ADVERT ID 149822

Deputy Principal

.

Scoil Iognaid

Scoil Iognáid
Boithrin na Sliogan
Galway
Galway
H91E364
.

MAIN DETAILS

Status:
Deactivated
Level:
Primary
Date Posted:
Fri May 7 2021 13:44:39
Application Closing Date:
Fri May 28 2021
Commencement Date:
Thu Jun 17 2021
Status of Post:
Permanent
.
SCHOOL DETAILS
School Type:
Mainstream
School Structure:
Vertical
Gender:
Co-Educational
School Patronage:
Catholic
Classification:
Gaelscoil
Total No. of Teaching Staff:
28
Current Enrolment:
550
Droichead school:
Yes
.

POST DETAILS

Additional Information:
Is scoil lán-ghaelach, Íosánach, comhoideachasúil í Scoil Iognáid. Ní mór d’iarratasóirí a fhaigheann cuireadh chun agallaimh cóipeanna de na torthaí, tagairtí agus teastais chuí a sheoladh chun na scoile roimh an agallamh.
Is í príomhfhreagracht an Phríomhoide Thánaistigh ná cuidiú le bainistíocht na scoile, seasamh le héiteas Gaelach Íosánach na scoile agus tacú le polasaithe na scoile.
Beidh ról lárnach ceannaireachta agus spreagúil ag an bPríomhoide Tánaisteach i Scoil Iognáid i dteannta le tréadchúram daltaí, dualgaisí curaclam, dualgaisí riarachán agus dualgaisí bainistíochta a chomhlíonadh.
Ní mór don Phríomhoide Thánaisteach tuairisciú don Phríomhoide agus don Bhord Bainistíochta nuair is gá. Tabharfaidh an Príomhoide Tánaisteach tuarascáil bhliantúil don Phríomhoide faoin tslí ina gcuireann a c(h)uid oibre le dul chun cinn oideolaíoch agus eagraíochtúil na scoile.
Beidh ar an bPríomhoide Tánaisteach ról an Phríomhoide a chomhlíonadh agus feidhmiú mar Phríomhoide nuair a bhíonn an Príomhoide as láthair.
Ní mór don Phríomhoide Tánaisteach - i gcomhpháirt leis agus faoi stiúir an Phríomhoide - a bheith solúbtha agus rannpháirteach go hiomlán agus é/í ag freastal ar riachtanais laethúla na scoile.
Baineann róil agus freagrachtaí an Phríomhoide Thánaistigh le 4 réimse na ceannaireachta agus na bainistíochta faoi mar atá leagtha amach i gCiorlán 0044/2019 na Roinne Oideachais agus Scileanna: Ceannaireacht ar fhoghlaim agus ar theagasc; An eagraíocht a bhainistiú; Ceannaireacht ar fhorbairt na scoile; Acmhainn na ceannaireachta a fhorbairt.
Seo a leanas na scileanna, eolas agus taithí inmhianaithe atá de dhíth chun riachtanais post an Phríomhoide Thánaistigh a chomhlíonadh:
Gaeilge líofa d’ardchaighdeáin labhartha agus scríofa.
An-chur amach agus tiomántas i leith éitis Íosánach Caitliceach Scoil Iognáid.
Léirthuiscint agus domhaineolas ar Cheannaireacht, Bainistíocht agus Riaracháin na mBunscol.
Eolas cuimsitheach ar phróiseas an FMS agus ar Churaclam na Bunscoile.
Taithí maidir le forbairt agus cur i bhfeidhm polasaithe.
Scileanna cumarsáide agus idirbheartaíochta d’ard chaighdeáin agus taithí chruthaithe maidir le bainistiú agus ceannaireacht a dhéanamh ar fhoirne scoile.
Dúthracht maidir leis an bhForbairt Ghairmiúil Leanúnach agus fianaise ina leith.
Tiomántas don cheannaireacht roinnte agus toilteanach cúraimí a roinnt; inniúlacht cheannaireachta na foirne a fhorbairt; meantóireacht a dhéanamh agus baill foirne a chumasú.
Léirthuiscint ar Chuimsiú agus ar Ilchineálacht.
.

APPLICATION REQUIREMENTS

.

Applications may be submitted by

  • Email
.

APPLY TO THIS JOB VACANCY

Roll Number:
19371Q
Apply To:
Scoil Iognáid
Boithrin na Sliogan
Galway
Galway
H91E364
County:
Galway
091 584491
Further Information:

SHARE THIS ADVERT