ADVERT ID 203391

Comhordaitheor Riaracháin & Acmhainní

.

Gael Linn

35 Sráid an Dáma
Baile Átha Cliath
D02H797
.

MAIN DETAILS

Status:
Deactivated
Level:
Other Education
Date Posted:
Mon Sep 25 2023 15:52:58
Application Closing Date:
Wed Oct 4 2023
Status of Post:
Permanent
Number of Vacancies:
1
.

POST DETAILS

Title:
Comhordaitheor Riaracháin & Acmhainní
Description:
Fáiltíonn Gael Linn roimh iarratais don phost thuasluaite.

Toisc go bhfuil borradh mór tagtha ar scéim Gaelbhratach, tá Gael Linn sa tóir ar dhuine díograiseach, tiomanta chun a bheith freagrach as dualgais riaracháin agus cléireachais a chur i gcrích chun éifeachtúlacht ár gcuid oibre a chinntiú. Beidh an té a cheapfar freagrach do Bhainisteoir Gaelbhratach. Beidh an té a cheapfar ag cur tacaíocht leanúnach ar fáil d’fhoireann Gaelbhratach agus ag plé le Roinn na gCuntas i nGael Linn mar is cuí.



I measc na bhfreagrachtaí beidh:

Cúnamh a thabhairt le próisis, riaracháin agus tuairiscí airgeadais maidir le deontais

Bainistiú a dhéanamh ar phróisis, riarachán agus cúrsaí airgeadais

Eolas airgeadais maidir le cúrsaí maoinithe a choinneáil chun dáta

Ról ceannaireachta i bpleanáil gníomhaíochtaí agus réamhaisnéisiú buiséid le cinntiú go mbaintear spriocanna amach.

Cúnamh a thabhairt maidir le tuairiscí airgeadais a ullmhú

Éifeachtúlacht bunachar sonraí agus córas cumarsáide na scéime a chinntiú agus a fhorbairt

Bainistiú Tionscadail i gcomhar leis an bhfoireann

Tacaíocht a chur ar fáil do Bhainisteoir Gaelbhratach agus Bainisteoir Airgeadais Gael Linn chun cinntithe airgeadais a dhéanamh.

Maoirseoireacht a dhéanamh ar fhoireann Gaelbhratach

Ról ceannaireachta i gcur i bhfeidhm athruithe ar phróisis, polasaithe agus córais chun barr feabhais a bhaint amach.









Critéir agus Scileanna tábhachtacha:



-Taithí ábhartha maidir le bainistiú buiséide
-Pointeáilteacht - cumas cúram a dhéanamh de na sonraí
-Scileanna cainníochtúla
-Duine dea-eagraithe – cumas cloí le spriocdhátaí, poncúlacht
-Cumas tosaíochtaí a dhéanamh agus cúpla togra a bhainistiú ag an am céanna
-Duine freagrach, iontaofa
-Cumas anailís a dhéanamh ar eolas/sonraí
-Tuiscint mhaith ar thábhacht na rúndachta
-Cumas cinntí a ghlacadh
-Duine solúbtha atá in ann fadhbanna a réiteach




Tuarastal ar raon Oifigeach Riaracháin Socrófar pointe ar an scála de réir taithí ábhartha.

Spriocdháta le haghaidh iarratais: 4ú Deireadh Fómhair

Tuilleadh Eolais: maireadt@gael-linn.ie

Teil 01-6751200
.

APPLICATION REQUIREMENTS

  • Letter of Application

  • CV (Digital)
.

Applications may be submitted by

  • Email
.

APPLY TO THIS JOB VACANCY

Apply To:
35 Sráid an Dáma
Baile Átha Cliath
D02H797
County:
Dublin
Postal District:
Dublin 2

SHARE THIS ADVERT