ADVERT ID 193504

LÉACHTÓIR CÚNTA/LÉACHTÓIR SAN OIDEACHAS LE SAINEOLAS AR Oideachas Ionchuimsitheach agus Riachtanais Speisialta Oideachais

.

Marino Institute of Education

Griffith Ave
Dublin 9
Dublin
D09 R232
.

MAIN DETAILS

Status:
Deactivated
Level:
Higher & Further Education
Date Posted:
Wed May 24 2023 17:15:54
Application Closing Date:
Fri Jun 9 2023
Status of Post:
Permanent
Number of Vacancies:
1
.

POST DETAILS

Title:
LÉACHTÓIR CÚNTA/LÉACHTÓIR SAN OIDEACHAS LE SAINEOLAS AR Oideachas Ionchuimsitheach agus Riachtanais Speisialta Oideachais
Description:
Institiúid Oideachais Marino (IOM)
Agus é spreagtha ag fís na Críostaíochta, pobal teagaisc, foghlama agus taighde is ea IOM atá tiomanta d’ionchuimsiú agus do bharr feabhais san oideachas a chur chun cinn. Is coláiste comhlachaithe é IOM de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Ollscoil Bhaile Átha Cliath agus cuireann sé cláir fochéime agus iarchéime san oideachas ar fáil.
Cuireann Comhlacht Rialaithe IOM cuireadh roimh iarratais ó dhaoine ag a bhfuil cáilíochtaí oiriúnacha don phost de


LÉACHTÓIR CÚNTA/LÉACHTÓIR SAN
OIDEACHAS LE SAINEOLAS AR
Oideachas Ionchuimsitheach agus Riachtanais Speisialta Oideachais

CUR SÍOS GINEARÁLTA AR AN bPOST



PRÓIFÍL AN IARRTHÓRA AGUS RAON FEIDHME AN PHOIST

Is mian le hInstitiúid Oideachais Marino (IOM) Léachtóir Cúnta/Léachtóir san Oideachas a cheapadh ar bhonn buan, lánaimseartha atá ina s(h)aineolaí ar Oideachas Ionchuimsitheach agus Riachtanais Speisialta Oideachais.
Tá IOM ag lorg ball dáimhe atá nuálach agus cíocrach chun páirt a ghlacadh chun modúil a theagasc a bhfuil dualgais ag dul leo a bhaineann go sonrach le hOideachas Ionchuimsitheach agus Riachtanais Speisialta Oideachais. Beidh dualgais ghinearálta ar an gceapaí i réimse an oideachais freisin, m.sh. maoirseacht ar mhic léinn atá ar socrúchán, maoirseacht ar thaighde fochéime agus iarchéime, agus modúil atá taobh amuigh de réimse an Oideachais Ionchuimsithigh agus Riachtanas Speisialta Oideachais a theagasc.

Is tábhachtach an tréith é an tiomantas don fhoghlaim agus teagasc d’ardchaighdeán i dtimpeallacht mac léinn-lárnach. Tá sé inmhianaithe díograis le haghaidh timpeallacht ildisciplíneach a bheith ag an iarrthóir. Caithfidh an duine a cheapfar fianaise a léiriú dá dtiomantas láidir do bharr feabhais sa teagasc, taighde agus sa ghníomhaíocht leanúnach scolártha.

Cáilíochtaí agus Scileanna Bunriachtanacha (i.e. scileanna nach féidir le hiarrthóir an post a dhéanamh gan iad. Ní dhéanfar iarratais a chur ar an ngearrliosta nár léirigh go soiléir go bhfuil na bunriachtanais ag an iarrthóir):

Ionas go measfar iad don phost seo, beidh an méid a leanas ag teastáil ó iarratasóirí:

a) Cáilíocht ábhartha iarchéime ag leibhéal na máistreachta, ach tá sé inmhianaithe go mbeadh cáilíocht ábhartha ag leibhéal na dochtúireachta, san Oideachas / Riachtanais Speisialta Oideachais.
b) Taithí iomchuí fheidhmeach i réimse an oideachais le hacmhainneacht léirithe chun cúrsaí d’ardchaighdeán a chur ar fáil ag leibhéal na fochéime agus leibhéal na hiarchéime.
c) Fianaise ar a bheith i mbun taighde/cleachtas nuálach i réimse an Oideachais Ionchuimsithigh agus Riachtanas Speisialta Oideachais, go háirithe i réimse an bhunoideachais agus an oideachais luath-óige.
d) Eolas ar fhorbairtí comhaimseartha i réimse ginearálta an oideachais agus eolach go háirithe ar Oideachas Ionchuimsitheach agus Riachtanais Speisialta Oideachais agus conas a theagascann múinteoirí Oideachas Ionchuimsitheach agus Riachtanais Speisialta Oideachais trasna chontanaim an oideachais ó pheirspictíochtaí teoiriciúla agus feidhmeacha araon.
e) Cumas san oideachas ar líne, amhail ríomhphunanna chomh maith le bealaí foghlama cumaisc, ciana agus solúbtha.

