ADVERT ID 156377
Bainisteoir Scrúduithe agus Measúnaithe – Gaeilge - Coimisiún na Scrúduithe Stáit
.
.
MAIN DETAILS
Status:
Deactivated
Level:
Other Education
Date Posted:
Thu Jul 15 2021 12:18:18
Application Closing Date:
Thu Jul 29 2021
Status of Post:
Permanent
Number of Vacancies:
1
.
POST DETAILS
Title:
Bainisteoir Scrúduithe agus Measúnaithe – Gaeilge - Coimisiún na Scrúduithe Stáit
Description:
Tá Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) freagrach as reáchtáil na Scrúduithe Teastais Stáit. I measc na gcúramaí atá air, tá forbairt, measúnú, creidiúnú agus teastasú scrúduithe, lena n-áirítear scrúduithe na hArdteistiméireachta, na hArdteistiméireachta Feidhmí agus an Teastais Shóisearaigh.
Is í Rannóg na Scrúduithe agus an Mheasúnaithe (EAD) an rannóg ghairmiúil in CSS atá freagrach as dea-cháilíocht agus reáchtáil éifeachtach na scrúduithe uile de chuid an Choimisiúin a chinntiú. San áireamh ansin tá na bearta go léir atá riachtanach a dhéanamh chun cothroime sna caighdeáin i ngach ábhar ó bhliain go bliain a choinneáil, agus cinnte a dhéanamh de go mbíonn riachtanais agus nósanna imeachta an Choimisiúin á gcomhlíonadh. Ní mór a chinntiú freisin go gcuirtear an reachtaíocht ábhartha go léir san áireamh go hiomlán i réimsí amhail comhionannas, reachtaíocht in aghaidh leithcheala, riachtanais speisialta oideachais, etc. Tá an EAD freagrach freisin as taighde agus forbairt san eagraíocht.
Tá folúntas faoi láthair i gCoimisiún na Scrúduithe Stáit do Bhainisteoir Scrúduithe agus Measúnaithe sa Ghaeilge.
Beidh an t-iarrthóir rathúil ag tuairisciú do Cheannasaí Cúnta Rannóg na Scrúduithe agus an Mheasúnaithe agus beidh sé/sí freagrach as scrúduithe agus ábhar eile a bhaineann le scrúduithe a ullmhú chomh maith le bainistíocht a dhéanamh ar mharcáil scrúduithe agus ar an bpróiseas achomharc i dtaca le scrúduithe sannta.
Beidh na cáilíochtaí seo a leanas ag an iarrthóir rathúil:
• Céim leibhéal 8 ar a laghad ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí (céim onóracha grád 1 nó 2 ar a laghad) ina raibh an Ghaeilge mar phríomhábhar sa chéim dheiridh;
• Cáilíocht aitheanta san oideachas múinteoirí a bhaineann leis an oideachas iar bhunscoile (leibhéal 8 ar a laghad ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí) agus a fuarthas go comhreathach nó go comhleanúnach;
• Cúig bliana ar a laghad de thaithí ábhartha iarchéime, agus ní mór go mbeadh trí bliana ar a laghad de thaithí shásúil mar mhúinteoir ag leibhéal na hiar-bhunscoile san áireamh ansin (d'fhéadfadh léachtóireacht, breis staidéir ábhartha agus / nó taighde oideachais a bheith i gceist le taithí ábhartha eile).
Dáta Deiridh: Dé Deardáoin 29 Iúil 2021 ag 3i.n.
Táimid tiomanta do pholasaí comhdheiseanna agus spreagtar iarratais ó iarrthóirí a thagann faoi rim na naoi bhforas de chuid an Achta um Chomhionannas Fostaíochta.
Le tuilleadh eolais agus sonraí maidir le hiarratas a dhéanamh a fháil, téigh go: https://bit.ly/Eduposts_Ad_EAMIrish

APPLICATION REQUIREMENTS
.
Applications may be submitted by
- External Application Form
.
Apply To:
EARCAÍOCHT GHAIRMIÚIL & THEICNIÚIL
TEACH NA CAIBIDLE
26 - 30 SRÁID NA MAINISTREACH UACHTARACH
BAILE ÁTHA CLIATH 1

County:
Westmeath
Enquiries To:
Website:
Further Information:
SHARE THIS ADVERT