.

D’fhéadfadh an caidreamh tuairiscithe a bheith faoi réir athbhreithniú tréimhsiúil, i gcomhréir le riachtanais na seirbhíse agus le forbairtí san Institiúid.

Dualgais agus Freagrachtaí
Áirítear an méid seo a leanas ar na freagrachtaí ar an leibhéal fochéime agus iarchéime:

• Ceapadh clár/modúl, léachtóireacht, obair theagascóireachta, agus scrúdúchán sna Staidéir Ghairmiúla, i Socrúchán Scoile, sa Ghaeilge (Ranganna Teagaisc)
• Straitéisí nuálacha teagaisc agus foghlama a fhorbairt
• Ríomhfhillteáin a chur le chéile in éineacht le mic léinn ar fud chontanam an oideachais
• Maoirseacht a dhéanamh ar mhic léinn atá ar shocrúchán
• Cuairteanna monatóireachta a shocrú agus a chómhlanú
• Maoirseacht a dhéanamh ar mhic léinn atá ag tabhairt faoi thaighde fochéime/iarchéime
• Páirt a ghlacadh i ndualgais/próisis riaracháin uile na roinne, lena n-áirítear cruinnithe na roinne, cruinnithe cláir, na hInstitiúide agus grúpaí eile
• Freastal ar chruinnithe uile na gCúirteanna Scrúdaitheoirí agus páirt a ghlacadh iontu
• Ballraíocht ar choistí na hInstitiúide agus dualgais a chomhlíonadh a bhaineann leis na coistí sin
• Dul i gcomhairle le mic léinn agus leis an bpobal foghlama i gcoitinne
• Páirt a ghlacadh i bpróisis roghnúcháin le haghaidh mic léinn féideartha, cuir i gcás agallaimh a bhaineann leis an Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas/mic léinn lánfhásta
• Páirt a ghlacadh i bpróisis roghnúcháin le haghaidh teagascóirí nua
• Oiliúint teagascóirí nua fhostaithe a eagrú le Gaelscoileanna agus Scoileann Gaeltachta
• Cur le himeachtaí atá ar fhéilire na hInstitiúide, cuir i gcás an Lá Oscailte, an tseachtain ionduchtúcháin, feitheoireacht ar scrúduithe
• Ard Socrúcháin Scoile a chomhordú
• Feidhmiú mar theagascóir pearsanta do mhic léinn de réir mar a shanntar
• Seacht dtreoirphrionsabal na nIontaobhaithe a chur chun cinn

I measc na ndualgas tá léachtóireacht ar na cláir fochéime - Baitsiléir san Oideachas, Baitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge agus an Máistir Gairmiúil san Oideachas (conair lán-Ghaeilge) . Cuirfidh an duine a cheapfar le ceapadh cúrsaí agus polasaithe ar an leibhéal fochéime/iarchéime.

Is ceart a thabhairt faoi deara nach mór don duine a cheapfar obair bhuíne a dhéanamh i ngach réimse oibre/roinn san Institiúid. Cé go bhfuil na dualgais a bhaineann leis an bpost sainmhínithe go ginearálta faoi na ceannteidil atá liostaithe, ní liosta uileghabhálach é.
Ceanglófar ar an duine a cheapfar feidhmiú ar bhealach solúbtha comhghleacúil. Coimeádann IOM an ceart dualgais nua a shannadh agus/nó baill foirne a athshannadh do réimsí eile den Institiúid, mar fhreagairt do riachtanais na seirbhíse.


IARRATAS A DHÉANAMH, AN PRÓISEAS ROGHNÚCHÁIN AGUS EOLAS GINEARÁLTA EILE.
An Modh Roghnúcháin le haghaidh Molta
Déanfar iarrthóirí a chur ar ghearrliosta a bheidh bunaithe ar cháilíochtaí, oiriúnacht agus ar thaithí oibre ábhartha an iarrthóra mar atá curtha síos orthu san iarratas. Is faoin iarrthóir atá sé deimhin a dhéanamh de go gcuirfear aon eolas ábhartha san áireamh ina (h)iarratas agus go léirítear go soiléir an tslí a gcomhlíonann sé/sí critéir shonraithe an iarrthóra.
Is painéal agallaimh a chuirfidh an t-agallamh ar an iarrthóir. Beidh triúr ar a laghad ar an bpainéal agus beidh an painéal comhdhéanta de na daoine is oiriúnaí agus is cáilithe chun iarrthóirí sa disciplín a mheas. Is é an Bord Rialaithe a dhéanann gach ceapachán chun poist in IOM. Moltaí an phainéil agallaimh maidir leis na hiarrthóirí a n-éiríonn leo a cheapadh i bpoist, cuirfear faoi bhráid Bhord Rialaithe IOM iad ionas go bhféadfaidh an Bord iad a bhreithniú agus cinntí a dhéanamh i dtaca leo.
I gcás nach ndéanann an painéal agallaimh aon mholadh maidir le ceapachán 12 mhí, coimeádann an Institiúid an ceart iarrthóir iomchuí, a shainaithneofar tríd an bpróiseas roghnúcháin, a cheapadh sa phost ar théarma seasta.
D’fhéadfaí painéal a chur le chéile as a gceapfar daoine sa phost seo go buan nó ar conarthaí ar théarma seasta, fad is a mhaireann an painéal. Scoirfidh an painéal de bheith ann 12 mhí tar éis an dáta a bhunófar é, is é sin dáta an agallaimh dheiridh.