Critéir Inmhianaithe
a) Cáilíocht mhúinteoireacht, rud a cháilíonn an t-iarrthóir chun clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta
b) Inniúlacht sa Ghaeilge

Ní mór d’iarrthóirí a léiriú go soiléir ina n-iarratais an chaoi ina gcomhlíonann siad gach ceann de na réamhriachtanais seo.


CUR SÍOS POIST

An Caidreamh Tuairiscithe

Éilítear ar an gceapaí na dualgais a bhaineann leis an bpost a chur i gcrích, faoi stiúradh ginearálta Cheannaire na Rannóige dá dtuairiscíonn sé/sí, agus dá bhfuil sé/sí freagrach as feidhmiú na ndualgas sin ar an gcéad dul síos. Tuairisceoidh an ceapaí trí Cheannaire na Rannóige d’Uachtarán na hInstitiúide agus/nó dá leithéid d’oifigigh IOM eile a d’fhéadfadh an tUachtarán a ainmniú ó am go ham.

D’fhéadfadh an caidreamh tuairiscithe bheith faoi réir ag athbhreithniú tréimhsiúil, ar aon dul le riachtanais seirbhíse agus le forbairtí san Institiúid.

Dualgais agus Freagrachtaí

Áirítear leis na dualgais, ag leibhéil fochéime agus iarchéime, na dualgais seo a leanas:

• Dearadh cláir/modúil, léachtóireacht, obair ar ranganna teagaisc, agus measúnú i réimse an Oideachais Ionchuimsithigh agus Riachtanas Speisialta Oideachais (agus b’fhéidir réimsí eile) le haghaidh clár fochéime agus iarchéime
• Forbairt straitéisí nuálacha teagaisc agus foghlama
• Dúthracht a léiriú maidir le bheith ag gabháil do chlár oibre taighde agus taighde a fhoilsiú i réimse an Oideachais Ionchuimsithigh agus Riachtanas Speisialta Oideachais
• Ríomhphunanna a fhorbairt i gcomhar le mic léinn trasna chontanam an oideachais
• Maoirseacht a dhéanamh ar mhic léinn atá ar socrúchán
• Maoirseacht a dhéanamh ar mhic léinn atá rannpháirteach i dtaighde fochéime agus iarchéime
• Páirt a ghlacadh i ndualgais/próisis riaracháin na roinne, lena n-áirítear rannpháirtíocht i gcruinnithe na roinne, cruinnithe na hInstitiúide agus cruinnithe de chuid grúpaí eile
• Bheith i láthair agus páirteach i ngach cruinniú de chuid Chúirt na Scrúdaitheoirí
• Comhaltas de choistí na hInstitiúide agus na dualgais is iomchuí do na coistí sin a chomhlíonadh
• Ceannaireacht a léiriú i réimse a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leis don Institiúid, amhail inbhuanaitheacht, idirnáisiúnú, agus teagasc agus foghlaim ar líne.
• Comhairliúchán leis na mic léinn agus leis an bpobal foghlama níos leithne
• Páirt a ghlacadh i ngnáthaimh roghnúcháin le haghaidh mic léinn ionchasacha ar nós agallaimh don MGO/agallaimh mac léinn lánfhásta
• Cur leis na himeachtaí ar féilire na hInstitiúide ar nós an Lá Oscailte, seachtain an ionduchtaithe, feitheoireacht scrúdaithe
• Mol agus cur le dearadh modúil agus cúrsaí nua, nuair is cuí
• Feidhmiú mar theagascóir pearsanta le mic léinn agus é leithdháilte
• Seacht dtreoirphrionsabal na n-iontaobhaithe a chur chun cinn


I measc dhualgais an té a cheapfar beidh léachtaí a thabhairt ar chláir fochéime (B.Ed., Baitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht), B.Sc. Léann an Oideachais, B.Sc. Oideachas Luath-Óige), cláir iarchéime (lena n-áirítear an PME agus cláir mháistreachta), agus páirt a ghlacadh i seachadadh clár páirtaimseartha agus cláir eile. Cuirfidh an duine a cheapfar le dearadh cúrsaí agus foirmiú polasaithe ag leibhéil fochéime agus iarchéime araon.

Ba cheart a thabhairt faoi deara nach mór don cheapaí obair a dhéanamh mar bhall foirne i ngach réimse oibre/roinn laistigh den Institiúid. Cé go bhfuil na dualgais a bhaineann leis an bpost sainithe ar an iomlán faoi na ceannteidil éagsúla mar atá liostaithe, ní liosta uileghabhálach é liosta na ndualgas. Éileofar ar an gceapaí feidhmiú ar bhealach solúbtha agus comhghleacúil. Forchoimeádann IOM an ceart dualgais nua a shannadh nó foireann a athshannadh do réimsí eile na hInstitiúide, nó an dá rud araon, mar fhreagairt ar riachtanais seirbhíse.