Ní mór d’iarrthóirí fianaise dhoiciméadach shásúil a chur ar fáil i dtaca le haon oiliúint agus taithí a mhaítear ina n-iarratas, má iarrtar sin orthu.

Tréimhse Phromhaidh

Braitheann an ceapachán ar thréimhse phromhaidh 4 mhí ar fhad a chur i gcrích go sásúil. D’fhéadfaí an tréimhse phromhaidh a shíneadh faoi rogha na hInstitiúide ach in aon chás ní mhairfidh sí níos mó ná 6 mhí. Sínfear an tréimhse phromhaidh mar gheall ar neamhláithreachtaí lena linn. Déanfar monatóireacht ar fheidhmíocht agus ar iompar le linn na tréimhse promhaidh trí phróiseas de chruinnithe measúnaithe. Beidh foirceannadh fostaíochta le linn na tréimhse promhaidh faoi rogha na hInstitiúide. Beidh leagan ciorraithe den nós imeachta smachta infheidhme maidir le fostaithe ar promhadh.

Grinnfhiosrú an Gharda Síochána
D’fhéadfadh sé go n-iarrfaí ar gach iarrthóir a n-éiríonn leis/léi dul faoi ghrinnfhiosrú an Gharda Síochána. Cuirfear treoir shonrach maidir leis an bpróiseas sin ar fáil ag tráth iomchuí. Aon iarrthóir nach gcomhlíonann ceanglais na hInstitiúide maidir leis an ábhar seo, cuirfear as an áireamh iad.


Oiliúint Bhunriachtanach

Beidh ar an iarratasóir a éiríonn leis nó léi san agallamh, tabhairt faoin oiliúint chomhlíontachta bhunriachtanach seo a leanas: Ionduchtú, Sláinte & Sábháilteacht agus Cosaint Sonraí (RGCS), agus ní mór dó / di fianaise a sholáthar ar Oiliúint maidir le Cosaint Leanaí de chuid Tusla a bheith déanta acu. Seans go mbeadh gá le tabhairt faoi oiliúint eile má tá gá leis sin.


Tuarastal

Is é an scála tuarastal bliantúil reatha ná € 59,337 go €96,058 (Scála 9 bpointe)


Na hIarratais a Dhéanamh

Déan iarratas le litir chlúdaigh agus CV amháin (ní chuirtear aon fhoirm iarratais speisialta ar fáil), tríd an ríomhphost más féidir chuig careers@mie.ie nó tríd an bpost chuig:

An Oifig Acmhainní Daonna
Institiúid Oideachais Marino
Ascaill Uí Ghríofa
Baile Átha Cliath 9 (D09 R232)

Ní mór iarratais chomhlánaithe a bheith faighte faoi 4.00 i.n., Dé Céadaoin an 3ú Nollag 2025. Ní ghlacfar le hiarratais i ndiaidh na sprice sin.


Ní bheidh an Institiúid freagrach as costais ar bith, lena n-áirítear speansais taistil, a bhféadfadh iarrthóirí iad a thabhú i ndáil lena n-iarrthóireacht.





Is fostóir comhdheiseanna í Institiúid Oideachais Marino.

.

APPLICATION REQUIREMENTS

  • Curriculum Vitae
  • Covering Letter
.

Applications may be submitted by

.

APPLY TO THIS JOB VACANCY

Apply To:
Griffith Ave
Dublin 9
Dublin
D09 R232
County:
Dublin
Postal District:
Dublin 9
Enquiries To:

SHARE THIS ADVERT