EOLAS MAIDIR LE hIARRATAIS, MAIDIR LEIS AN bPRÓISEAS ROGHNÚCHÁIN AGUS EOLAS GINEARÁLTA EILE.

Modh Roghnúcháin le haghaidh Molta

Déanfar gearrliostú iarratasóirí a bheidh bunaithe ar cháilíochtaí, ar oiriúnacht agus ar thaithí oibre ábhartha an iarratasóra de réir mar atá sonraithe san iarratas. Is é an t-iarratasóir atá freagrach as a chinntiú go gcuirtear faisnéis ábhartha uile san áireamh lena iarratas/hiarratas agus go dtaispeánann sé/sí go soiléir conas a chomhlíonann sé/sí na critéir iarrthóra shonraithe.
Déanfar agallamh trí phainéal agallaimh a bheidh comhdhéanta de líon nach lú ná 3 duine, agus cuimseofar na daoine is oiriúnaí agus is cáilithí leis chun iarratasóirí sa disciplín a mheasúnú. Is é an Comhlacht Rialaithe a dhéanann gach ceapachán fostaíochta in IOM. Cuirfear moltaí an phainéil agallaimh maidir le hiarratasóirí rathúla a cheapadh do phoist uile faoi bhráid Chomhlacht Rialaithe IOM lena bhreithniú agus lena chinneadh.
Sa chás nach molann an painéal agallaimh ceapadh buan, forchoimeádann an Institiúid an ceart chun iarrthóir oiriúnach a cheapadh, aitheanta tríd an bpróiseas roghnúcháin, don phost ar bonn téarma seasta.
D’fhéadfaí painéal a chruthú óna bhféadfaí ceapacháin ar chonarthaí buana nó téarma seasta a líonadh le linn shaolré an phainéil. Cuirfear deireadh leis an bpainéal 12 mhí tar éis a dháta foirmithe, is é sin dáta an agallaimh thosaigh.

Ní mór d’iarrthóirí fianaise dhoiciméadach shásúil a chur ar fáil ar oiliúint agus ar thaithí uile arna maíomh acu, más gá.
Tréimhse Phromhaidh

Tá an ceapachán faoi réir ag an tréimhse phromhaidh 6 mhí chaighdeánach a chur i gcrích go sásúil. D’fhéadfaí an tréimhse phromhaidh a shíneadh faoi rogha na hInstitiúide ach in aon chás ní mhairfidh sí níos mó ná 12 mhí. Sínfear an tréimhse phromhaidh mar gheall ar neamhláithreachtaí lena linn. Déanfar monatóireacht ar fheidhmíocht agus ar iompar le linn na tréimhse promhaidh trí phróiseas de chruinnithe measúnaithe. Beidh foirceannadh fostaíochta le linn na tréimhse promhaidh faoi rogha na hInstitiúide. Beidh leagan ciorraithe den nós imeachta smachta infheidhme maidir le fostaithe ar promhadh.


Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána
D’fhéadfadh sé a bheith riachtanach d’iarratasóirí rathúla uile páirt a ghlacadh i nGrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána. Tabharfar treoir shainiúil maidir leis an bpróiseas sin ag an am iomchuí. Déanfar iarratasóirí nach gcomhlíonann riachtanais na hInstitiúide maidir leis sin a eisiamh ó bhreithniú don cheapachán seo.

Tuarastal

An scála tuarastail bliantúil reatha: €53,338 - €91,459.


Na hIarratais a Dhéanamh

Is é an t-aon bhealach ar féidir iarratas a chur ná Litir Chumhdaigh agus CV a sheoladh (ní chuirtear aon fhoirm iarratais speisialta ar fáil), trí ríomhphost más féidir chuig careers@mie.ie nó sa phost chuig:
Oifig na nAcmhainní Daonna,
Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa,
Baile Átha Cliath 9.

Ní mór iarratais chomhlánaithe a bheith faighte faoi 5.00 i.n. Dé hAoine 09 Meitheamh 2023. Ní ghlacfar le hiarratais a bheidh mall.
Ní bheidh an Institiúid freagrach as costais ar bith, lena n-áirítear speansais taistil, a bhféadfadh iarrthóirí iad a thabhú i ndáil lena n-iarrthóireacht.

Is fostóir comhdheiseanna í Institiúid Oideachais Marino.
.

APPLICATION REQUIREMENTS

  • Curriculum Vitae

  • Covering Letter
.

Applications may be submitted by

.

APPLY TO THIS JOB VACANCY

Apply To:
Griffith Ave
Dublin 9
Dublin
D09 R232
County:
Dublin
Postal District:
Dublin 9
Enquiries To:

SHARE THIS ADVERT